Teagascóir Scileanna Cliniciúla – Cnáimhseachas

Baineann ról an Teagascóra Chliniciúil i gCnáimhseachas go príomha le tacú le teagasc agus foghlaim na mac léinn cnáimhseachais sa timpeallacht chleachtais.

Teagascóir Scileanna Cliniciúla – Cnáimhseachas

Achoimre ar an bPost Baineann ról an Teagascóra Chliniciúil i gCnáimhseachas go príomha le tacú le teagasc agus foghlaim na mac léinn cnáimhseachais sa timpeallacht chleachtais. Tá gá freisin le teagasc agus scrúdú a dhéanamh ar ghné theoiriciúil na gclár oideachais fochéime (B.Sc. i gCnáimhseachas) agus iarchéime (Ard-Dioplóma) cnáimhseachais.

Cé go gcuirfidh siad go príomha leis an gclár fochéime agus iarchéime, tabharfaidh siad faoi mhaoirseacht agus meantóireacht freisin de réir mar a shannfaidh Ceann na Scoile.

Beidh ar an Teagascóir Cliniciúil do Chnáimhseachas teagasc agus tacaíocht a thabhairt go príomha do mhic léinn ar an Ard-Dioplóma i gCnáimhseachas agus ó am go chéile, do mhic léinn BSc i gCnáimhseachas sa timpeallacht chleachtais agus teagasc agus scrúdú a dhéanamh ar ghné theoiriciúil na gclár oideachais fochéime (B.Sc. i gCnáimhseachas) agus iarchéime (Ard-Dioplóma) cnáimhseachais i suíomhanna seomra ranga agus saotharlanna scileanna cliniciúla. Fostófar Teagascóirí Cliniciúla ar feadh 39.5 uair an chloig sa tseachtain, le 25 lá saoire (móide laethanta saoire an Choláiste). Beidh meán-uaireanta teagaisc 5-6 uair an chloig de theagasc cliniciúil, seomra ranga nó saotharlann scileanna in aghaidh an lae (nó thart air sin) i gceist.

Beidh Teagascóirí Cliniciúla lonnaithe go príomha sna Soláthraithe Seirbhíse Sláinte Máithreachais nasctha: Ospidéal an Choim agus Ospidéal an Rotunda. Ina theannta sin, cuirfear oifigí/spásanna oibre comhroinnte ar fáil dóibh i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag 24 Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath 2. Oibreoidh an duine a cheapfar go dlúth le Ceann na Scoile, Ceann na Disciplíne agus comhaltaí eile den disciplín.

Lorgófar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána i leith daoine a thiocfaidh faoi bhreithniú don phost seo.

Stádas an Phoist: Conradh Sainchuspóra

 

Is é an 16 Deireadh Fómhair ag 12:00pm an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an ról seo.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ANSEO