Triail fir as Dún na nGall ar athló toisc aithne ag breitheamh ar fhinné

Bhí fear sna seachtóidí as Dún na nGall le dhul ar a thriail agus cúiseanna maidir le hionsaithe mígheanasacha ar fhir óga curtha ina leith

cúírt

B’éigean triail fir as Dún na nGall a chur ar athló ar maidin i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn mar go raibh aithne ag an mbreitheamh a bhí leis an chás a éisteacht ar dhuine de na daoine a bhí le fianaise a thabhairt sa chás.

Bhí fear sna seachtóidí as Dún na nGall le dhul ar a thriail agus cúiseanna maidir le hionsaithe mígheanasacha ar fhir óga curtha ina leith.

Nuair a bhí an Breitheamh John O’Hagan ag léamh liosta na cúirte ar maidin, dúirt sé go raibh rud éigin tromchúiseach tarlaithe agus go mbeadh gá aige sos deich mbomaite a ghlacadh. Nuair a d’fhill sé ar sheomra na cúirte, dúirt sé go raibh aithne mhaith aige ar dhuine de na finnéithe sa chás seo, agus dá bharr sin, nach mbeadh sé cothrom ar an duine sin, ná ar na páirtithe eile sa chás, dá ndéanfadh sé féin an cás a éisteacht.

Ghabh an Breitheamh leithscéal leis na páirtithe ar fad agus dúirt gur thuig sé an obair a bhí déanta leis an chás a ullmhú, ach go raibh air seasamh siar uaidh anois. Ghabh sé leithscéal fosta le finné a bhí le fianaise a thabhairt ar nasc físe as Meiriceá ar maidin.

Chuir sé an cás siar go dtí an chéad suí eile den Chúirt Chuarda i Leitir Ceanainn agus dúirt go gceapfaí breitheamh eile leis an chás a éisteacht. Beidh an Breitheamh O’Hagan ag cur Uachtarán na Cúirte Cuarda ar an eolas faoinar tharla inniu. Tuigtear gur am éigin i mí Aibreán a bheas an cás le héisteacht arís. Trí lá a bhí an cás le mairstin.