Triúr daltaí de chuid Phobalscoil Chorca Dhuibhne cáilithe do chomórtas Eorpach fiontraíochta

Beidh triúr daltaí as Pobalscoil Chorca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí san iomaíocht ar son na hÉireann ag comórtas fiontraíochta

Triúr daltaí de chuid Phobalscoil Chorca Dhuibhne cáilithe do chomórtas Eorpach fiontraíochta

Bhí daltaí as Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh tráthnóna inné agus comórtas náisiúnta d’fhiontraithe óga buaite acu.

Liam Ó hÓgáin, Finn Daibhéis agus Patrick Saunders a roghnaíodh mar bhuaiteoirí ar ‘Chlár na gComhlachtaí’ comórtas fiontraíochta a reáchtálann Údarás na Gaeltachta do dhaltaí idirbhliana.

D’fhorbair an triúr ón scoil sa Daingean ‘Rí na bhFocal’, cluiche boird idirghníomhach Gaeilge do ghasúir agus do dhaoine fásta.

Fágann a mbua go mbeidh Ó hÓgáin, Daibhéis agus Saunders san iomaíocht ar son na hÉireann ag Comórtas Chomhlacht na Bliana Junior Achievement na hEorpa 2020 mí Iúil.

Bhuaigh Coláiste Pobail Acla an Gradam Nuálaíochta inné agus thug daltaí ó Choláiste na Coiribe i nGaillimh leo an Gradam Margaíochta.

‘Farraige Ghlas’ an togra a bhí ag Thomas McNamara, Declan Foley agus Lucy Cafferkey ó Choláiste Pobail Acla. Chuir siad mótar leictreach i scairdscí breosla chun nach ndéanfaidh sé dochar don timpeallacht.

D’fhorbair Miriam Nic an Úcaire, Rachel Ní Earchaí agus Éabha Ní Chonghaile ó Choláiste na Coiribe ‘Photraits’, seirbhís a thugann deis do dhuine portráid lámhdhéanta a fháil de ghrianghraf.

Ocht scoil Ghaeltachta ar fad a ghlac páirt i mbabhta ceannais ‘Clár na gComhlachtaí’ inné agus rinne daltaí ó Choláiste Ghobnait, Inis Oírr; Coláiste na Coiribe, Gaillimh; Gairmscoil Chú Uladh; Gairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór; Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead; Coláiste Pobail Acla; Coláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne a dtograí a chur i láthair.

Is iad Mark de Faoite, Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta, Maoine & Innealtóireachta Údarás na Gaeltachta, agus Bernie Ní Shúilleabháin, Ceannasaí Airgeadais Telegael a bhí i mbun na n-agallamh.

De bharr na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas, is ar an ardán Zoom a reáchtáladh na hagallaimh.

Tá sé mar aidhm ag Clár na gComhlachtaí taithí phraiticiúil sa ghnó a thabhairt do dhaltaí Gaeltactha trí dheis a thabhairt dóibh a ngnó féin a fhorbairt agus a bhainistiú.

Cuireann lucht gnó áitiúil comhairle ar fáil go deonach do na daltaí agus iad ag iarraidh a gcuid tograí a fhorbairt ón mbunsmaoineamh go dtí an margadh.

Fág freagra ar 'Triúr daltaí de chuid Phobalscoil Chorca Dhuibhne cáilithe do chomórtas Eorpach fiontraíochta'