Triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe, 10 gcás nua deimhnithe

2,266 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,720 duine ó dheas den teorainn agus 546 ó thuaidh di

Triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe, 10 gcás nua deimhnithe

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 10 gcás nua den ghalar a deimhníodh. 

D’fhógair an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu gur bhásaigh duine amháin a raibh an coróinvíreas air. Níor deimhníodh aon chás nua.

2,266 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,720 duine ó dheas den teorainn agus 546 ó thuaidh di.

30,262 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,391 cás ó dheas den teorainn agus 4,871 cás ó thuaidh.

Foilsíodh na figiúirí nua tráth a ndúirt an INMO le Coiste Oireachtais an Covid-19 gur in Éirinn is airde a bhí an ráta ionfhabhtaithe ón gcoróinvíreas sa domhan i measc oibrithe sláinte.

Oibrithe sláinte is ea an tríú cuid de na daoine ar deimhníodh Covid-19 a bheith orthu agus chuir an coróinvíreas seachtar oibrithe sláinte den saol.

Dúirt Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (INMO) Phil Ní Sheaghdha gur bhraith altraí “gur mhol agus gur thréig” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Stát iad agus iad ag iarraidh an obair agus cúram leanaí a dhéanamh ag an am céanna.

Dúirt sí “gur chóir go mbeadh mascanna aghaidhe éigeantach ón tús” do gach oibrí sláinte agus gur thit an ráta ionfhabhtaithe go mór nuair a tosaíodh ag caitheamh mascanna.

Léiríonn figiúirí ón INMO gur tuairiscíodh 8,018 cás ionfhabhtaithe i measc oibrithe sláinte suas go dtí deireadh na Bealtaine.

Dúirt Ní Sheaghdha gur “deargscannal” a bhí ann gur in Éirinn ab airde a bhí an ráta ionfhabhtaithe.

Dúirt sí gur ag a gcuid oibre a tholg 88% acu sin atá ag obair sa tseirbhís sláinte an víreas agus go raibh orthu fanacht sa bhaile ón obair ar feadh 14 lá. Tá 4,823 oibrí nó 66% díobh fós amuigh óna gcuid oibre, 1,600 altra agus bean chabhrach ina measc.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón HSE, deimhníodh 41 cás nua den Covid-19 in ospidéil aréir agus bhí 173 othar eile a raibh amhras ann gurbh é a bhí tolgtha acu ach iad fós ag fanacht le torthaí tástála.

16 duine as an 41 othar sin a bhí in aonad dianchúraim agus bhí 16 duine eile ann a raibh amhras gurb é a bhí orthu.

30 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn inniu agus beirt acu atá in aonad dianchúraim.

Dúirt an tAire Sláinte Robert Swann inniu go mbeidh iarrachtaí mhuintir Thuaisceart Éireann i gcoinne an Covid-19 “sa Táin”.

Tá sé deimhnithe ag Príomh-Aire na Breataine go laghdófar an scoitheadh sóisialta 2 mhéadar go dtí ‘1 méadar móide’ ón 4 Iúil i Sasana ar mhaithe le cuidiú le hearnáil an fháilteachais athoscailt.

Fág freagra ar 'Triúr eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe, 10 gcás nua deimhnithe'