Triail dhian eile ar chosantóirí na Gaillimhe agus iad ag iarraidh seaimpíní na hÉireann a stopadh

Caithfidh Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath más leo babhtaí leathcheannais na sraithe a bhaint amach

Triail dhian eile ar chosantóirí na Gaillimhe agus iad ag iarraidh seaimpíní na hÉireann a stopadh

Paul Conroy (Gaillimh) agus Tom Lahiff (Áth Cliath). Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Gaillimh v Áth Cliath – Tuaim, 3.45pm (Beo ar TG4)

Caithfidh Gaillimh an ceann is fearr a fháil ar sheaimpíní na hÉireann i dTuaim tráthnóna más le foireann Phádraic Joyce babhtaí leathcheannais na sraithe a bhaint amach. Má theipeann orthu sin a dhéanamh, cluichí dícháilithe a bheidh i ndán do na Gaillimhigh.

Údar misnigh a bhí i mbua na Gaillimhe ar Ros Comáin an deireadh seachtaine seo caite. I ndiaidh cliseadh in aghaidh Chiarraí sa chéad bhabhta, d’fheabhsaigh na Gaillimhigh go mór. Thug fear Bhóthar na Trá, Robert Finnerty, taispeántas maith uaidh agus cúig phointe scóráilte aige agus d’éirigh go maith freisin le himreoir an Spidéil, Finnian Ó Laoi, agus é caite isteach i lár na páirce.

Dá mhéad an feabhas a tháinig ar Ghaillimh idir an cluiche in aghaidh Chiarraí agus ceann Ros Comáin, beidh tuilleadh ag teastáil más leo Áth Cliath a chloí.

Ní raibh fir na príomhchathrach i mbarr a maitheasa in aghaidh Chiarraí an deireadh seachtaine seo caite agus beidh aiféala orthu gur éirigh le Ciarraí an comhscór a bhaint ach léirigh Áth Cliath arís i dTrá Lí go bhfuil siad in ann slad a dhéanamh ar fhoireann i bpreabadh na súl.

D’imir Gaillimh réasúnta maith in aghaidh Átha Cliath an t-earrach seo caite ach bhí foireann Dessie Farrell níos aclaí agus is iad na cúil a d’aimsigh Áth Cliath i dtreo dheireadh na himeartha a scar na foirne an lá sin.

Cé go bhfuil obair fós le déanamh ag Áth Cliath roimh thús na craoibhe, níl na cosantóirí ag Gaillimh chun srian a choinneáil ar leithéidí Con O’Callaghan, bhaineann Ciarán Kilkenny agus Cormac Costello gan cúnamh a fháil agus más fear ar fhear an córas a roghnóidh Pádraic Joyce, mar a rinne in aghaidh Chiarraí, beidh Gaillimh i dtrioblóid.

Cathal Cregg (Ros Comáin) agus Paul Murphy (Ciarraí). Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Ros Comáin v Ciarraí – Páirc de hÍde, 3.45pm

Níl tada idir dhá cheann na meá sa chluiche seo agus a n-áit cinntithe cheana féin ag Ciarraí i mbabhtaí leathcheannais na sraithe agus Ros Comáin ag fáil réidh do na babhtaí dícháilithe.

Foireann láidir a roghnaigh Peter Keane sa tsraith go dtí seo ach is maith an seans go dtapóidh sé an deis a bheidh aige inniu súil a chaitheamh orthu siúd atá ag iarraidh áit a bhaint amach i measc an chúigear déag is fearr.

Beidh Stephen O’Brien agus Tony Brosnan ag iarraidh dul i gcion ar Keane i measc na dtosaithe agus beidh a shúil ag Graham O’Sullivan ar ionad sna cosantóirí. Beidh deis ann freisin seans a thabhairt do Shúilleabhánach eile, an cosantóir Tom ón Daingean, atá ag teacht ar ais ó ghortú.

Fág freagra ar 'Triail dhian eile ar chosantóirí na Gaillimhe agus iad ag iarraidh seaimpíní na hÉireann a stopadh'