Trí shaothar Gaeilge ar liosta scannán na bliana – clochmhíle agus curiarracht

Saothair bhreátha Ghaeilge, domhan aduain Dune, fánaíocht Nomadland agus tragóid is fuinniúlacht West Side Story. Caitear súil siar ar chuid de shaothair na bliana…

Trí shaothar Gaeilge ar liosta scannán na bliana – clochmhíle agus curiarracht

Arracht

Saothar téagartha ó Cine4, an chomhghuaillíocht idir TG4, Board Scannán na hÉireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Ba é Arracht a seoladh ar aghaidh mar ainmniúchán na hÉireann do ghradam Oscar i rannóg na dteangacha iasachta in 2020. Tugann an fear Gaeltachta Dónall Ó Héalaí taispeántas den chéad scoth uaidh sa saothar stuifiúil, machnamhach seo. Déantar cíoradh anseo ar eispéireas fear aonair i gConamara i rith an Ghorta Mhóir ar shlí ealaíonta, ach réalaíoch. Tá trí théama cniotáilte le anseo: saol Cholmáin (Ó Héalaí) agus é ar a theitheadh ó choir nár bhain leis, uafás an Ghorta Mhóir agus an bhaint a bhí ag córas na dtiarnaí talún leis sin. Oireann tírdhreach sceirdiúil Chonamara do ghruamacht an scéil agus tá glór na gaoithe is na farraige inár gcluasa ó thús deireadh nach mór.

Foscadh

Saothar stuifiúil eile ó Cine4 agus taispeántas inniúil eile ó Dhónall Ó Héalaí. Cosúil le Arracht roimhe seoladh saothar Sheán Breathnach ar aghaidh d’ainmniúchán Oscar. Díríonn an scannán seo ar John Cunliffe (Ó Héalaí) a bhfuil saol scoite, cluthair aige faoi chúram a thuismitheoirí róchosantacha ar fheirm iargúlta i dtuaisceart Chonamara. Nuair atá a thuismitheoirí imithe ar shlí na fírinne tá air tabhairt faoin saol mór idir mhaith agus olc. Lucht gnó is eile ag faoileáil timpeall óir go bhfuil luach leis an talamh atá fágtha le huacht aige. Tá moladh mór ag dul don scríbhneoir/stiúrthóir Seán Breathnach as saothar chomh teanntásach, pointeáilte a thabhairt ar an bport, go mórmhór agus é seo an chéad gheábh ar fhadscannán aige.

The Queen v Patrick O’Donnell

Trí shaothar Gaolainne ar liosta mar seo, clochmhíle agus curiarracht de shaghas éigin. Is iad Seán Ó Cuirreáin agus an comhlacht léirithe ROSG, an mheitheal a sholáthraigh Murdair Mhám Trasna dúinn, a thug an fadscannán faisnéise seo ar an bport. Sa saothar seo insítear scéal fear Gaeltachta a ghlac páirt i gceann de na comhchealga dúnmharaithe is mó trácht i stair na hÉireann.

D’fhéadfaí an fadscannán seo, atá tuairim is uair an chloig go leith ar fhad, a roinnt i dtrí chuid éagsúil dar liom. Ar dtús bhí an léargas ar an mbuíon The Invnicibles, comhthéacs polaitiúil na linne mar aon le cuntas ar fheallmharú Phríomh-Rúnaí na hÉireann Fredrick Cavendish agus an státseirbhíseach ba shinsearaí ar an oileán, Henry Burke. Ansin bhí na heachtraí ar bháid na hAfraice Theas áit ar maíodh gur mharaigh Patrick O’Donnell ó Thír Chonaill Carey. Ar deireadh bhí an cás cúirte againn. Taighde cuimsitheach agus léiriú snasta, le míreanna athchruthaithe slachtmhara.

Nomadland

Tugann an scannán ar leith seo, atá bunaithe ar an leabhar Nomadland: Surviving America in the Twenty-First Century le Jessica Bruder léargas ar shaol agus ar mheon na bhfánaithe bóthair i Meiriceá. Dream iad seo a bhfuil cúl tugtha acu don ghnáthshaol; a gcip is a meanaithe bailithe isteach i ngluaisteán de shaghas éigin acu is iad ag fánaíocht ó áit go háit ag tuilleamh a gcrústa pé slí gur féidir leo. Iarracht atá ann éalú ó ghriothal an tsaoil agus ualach an ábharachais is saol níos réchúisí, níos simplí a chaitheamh.  Pobal dlúth a thugann lámh chúnta dá chéile. Seachas slán a rá “See you down the road,” a deirtear. Níl aon oidhre ar an saothar ar uairibh ach clár faisnéise ar an láthair mar  déantar scéal an phríomhcharachtair a chniotáil le scéalta fíordhaoine. Ghnóthaigh a taispeántas anseo duais Oscar do Frances McDormand agus bronnadh an Oscar don scannán is fearr agus don stiúrthóir is fearr ar an saothar chomh maith.

