Ollamh Cúnta leis an Altranas Míchumais Intleachta
18 Meitheamh 2026 ag 12 meán lae
Achoimre ar an bPost:
Táimid ag iarraidh Ollamh Cúnta leis an Altranas Míchumais Intleachta a cheapadh. Is é príomhchuspóir an phoist seo cur le teagasc, taighde agus gníomhaíochtaí riaracháin san Altranas Míchumais Intleachta i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais.
Beidh dea-cháil sheanbhunaithe ag an iarrthóir a n-éireoidh leis i dteagasc agus i dtaighde san Altranas Míchumais Intleachta agus beifear ag súil go gcuirfidh sé le teagasc fochéime agus iarchéime araon sa réimse seo chomh maith le teagasc curaclaim idirdhisciplíneach, maoirseacht agus meantóireacht.
Cuireann an post seo deis spreagúil ar fáil chun cur go gníomhach le forbairtí a bhaineann leis an disciplín i réimsí taighde ábhartha atá mar fhócas straitéiseach agus spéise ag Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ag an tsochaí chomhaimseartha i gcoitinne.
Beifear ag súil go mbeidh doimhneacht eolais ag an iarrthóir a n-éireoidh leis atá ábhartha don ról agus go gcuirfidh sé amach foilseacháin agus go scaipfidh sé eolas go fairsing i réimse an mhíchumais intleachta. Beifear ag súil freisin go meallfaidh sé maoiniú taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Stádas an Phoist: Conair Tionachta
Tuilleadh eolais ANSEO