Ollamh Cúnta le Bithcheimic

Is iad príomhdhualgais an phoist ná eolaíocht fionnachtana a dhéanamh, maoiniú deontais a fháil do chlár taighde agus oiliúint a chur ar mhic léinn fochéime agus iarchéime.

Teideal an Phoist: Ollamh Cúnta le Bithcheimic

Dáta Deiridh: 28 Deireadh Fómhair 2024 ag 12:00pm

 

Is iad príomhdhualgais an phoist ná eolaíocht fionnachtana a dhéanamh, maoiniú deontais a fháil do chlár taighde agus oiliúint a chur ar mhic léinn fochéime agus iarchéime. Beifear ag súil go gcuirfidh an té a n-éireoidh leis go suntasach le cláir teagaisc fochéime sa Bhithcheimic. Bunóidh sé/sí grúpa taighde neamhspleách chun taighde bunaidh ardleibhéil a dhéanamh i réimse atá comhlántach le spéiseanna taighde na Scoile (féach https://www.tcd.ie/Biochemistry/research).

Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath príomhollscoil na hÉireann, agus cuireann an Scoil Bithcheimice agus Imdhíoneolaíochta go suntasach le cáil na hollscoile mar gheall ar dea-theist aitheanta na Scoile i dteagasc agus taighde de scoth an domhain. D’éirigh le lucht na Scoile maoiniú a fháil ó réimse leathan gníomhaireachtaí deontas náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus tá cultúr rathúil comhoibrithe taighde, fiontraíochta agus teagaisc bunaithe ar thaighde aici. Áirítear i gclár teagaisc na Scoile teagasc fochéime sa Bhithcheimic, Imdhíoneolaíocht, Leigheas Móilíneach, Néareolaíocht, Leigheas, Fiaclóireacht, Cógaisíocht, Sláinte & Galar an Duine agus Teiripe Radaíochta. Reáchtálann an Scoil dhá chúrsa iarchéime MSc. chomh maith le fónamh a dhéanamh do chláir MSc. eile. Tá an Scoil lonnaithe in Institiúid Eolaíochtaí Bithleighis na Tríonóide (www.tcd.ie/biosciences). Tá gradam cré-umha Athena Swan againn faoi láthair agus táimid tiomanta do chomhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a bhaint amach. Mar chuid dár n-obair Athena Swan, cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais ó iarrthóirí ban. Tá ár Scoil sásta riachtanais nó saincheisteanna ar leith a d’fhéadfadh a bheith tábhachtach d’iarratasóirí aonair a phlé.

 

Stádas an Phoist Conair Tionachta

 

Tuilleadh eolais ar fáil ANSEO