The Power of The Dog

Ceardaí ar leith í Jane Campion, scéalaí agus stiúrthóir atá go hiomlán teann aisti féin agus an scéal/fís atá sí ag iarraidh a chur os ár gcomhair. Ghnóthaigh sé trí dhuais Oscar do The Piano (1993) tarrac ar fhiche bliain ó shin. Seo chugainn í le saothar machnamhach, atmaisféarach eile. Tá an scannán seo lonnaithe in iargúil Montana na bliana 1925. Cuirtear an rainseoir Phil (Benedict Cumberbatch) os ár gcomhair mar dhuine atá mailíseach, gránna ach cumasach. Cuirtear eachtraí suaite sa tsiúl nuair a phósann a dheartháir George (Jesse Plemons) bean áitiúil, Rose (Kirsten Dunst) agus go mbogann sí is a mac Peter (Kodi Smit-McPhee) isteach i dtigh mór na ndeartháireacha. Teannas is brón, foréigean agus grá. Taispeántas den chéad scoth ó Cumberbatch agus sé rogha na coitiantachta ag an bpointe seo do dhuais Oscar in 2022.

Dune

Scannán mór-eachtraíochta le téagar agus aicsean. An draoi Denis Villeneuve ag cur mórshaothar Frank Herbert ina steillbheatha os ár gcomhair. Tá an saothar lán le miotas, atmaisféar, aicsean, uisce fé thalamh, carachtair shuimiúla agus aisteoireacht bhreá. Tá cúrsaí lonnaithe sa bhliain 10191 i sochaí fheodach idir-réaltach ina bhfuil teaghlaigh uaisle i gceannas ar phláinéid dhifriúla ach fé cheannas an Impire.  Is de bhunadh theaghlach uasal Atreides é an laoch óg Paul Atreides (Timothée Chalamet). Cuirtear abhaile air, agus orainne, ón tús go bhfuil buanna faoi leith aige agus gaiscí sa chinniúint aige. Seoltar muintir Atreides chuig an domhan gaineamhlaigh Dune le ceannas a ghlacadh ar bhailiú ‘An Spíosra’. Smúit neamhchoitianta dhraíochtúil é seo a úsáidtear don spástaisteal agus a chuireann fad ar an saol, dar le bundúchasaigh an phláinéid, na Fremen. Ba iad teaghlach Harkonnen a bhí i bhfeighil ar Atreides ar feadh na mblianta agus ní nach ionadh tá an ghoimh orthu go bhfuilid curtha de dhroim seoil. Naimhdeas, camastaíl pholaitiúil, ollphéisteanna gainimh is aicsean spleodrach as sin go deireadh. Éiríonn le Villeneuve domhain coimhthíoch, aduain a chruthú dúinn agus sinn a shlogadh isteach ann.

West Side Story

Léamh scáileáin nua ar mhórshaothar Leonard Bernstein, Stephen Sondheim agus Arthur Laurents. Léiríodh an ceoldráma ar stáitse den chéad uair i 1957 agus is mó  athbheochan déanta air ó shin. Bhí an-éileamh ar an scannán a seoladh i 1962 chomh maith agus chroch sé leis deich nduais Oscar. Bhí a sháith le déanamh ag aon duine a thabharfadh faoi leagan nua, mar sin, ach má tá éinne in ann aige sé Steven Spielberg é. Tugtar ar ais sinn go Nua-Eabhrac na gcaogaidí agus na Sharks is na Jets i bpíobáin a chéile. Ceol agus amhráin a chuirfidh na ladhracha ag damhsa, míreanna damhsa dea-chóirithe agus an seanscéal grá tragóideach a thugann siar go ré eile sinn.

Fág freagra ar 'Trí shaothar Gaeilge ar liosta scannán na bliana – clochmhíle agus curiarracht'