Ollamh Cúnta le hAnailísíocht Ghnó

Tá Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide ag iarraidh Ollamh Cúnta le hAnailísíocht Ghnó a fhostú chun seachadadh agus forbairt a dhéanamh i réimse na hAnailísíochta Gnó ar fud gníomhaíochtaí ábhartha na taighde, an teagaisc agus na bainistíochta/ceannaireachta.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta le hAnailísíocht Ghnó

Dáta Deiridh: 17 Deireadh Fómhair 2024 ag 12:00

Sheol Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide a straitéis nua Transforming Business for Good: Horizon 2030 le déanaí agus tá sí ag iarraidh acadóirí a earcú chun an misean agus na príomhchuspóirí straitéiseacha gaolmhara a bhaint amach. Dá bhrí sin, de réir mar a leanann an Scoil ag forbairt, tá sí ag iarraidh Ollamh Cúnta le hAnailísíocht Ghnó a fhostú chun seachadadh agus forbairt a dhéanamh i réimse na hAnailísíochta Gnó ar fud gníomhaíochtaí ábhartha na taighde, an teagaisc agus na bainistíochta/ceannaireachta. Beidh eolas leathan go leor ag an Ollamh Cúnta ar staidéar gnó i gcoitinne freisin chun bheith in ann cur le roinnt cúrsaí gnó eile – cúrsaí tosaigh nó meánleibhéil den chuid is mó – lasmuigh de réimse na hAnailísíochta Gnó.

Tá sé i gceist ag Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide acadóir a fhostú i réimse leathan na hAnailísíochta Ghnó a bhfuil tús curtha aige le conair foilseacháin taighde atá i gcomhréir le hacadóir a bhfuil sé mar aidhm aige punann shubstaintiúil d’fhoilseacháin taighde a bheith aige; go háirithe ó thaobh cáilíochta agus ábharthachta don fhíorghnó de. I dtaca leis seo, is iad liostaí rangaithe irisí an Financial Times (FT) agus an Chartered Association of Business Schools na tagarmharcanna do Scoil Ghnó Choláiste na Tríonóide. Tá fáilte ar leith roimh iarratasóirí a bhfuil foilseacháin acu i liosta an FT de na hirisí taighde bainistíochta is fearr. Cé go bhfuilimid ag iarraidh taighdeoir críochnúil a fhostú, teastaíonn uainn freisin go mbeadh an saineolas taighde seo ábhartha agus gur féidir leis breisluach a sholáthar d’fheidhmeannaigh shinsearacha agus d’fhiontraithe agus dóibhsean atá páirteach i mbeartas poiblí chomh maith. Dá bhrí sin, is tréithe luachmhara iad fianaise ar rannpháirtíocht agus tionchar leis an bpobal gnó agus beartais phoiblí (lasmuigh den saol acadúil) lena n-áirítear tuiscint ar na príomhdhúshláin a bhíonn roimh na grúpaí ábhartha chomh maith le cumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leo, ar tréithe iad a theastaíonn uainn chun misean na Scoile a bhaint amach.

Stádas an Phoist: Conradh 5 Bliana ar Théarma Seasta, Conair Tionachta

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ANSEO