Trí scór bliain dár gcionn, cloisim i gcónaí fuaim an tslua ag teacht ar an aer as an gcoimhlint a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh

D’fhreastail ár gcolúnaí ar chluiche leathcheannais idir Gaillimh agus Áth Cliath i 1958, a chéad uair i bPáirc an Chrócaigh, agus d’fhág an choimhlint idir Ciarraí agus Doire seachtain ina dhiaidh sin ina staic é

Trí scór bliain dár gcionn, cloisim i gcónaí fuaim an tslua ag teacht ar an aer as an gcoimhlint a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh

Babhta Leathcheannais i gCraobh Shinsearach Peile na hÉireann a thug go Páirc an Chrócaigh an chéad lá riamh mé – 8 mbliana d’aois, i ngreim láimhe ag m’athair, trócaire air. 

Bhí seisean chomh tóiriúil céanna ar an bpeil agus a bhí mise agus rinne freastal ar chluichí chomh minic agus ab fhéidir leis. Ag an am sin ar ndóigh ní raibh siad chomh líonmhar agus atá anois. Ní raibh deiseanna taistil chomh fairsing agus atá siad inniu ach an oiread. Dá mbeadh féin ós rud é go raibh cúigear muiríne le tógáil sa mbaile, is ar éigean a bhí an deis aige a dhul in éadan na radaireachta a rinne a mhac blianta dár gcionn.

Tráthúil go leor is iad na contaetha céanna a bheas san iomaíocht i mbabhtaí leathcheannais na bliana seo agus a bhí an bhliain sin, ach go mba in aghaidh Átha Cliath a bhí Gaillimh agus Ciarraí in aghaidh Dhoire i gCraobh 1958.

Má cheapann tú go bhfuil fuadar fúthu siúd i mbliana, samhlaigh mar a bhíodar an bhliain sin agus Corn an Anglo Celt ina seilbh den chéad uair riamh, ainneoin craobh an chúige a bheith ar bun le beagnach trí scór bliain.

Ní raibh Teilifís RTÉ ar an bhfód fós an uair sin agus ba é glór Mhichíl Uí Eithir a thug a gcuid éachtaí sa gcomórtas sin chomh fada linn. Bhí an-ómós aige do mhaorgacht a gcaptaein, Jim McKeever i lár na páirce, do mheabhair pheile Phil Stuart sna tosaithe agus do ghrástúlacht Sheáin Uí Chonaill ar imeall na cearnóige.

Roddy Gribbin a bhí ina bhainisteoir ar an bhfoireann agus ar an bpáirc bhí triúr dearthár dá chuid – Mick, Owen agus Hugh Francis, an té ar a raibh an t-ainm ab ansa liom. Bhí miotal ina chnámha, mar ba dhual do lánchúlaithe na linne.

Ba chomharsanaí béal dorais na Gribbins agus an file Séamus Heaney. Bhí siad ar fad ar an gclár Up for the Match an oíche sular bhuaigh Doire Corn Mhig Uidhir den chéad uair riamh i 1993. “The Gribbins were great neighbours before they were great footballers.” a dúirt an file an oíche sin.

Ba é an cluiche leathcheannais idir Gaillimh agus Áth Cliath i 1958 an buille scoir nach mór don fhoireann a bhuaigh Craobh na hÉireann d’fhir an Iarthair dhá bhliain roimhe sin.

Chaith Tom ‘Pook’ Dillon na bróga ar an áiléar ag deireadh na bliana sin – ina chnámha siúd a bhí miotal na Gaillimhe. Cé gur lean Seán Purcell agus Frank Stockwell orthu ar feadh cúpla séasúr eile agus gur shroicheadar Cluiche Ceannais na hÉireann an bhliain dár gcionn, bí a seal tugtha i ndáiríre.

Céard a tharlódh i ’58 dá mba ar an taobh eile de na postaí a bhuail Ollie Freaney an saorchic a thug bua cúilín ar Ghaillimh do na Jeaicíní (2-7,1-9) agus an t-am caite an lá ar shiúil mise síos Bóthar Mhic Sheoin den chéad uair? Ag Dia atá a fhios, ach bí cinnte gur shil an t-ógánach seo deoir nó dhó.

Bhí mé fós sa bpríomhchathair an Domhnach dár gcionn nuair a imríodh an cluiche idir Doire agus Ciarraí. Faraor ní i bPáirc an Chrócaigh a bhí mé ach i gcúlghairdín i dteach le m’aintín ag spraoi le mo chol ceathracha. 

Ba chruinne a rá go mba iadsan a bhí i mbun an tsúgartha, mar os cionn trí scór bliain dár gcionn cloisim i gcónaí fuaim an tslua ag teacht ar an aer as an gcoimhlint a bhí ar siúl ar pháirc a bhí i bhfoisceacht 2km dúinn.

D’fhág an fhuaim i mo staic mé, faoi gheasa i lár an ghairdín.

Bhí an crónán le cloisteáil de shíor, ag ardú agus ag ísliú ar a sheal. Ansin ag méadú as cuimse anois agus arís. Faraor níorbh fhéidir a dhéanamh amach a mba iad na Tuaisceartaigh nó na Deisceartaigh a bhí i mbun liúraíola

Níos measa ná sin ní raibh suim soipe ag fear an tí in imeachtaí spóirt. Seilbh aige siúd ar an raidió a bhí sa teach agus é ag éisteacht le ceol clasaiceach – sínte siar ar a shuaimhneas agus a dhá shúil dúnta aige. 

Tá a fhios agam anois go mba iad muintir Dhoire a lig an liú deireanach a chuala mé. Bhí an bua tugtha leo de chúilín acu (2-6, 2-5). Tadhgie Lyne a scóráil an dá chúl do Chiarraí, McKeever agus O’Connell a d’aimsigh cinn Dhoire.

Scaití agus mé ag triall ar Pháirc an Chrócaigh cuimhním ar na laethanta sin agus go háirid orthu siúd atá imithe uainn. 

Suaimhneas síoraí orthu.

Fág freagra ar 'Trí scór bliain dár gcionn, cloisim i gcónaí fuaim an tslua ag teacht ar an aer as an gcoimhlint a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh'

  • Seán Mag Leannáin

    An-phíosa scríbhneoireachta. Chuir sé i gcuimhne dom na chéad chuairteanna a thug mé féin ar Pháirc an Chrócaigh le m’athair agus muid ag tacú le peileadóirí na Gaillimhe ina ré órga sna seascaidí. Go ndéana Dia trócaire ar anamacha na marbh.