Beidh Gaeltacht Chorca Dhuibhne le feiceáil i sraith ‘mhór uaillmhianach’ teilifíse faoi stair na hÉireann, ina mbeidh an t-aisteoir clúiteach Colin Farrell páirteach. Ríomhfar sa tsraith faisnéise seo stair na nÉireannach ón gClochaois anall.
Bhí an fhoireann scannánaíochta, an scríbhneoir agus léiritheoir Bríona Nic Dhiarmada ina measc, i gCorca Dhuibhne le déanaí agus iad ag taifeadadh míreanna don chlár leis an Ollamh David Stifter ó Ollscoil Mhá Nuad.
Is saineolaí ar an tSean-Ghaeilge é an tOllamh Stifter a bhí ag roinnt a chuid eolais ar na galláin oghaim atá fairsing i gCorca Dhuibhne agus faoi na Gaeil a chuir in airde iad idir ón 5ú go dtí an 10ú haois. Luafar freisin sa tsraith an t-ár a rinneadh ag Dún an Óir in Ard na Caithne míle bliain i ndiaidh ré na ngallán oghaim.
Is é Colin Farrell a bheidh ina scéalaí sa tsraith ceithre chlár atá le craoladh ar RTÉ go luath. Is í an mheitheal chéanna a chuir 1916: The Irish Rebellion, a raibh Liam Neeson mar scéalaí ann, atá i mbun na sraithe nua seo.
Dúirt Bríona Nic Dhiarmada go bhfuil an scannánaíocht “nach mór críochnaithe” anois agus iad i mbun eagarthóireachta ar an gclár, atá le craoladh am éigin i ngeimhreadh na bliana seo nó earrach na bliana seo chugainn.
“Ní fhéadfaimis stair na Gaeilge ar fad a chuir sa tsraith nua seo, mar d’fhéadfaí sraith iomlán eile a dhéanamh faoin stair sin, ach tá an Ghaeilge fite fuaite i stair na hÉireann agus na nÉireannach agus mar sin beidh sí á plé sa tsraith nua.
“Bhíomar trí seachtaine sa Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne agus táimid tar éis a bheith timpeall an domhain ar fad i ndáiríre. Is togra mór uaillmhianach é, tosaíodh air trí bliana ó shin ach tá sé nach mór críochnaithe anois,” a dúirt Nic Dhiarmada le Tuairisc.
Díreoidh na ceithre chlár ar thréimhsí éagsúla i stair na hÉireann, ag tosú leis na chéad lonnaitheoirí ar an oileán a tháinig go hÉirinn 5000 bliain ó shin nó níos faide siar fós. Deir Bríona go nochtfar teoiricí nua faoi stair an chine dhaonna ann, agus fianaise á fiosrú ann gur lonnaigh daoine anseo níos luaithe ná mar a ceapadh cheana.
“Bhíomar i bpluais i gCorcaigh le saineolaí atá den tuairim go n-aimseofar fianaise ann go raibh daoine daonna ina gcónaí i gCorcaigh i bhfad níos luaithe ná mar a deirtear anois.
Chaitheamar tamall i Reachlainn amach ó chósta Aontroma chomh maith, ag fiosrú na ndaoine a chuir fúthu ar an oileán sin nuair a tháinig daoine go hÉirinn ar dtús, agus tá samhail déanta againn d’fhear a chónaigh ansin 2,500 bliain ó shin. Tá sé an-spéisiúil ar fad.”
Tabharfar an lucht féachana ar fud an domhain le linn na sraithe agus léargas á thabhairt inti ar stair na nÉireannach in Éirinn agus stair na ndaoine a d’imigh thar sáile ó aimsir na manach, a bhunaigh mainistreacha ar fud na hEorpa, go deoraithe an lae inniu atá ag cur fúthu chomh fada i gcéin leis an Astráil, an Nua-Shéalainn agus Meiriceá.
“Cuirtear ceisteanna an-tráthúil sa tsraith i bhfianaise an taisteal atá déanta ag muintir na hÉireann ar fud an domhain leis na mílte bliain anuas agus an taisteal atá déanta ag daoine eile chun na hÉireann san am céanna.
“Sa lá atá inniu ann tá cónaí ar 17% de na daoine a rugadh in Éirinn thar lear, agus rugadh 20% de dhaonra na hÉireann i dtír eile – fágann sé sin ceisteanna le freagairt faoi céard is brí le hÉireannach sa lá atá inniu ann.
Críochnóidh an tsraith agus sinn ag cíoradh na gceisteanna sin. Tá an freagra ag síorathrú agus tá tionchar na nÉireannach le braistint ar fud an domhain,” a dúirt Nic Dhiarmada.
Fág freagra ar 'Trí seachtaine caite i gCorca Dhuibhne do shraith nua le Colin Farrell'