Oifigeach Foghlama & Forbartha

Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag féachaint le hOifigeach Foghlama agus Forbartha Eagraíochta a cheapadh le dul isteach i bhfoireann na Foghlama agus na Forbartha Eagraíochta

Teideal an Phoist: Oifigeach Foghlama & Forbartha
Dáta deiridh: 11 Meitheamh 2026 ag 12 meán lae

Achoimre ar an bPost:
Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag féachaint le hOifigeach Foghlama agus Forbartha Eagraíochta a cheapadh le dul isteach i bhfoireann na Foghlama agus na Forbartha Eagraíochta a leathnaíodh le déanaí, grúpa gairmithe foghlama a bhfuil cúlraí éagsúla acu agus a fhreastalaíonn ar bhonn foirne leathan na hollscoile, idir fhoireann ghairmiúil agus acadúil.
Táimid ag lorg duine fuinniúil agus cruthaitheach, atá dírithe ar sheachadadh agus a bhfuil meon feabhsúcháin leanúnaigh aige, agus ar mhaith leis a inniúlacht i réimse na Foghlama agus na Forbartha Eagraíochta a leathnú.

Beidh na scileanna agus an t-eolas ag sealbhóir an phoist chun cláir agus tionscnaimh Foghlama agus Forbartha Eagraíochta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Plean Straitéiseach Choláiste na Tríonóide “Thrive”, lena mhisean agus lena luachanna.
Chun a bheith rathúil sa ról seo beidh na nithe seo a leanas ag teastáil:

• Céim Ollscoile Leibhéal 8 i réimse AD, Síceolaíochta, Cumarsáide, Gnó nó réimse gaolmhar, nó taithí chruthaithe choibhéiseach ar chomhordú rathúil tionscnamh Foghlama agus Forbartha i ról inchomparáide (riachtanach).
• Cáilíocht iarchéime ábhartha agus/nó creidiúnú i gcóitseáil nó éascú (riachtanach).
• Íosmhéid 5 bliana taithí i ról Foghlama agus Forbartha (riachtanach).
• Taithí ar chomhairliúchán le páirtithe leasmhara chun riachtanais agus torthaí inmhianaithe a shainiú go soiléir (riachtanach).

Stádas an Phoist: Buan

Tuilleadh eolais ANSEO