Triúr ban Gaeltachta roghnaithe mar láithreoirí aimsire nua ag TG4

Tá Orla Ní Fhinneadha agus Caitríona Ní Chualáin as Conamara agus Neasa Bheáid as Gaoth Dobhair ar phainéal láithreoirí aimsire nua TG4

Triúr ban Gaeltachta roghnaithe mar láithreoirí aimsire nua ag TG4

Tá triúr láithreoirí aimsire nua ag TG4, beirt bhan as Gaeltacht Chonamara agus bean as Gaeltacht Dhún na nGall.

As an gCloich Mhóir i gConamara Orla Ní Fhinneadha duine den triúr atá roghnaithe ag an stáisiún Gaeilge agus as an Teach Mór Thoir in Indreabhán do Chaitríona Ní Chualáin. 

I nGaoth Dobhair a rugadh agus a tógadh Neasa Bheáid an tríú bean atá ar phainéal láithreoirí aimsire a bheidh ag obair go hócáideach don stáisiún Gaeilge.

Thug lucht an chraoltóra gur chuir “na scórtha” isteach ar áit ar an bpainéal nua.

Bhí an triúr le feiceáil cheana ag léamh na haimsire ar TG4 i gcaitheamh an tsamhraidh.

Mac léinn í Neasa Bheáid i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, mar a bhfuil sí ag déanamh staidéir ar na hEolaíochtaí Sóisialta.  

An rud is fearr faoin aimsir ná “na séasúir”, dar le Neasa Bheáid.

“Tá áilleacht ar leith ag achan séasúr, go mórmhór an geimhreadh.   Agus le haimsir na hÉireann, d’fhéadfá na ceithre shéasúr a bheith agat in aon lá amháin,” a dúirt bean Ghaoth Dobhair. 

Múinteoir i nGaelscoil Uí Fhiaich i Maigh Nuad í Caitríona Ní Chualáin, a deir go raibh suim riamh aici a bheith ina láithreoir aimsire le TG4, agus go bhfuil sí an-sásta an deis a fháil “gléasadh suas” don obair agus fios a bheith aici “cén sórt aimsire a bheidh againn beagáinín níos luaithe ná chuile dhuine eile!”.

Múinteoir bunscoile i Scoil Éinne an Spidéil agus amhránaí agus teagascóir sean-nóis aitheanta as Conamara í Orla Ní Fhinneadha.

Fág freagra ar 'Triúr ban Gaeltachta roghnaithe mar láithreoirí aimsire nua ag TG4'

  • Lillis Ó Laoire

    Ag cur de dhíon is de dheora mar a dúirt Aretha san amhrán!

  • Pól Ó Braoin

    Comhghairdeachas libh a chailíní… ag súil go mór le sibh a fheiceáil le linn shéasúr an fhómhair agus sna míonna amach romhainn…