Triaileadh Shane Ross taisteal chuile lá ón gCeathrú Rua go Gaillimh…

Tá duais tuillte ag chuile chréatúr atá fanta dílis do Chonamara ainneoin neamhaird agus faillí údaráis na tíre

Triaileadh Shane Ross taisteal chuile lá ón gCeathrú Rua go Gaillimh…

Maithfidh sibh dom má bhainim aimhleas as an deis atá agam anseo le racht feirge a chur díom. Tá mé i mo chónaí ó rugadh mé i ndeisceart Chonamara bíodh sé sna Forbacha thoir nó ar an gCeathrú Rua thiar.

Creidim go bhfuil duais tuillte agam féin agus chuile chréatúr do mo leithéid atá fanta dílis dá gceantar dúchais ainneoin neamhaird agus faillí údaráis na tíre.

Is féidir an t-údar clamhsáin atá agam a mhíniú in aon fhocal amháin – bóthar.

Tarlaíonn sé go gcaithim go leor de mo chuid ama ar an mbóthar go Gaillimh. Aon duine i ndeisceart Chonamara go dteastaíonn aon chineál seirbhíse uathu, caithfidh siad an bóthar craobhach sin a thaisteal go rialta.

Is gearr le Sráid Uí Chonaill é i rith an tsamhraidh ag an méid busanna dhá stór a bhíonn idir Gaillimh agus an Cheathrú Rua. De bharr rath a bheith ar choláistí Gaeilge agus déagóirí na linne seo gan a bheith in ann siúl, cuirtear busanna ar fáil do na scoláirí ón teach lóistín go dtí an choláiste. Scéal thairis gur minic leis bheith ina dhoirteadh ó thús deireadh an tsamhraidh agus go mbíonn bus ag teastáil. Ní scéal thairis nach bhfuil an bóthar feiliúnach beag ná mór don chineál seo tráchta.

Ó cheann ceann na bliana bíonn an bóthar tachta ag daoine ag iarraidh a mbealach a dhéanamh Gaillimh ag obair. Tá an bóthar róchúng agus róshean. Sa samhradh cuireann an líon scoláirí agus turasóirí a bhíonn sa gceantar leis an mbrú sin. Fainic ar chraiceann do chluaise an mbeifeá ag iarraidh dul Gaillimh Dé Domhnaigh tráth theacht na dtuismitheoirí geanúla ar cuairt ar na scoláirí.

Anois ná ceapadh tú go bhfuil mé ag iarraidh scoláirí ná tuismitheoirí ná turasóirí a dhíbirt. Ní shin é mo scéal. Níl uaim ach go mbeadh bóthar ag pobal an cheantair le freastal ar choinní ospidéil, lena gcuid gasúir a thabhairt ag ranganna snámha nó b’fhéidir le dul ag bialann le breithlá a cheiliúradh. Creid nó ná creid más leat cónaí ar an gCeathrú Rua caithfidh tú dul píosa mór den bhealach Gaillimh le teacht ar na seirbhísí sin.

Agus ar deireadh thiar, tá ceist eile anseo. Seo ceann den bheagán ceantar a bhfuil seans aige maireachtáil mar cheantar Gaeltachta ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga phobail. Tá pleananna dá réiteach, scéimeanna dá mbunú agus cé gur maith ann iad uilig ní bheidh aon tóir ag daoine ar an áit murar féidir leo a ngnó a dhéanamh ina gceantar dúchais.

Meas tú nár cheart cuireadh a thabhairt do Shane Ross agus a chomrádaithe seachtain nó dhó a chaitheamh ag taisteal chuile lá ar bhóthar Chois Fharraige go Gaillimh dá gcuid oibre? Meas tú cén fhad go dtuigfidís cantal agus briseadh croí na ndaoine? Agus cén fhad go mbeadh cúpla punt ar fáil le tabhairt faoin obair? Tá scéal an bhóthair i mbéal an phobail arís an tseachtain seo mar gur chinn comhairleoirí Chonamara na pleananna go léir don bhóthar a chaitheamh i dtraipisí.

I ndeireadh na dála níl aon fhorbairt i ndán do Ghaeltacht Chonamara ná don phobal gan rudaí chomh bunúsach le bóthar maith ceart a bheith ar fáil. Tá faitíos orm nach bhfeicfidh mise a leithéid, ach tá súil agam go ndéanfar beart lá éigin dóibh siúd a thiocfaidh inár ndiaidh.

Fág freagra ar 'Triaileadh Shane Ross taisteal chuile lá ón gCeathrú Rua go Gaillimh…'

  • Gléire

    Tá seirbhís phoiblí i bhfad níos fearr ón gCeathrú Rua go Gaillimh ná mar atá ó Ghleann Cuilinn go Sráid Uí Chonaill, gan ach sampla amháin a lua. Féach mapaí Ghúgaill!
    Millte atá fuarchaointeoirí na Ceathrún Rua agus Chonamara a 4!

  • Seán F Ó Drisceoil

    A Ghléire, nach léiríonn d’ainm do shúile ;)