Trí scéal a léiríonn trí chúis go dteastaíonn rialtas éifeachtach gan mhoill uainn…

Tá clár oibre an rialtais nua, más féidir ceann a bhunú, ag dul i bhfad in aghaidh an lae…

12/04/2016. General Election 2016 - Goverment Formation. Pictured (1ST FROM R) Leader of Fianna Fail Michael Martin TD pictured arriving at Leinster House this morning in Dublin with his advisors. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá bunú rialtais á phlé i gcónaí.

Má bhíonn rath ar an bplé idir Fine Gael agus Fianna Fáil, agus idir na príomhpháirtithe agus na neamhspleáigh ina dhiaidh sin, féadfar a théagar a mheá ar ball.

Idir an dá linn, tá clár oibre an rialtais nua, más féidir rialtas a bhunú, ag fadú in aghaidh an lae, mar is léir ó na scéalta seo a leanas.

Máthair

Casadh máthair óg agus a leanbh nua-shaolaithe ar scríbhneoir an cholúin seo Dé hAoine. Bhí an bheirt folláin. Fuinneamh na hóige follasach i síor-chorraíl an naíonáin. Gnúis na máthar ar lasadh le bród agus le háthas.

Bhí an bhean óg thar a bheith sásta leis an bhfoireann dhíograiseach a thug aire di agus a hiníon á saolú di san ospidéal. Ach ba léir di freisin an tslí inar chuir easpa foirne, easpa spáis, agus easpa fearais uaireanta isteach ar shaothar na mban cabhrach agus na n-altraí.

An rud is mó a chuir díomá uirthi? Dúirt gach altra óg a casadh uirthi san aonad inar saolaíodh a páiste léi go rachaidís thar lear a luaithe a chríochnódh a dtréimhse oiliúna.

Ní mar gheall ar phá, a dúirt siad léi, ach toisc go mb’fhearr leo a bheith ag obair i dtíortha ina gcuirfí na háiseanna cuí ar fáil do mháithreacha. Sa Bhreatain, mar shampla, nó san Astráil, nó in Dubai.

Troid Mharfach

Chuir bás Joao Carvalho ón bPortaingéil le linn troda sa Staid Náisiúnta ar an 9 Aibreán alltacht ar mhórán, go háirithe nuair a tugadh le fios nach bhfuil Ealaíona Measctha Troda (MMA) á rialú ag an gComhairle Náisiúnta Spóirt.

Is léir do gach duine réasúnta go bhfuil géarghá le rialáil níos láidre chun an dainséar, ar dlúthchuid í den chineál comhraic seo, a laghdú. Is é sin má ghlactar leis nach féidir/cóir cosc a chur ar throdaíocht chontúirteach.

Dúirt an Feisire Eorpach Brian Hayes Dé hAoine: “There has to be rules in place, and we need to see them in place sooner rather than later.”

Níl sé cinnte fós gur féidir leis an gComhairle Spóirt tabhairt faoin obair seo, ach tá freagracht dhíreach nó indíreach ar an rialtas a dheimhniú nach gcuirtear beatha i mbaol gan chúis.

Brexit, nó Breatimeacht

Thosaigh tréimhse oifigiúil fheachtas reifrinn na Breataine ar aistharraingt ón AE Dé hAoine. Vótálfar i gceann naoi seachtaine, ar 23 Meitheamh.

Ní tearc na fáthanna gur gá do rialtas Éireannach tabhairt gan mhoill faoi phleanáil na mbeartas go léir a bheidh riachtanach abhus má vótálann an Ríocht Aontaithe i bhfabhar imeachta.

Bheadh cur chuige nua rialtais ag teastáil maidir le Tuaisceart Éireann, mar shampla. Nó maidir le cearta taistil idir an tír seo agus an Ríocht Aontaithe, chomh maith le cead cónaithe. An obair is práinní i gcás aistarraingthe? Clár fada oibre a leagan amach chun comhréitigh nua trádála a dhréachtú.

Fearacht gach faidhbe eile atá soiléir cheana féin nó atá ag bagairt don am atá le teacht, níl seans ar bith ann go mbeifear ábalta na fadhbanna thuas a réiteach go dtí go gcuirfear rialtas nua éifeachtach ar bun.

Céard a theastaíonn?

Ní gá ach dhá fhocal a chur leis an gcéad óráid bhreá a thug an Teachta Dála nua na nGlasach Catherine Martin sa Dáil Déardaoin, nuair a dúirt sí:

“Is féidir linn fís nua a léiriú do mhuintir na tíre má táimid sásta comhoibriú le chéile agus bealach ceannródaíoch a thógáil don todhchaí. Seo í uair na cinniúna. Seo í an uair don chrógacht agus don cheannaireacht.”

An dá fhocal: gan mhoill.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Trí scéal a léiríonn trí chúis go dteastaíonn rialtas éifeachtach gan mhoill uainn…'

  • Fearn

    Rialtas éifeachtach cinnte, ach ní raibh a leithéid ag Éirinn le fada an lá.

    Seo seans le taispeáint do na poiliteoirí go bhfuil an tír ina phraiseach chomh mór gan “rialtas” agus atá sí le rialtas. Sé sin le rá, is fada bhíos é ó éifeacht.

    Tabhair aga eile dófa, agus bíodh an dara toghcháin againn mar a mbíonn an dara reifreann againn nuair nach dtéann sé taobh ár “máistrí”, ach ba chóir ár n-oibrithe a thabhait orthu.

    Ó, agus rud eile, ní bheadh cead ag poiliteoirí a loic orthu dul i gceann oibre cur isteach ar a bpost an dara uair.

  • padraig

    Leanann an córas caipitleach ar aghaidh beag beann ar na liairní sin de pholaiteoirí ó lá go lá, sinne i gcónaí faoi urlámhas na mbanc agus na gcreach-chistí sin atá a d’iarraidh sinn a chur de dhroim an tí amach ar an mbóthar…an ndéanfaidh na polaiteoirí céanna a reic agus a reiceáil sinne muintir na hÉireann faic na frí’ mar gheall ar na súmairí fola sin? Níl aon oidhre orthu ach cait a scaoilfí isteach i bparlús an bhainne agus gach aon smeach acu lena bhfuil de tholmas rompu. Ba cheart don Eoraip ‘technocrat’ a sheoladh anall chugainn, dhéanfadh sé/sí job i bhfad níos fearr agus bata is bother a thabhairt do na fuirseoirí seo.

    • Fearn

      ” Ba cheart don Eoraip ‘technocrat’ a sheoladh anall chugainn, dhéanfadh sé/sí job i bhfad níos fearr agus bata is bother a thabhairt do na fuirseoirí seo.”

      Monuar ach gurb é seo síorphort na nÉireannach: Dhíol ár gclann sinn. Tiocfaidh “Mac an Cheannaí” dár sábháil.

      Sinn fhéin a chuireas caoi ar ár dtigh fhéin ach tabhairt faoi go stuama