Triúr i dteach altranais a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe

Dheimhnigh úinéirí theach altranais Kilminchy Lodge i bPort Laoise go raibh triúr cónaitheoirí a raibh an galar orthu básaithe agus go raibh an ceathrú duine atá buailte aige san ospidéal

Triúr i dteach altranais a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe

Tá triúr i dteach altranais i gcontae Laoise a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis.

Dheimhnigh úinéirí theach altranais Kilminchy Lodge go raibh an ceathrú duine atá buailte ag an ngalar san ospidéal.

Cailleadh beirt den triúr san ospidéal agus cailleadh an duine eile sa teach altranais féin.

Dheimihnigh úinéirí an tí altranais an tseachtain seo caite go raibh toradh deimhneach ar an tástáil don Covid-19 a cuireadh ar 31 duine ann.

Bhain 21 cás den víreas le daoine atá ina gcónaí sa teach altranais agus bhain 10 gcás le daoine atá ag obair ann.

Tá na daoine a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu ag féinleithlisiú ina seomraí, a dúradh i ráiteas ón teach altranais.

I ráiteas a thug siad do RTÉ News inniu ghabh úinéirí Kilminchy Lodge buíochas le foireann Ospidéal Ginearálta Phort Laoise as an gcúram a chuir siad ar na hothair. Ghabh siad buíochas chomh maith le foireann an tí altranais féin as togha na haire a thabhairt do na cónaitheoirí.

Le Grúpa Brindley Kilminchy Lodge, an grúpa céanna ar leo an Brindley Manor sa Chonmhaigh in oirthear Dhún na nGall, mar ar deimhníodh 30 cás den ghalar an tseachtain seo caite.

Deir Grúpa Brindley nár thángthas ar aon chás den ghalar in aon cheann eile de na hocht n-ionad cúraim eile atá acu.

D’fhógair an Roinn Sláinte breis is 1,800 cás eile den ghalar ag an deireadh seachtaine, 1,012 cás Dé Sathairn agus 814 cás inné. Fógraíodh le linn an deireadh seachtaine go raibh cúigear eile básaithe de dheasca an ghalair.

Fógraíodh 1,066 cás nua agus bás amháin eile ó thuaidh den teorainn inné.

2,414 duine atá básaithe de dheasca an ghalair ó thosach na paindéime 1,826 ó dheas den teorainn agus 588 ó thuaidh di.

62,686 cás atá deimhnithe go dtí seo, 42,528 ó dheas agus 20,15 ó thuaidh.

Bhain 77 de chásanna an lae inné le Corcaigh, bhain 64 acu le Gaillimh, 56 cás a bhí i nDún na nGall agus 48 cás a bhí i gcontae na Mí. Bhain 226 cás le Baile Átha Cliath agus sna contaetha eile go léir sa stát a bhí 343 cás eile.

204 othar a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu a bhí sna hospidéil inné agus bhí 30 díobh in aonad dianchúraim.

137 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 19 acusan atá in ICU.

Bhí toradh dearfach ar an tástáil don ghalar a cuireadh ar 5,909 duine sa Tuaisceart le seachtain anuas.

314 in aghaidh gach 100,000 duine ráta seacht lá an ghalair sa Tuaisceart. 946.4 an ráta i nDoire agus an Srath Bán, an ceantar is measa atá buailte in Éirinn.

Fág freagra ar 'Triúr i dteach altranais a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe'