‘Tríd an cocaine a chuireamar aithne ar a chéile agus nuair a tháinig deireadh leis sin ní raibh aon rud i bpáirt againn’

Tharraing comhrá sa stáisiún peitril aird ár gcolúnaí agus meabhraíodh nach mar a síltear a bítear

‘Tríd an cocaine a chuireamar aithne ar a chéile agus nuair a tháinig deireadh leis sin ní raibh aon rud i bpáirt againn’

Tá an saol ag athrú. Is é an garáiste an pub nua. Bíonn caifé deas agus sólaistí ar fáil sa gcuid is mó acu anois. Is ann a théann na tógálaithe ar fad atá tagtha ar ais ó tháinig deireadh leis an gcúlú eacnamaíochta, agus iad ar thóir an ‘rolla bricfeasta’ arís.

Dírithe ar mo chupán caife féin agus ag faire amach ar fhiántas Chuan Bhaile Átha Cliath a bhí mé maidin amháin le gairid. Ní minic a fheictear farraigí cáite sna bólaí seo – ach gaoth láidir anoir aduaidh a bhí ann. Bhí gála láidir ag bagairt.

Comhrá taobh thiar díom – dháiríre, ní raibh mé ag iarraidh a bheith ag éisteacht – a tharraing m’aird. Rud éigin a dúirt an fear faoi chúrsaí Bus Bhaile Átha Cliath leis an gcailín óg a bhí trasna an bhoird uaidh a chuaigh i gcion orm.

Bhí sé ag déanamh iontais go raibh sí in ann bus a fháil an bealach ar fad ó Fhionnghlas go dtí a áit chónaithe féin i nDumhach Thrá. Ach an rud a chuir mo chluasa ar bior amach is amach ná an tagairt don Athair Peter McVerry.

‘He’s getting’ me into a clean house,’ a dúirt an fear. ‘I have to wait four weeks.’

‘Clean house?’ Agus mise ag ceapadh go raibh teach aige i nDumhach Thrá agus an cailín óg ag tabhairt cuairt air.

Ach ansin thagair sé don aimsir – bhí sé te teolaí faoina mhála codlata, dúirt sé, ach amháin nuair a shádh sé a chloigeann aníos nó nuair a bhíodh air dul amach le dul ag an leithreas.

Bhreathnaigh mé trasna an bhóthair. Bhí campa beag éadrom suite idir an trá agus an bóthar mór –  ba léir gur ann a bhí sé ina chónaí. Chas mé timpeall le beannú dóibh agus bhí sé breá sásta labhairt liom.

‘Ó, tá muintir na háite seo an-deas ar fad,’ a dúirt sé. ‘Málaí codlata, pluideanna, éadaí… thugadar an t-uafás rudaí maithe dom. Fiú amháin aréir, nuair a d’fhill mé ar an gcampa, bhí lán bosca Tupperware de stobhach Gaelach fágtha in aice an champa ag duine éigin. Bhí sé deas, te.’

‘I slaughtered it,’ ar seisean.

Ach bhí imní air faoin gceithre seachtainí a bheadh air a chur de, ag fanacht ar áit ón Athair McVerry. Mhínigh sé dom go raibh sé ag stopadh sa gcampa leis féin ar an trá, chun iarracht a dhéanamh fanacht glan ó lucht na ndrugaí. Bhí drugaí gach áit sna tithe lóistín agus sna brúnna.

Bhí cuma an-mhaith air, caithfidh mé a rá. Ní raibh aon chosúlacht air gur thóg sé tada mídhleathach le tamall.

Thug mé cúpla scilling don iníon le plaic the a fháil ón gcuntar. Chuaigh seisean isteach sa seomra folctha lena lámha a ghlanadh. Sin rud nach smaoineofá air – má bhíonn duine ina chónaí i gcampa beag amuigh faoin aer – cá dtógann sé cith? Cá níonn sé a lámha?

Nuair a d’fhill sé agus an cailín fós ag an gcuntar, d’inis sé dom go raibh sé pósta lena máthair ach gur scaradar. ‘We met through cocaine – and when that finished, we had nothing in common.’

Bhí sé an-bhródúil as an gcailín go raibh sí fós ar scoil – bhí sí sé bliana déag d’aois- agus go raibh jab páirt-aimseartha faighte aici i bpub i bhFionnghlas. Bhí sé bródúil freisin as an mac – bhí sé gaibhte isteach san arm agus súil aige dul thar lear.

Nuair a tháinig sí ar ais le ceapaire agus deoch, d’inis sí dó nár mhair an jab ach dhá lá agus nár éirigh léi in agallamh eile a bhí déanta aici.

‘Never mind,’ a dúirt sé agus é ag labhairt mar shaineolaí  sna cúrsaí seo – ‘You’ll be able to put it on your resumé.’ D’fhiafraigh sé di cén chaoi an raibh ag éirí lena deartháir san arm. ‘Oh, he didn’t go in. He decided to stay where he was,’ a dúirt sí. Bhí sé meáite ar a bheith dearfach léi faoi chuile shórt – nach raibh sí ar cuairt air?

D’fhiafraigh sé di faoin saol i bhFionnghlas – an raibh an foréigean le gunnaí ag cur as di féin ná a máthair? ‘Níl,’ ar sise. ‘Ar aon nós, tá mo mháthair imithe go Amsterdam.’

Chuir sin iontas air.

‘Amsterdam? Nach shin áit do na fir amháin? Cén fáth a mbeadh sí ag iarraidh dul go Amsterdam?’ Bhí sé beagáinín oibrithe faoi sin.

Luigh mé isteach ar mo chaife agus ar mo pháipéar. Thosaigh siad ag caint ar chúrsaí eile: cótaí agus uaireadóirí –  bronntanais Nollag b’fhéidir? Ach bhuail sé bleid orm agus mé ag imeacht – ‘Thanks, Yvonne!’

Cérbh í Yvonne? Agus cé a bhí ag ceannach uaireadóir?

Bhí an ghaoth ag ardú agus mé ag filleadh ar mo charr.

Bhí an chosúlacht ar an gcampa beag nach seasfadh sé na ceithre seachtainí.

Fág freagra ar '‘Tríd an cocaine a chuireamar aithne ar a chéile agus nuair a tháinig deireadh leis sin ní raibh aon rud i bpáirt againn’'