‘Trí rogha’ os comhair an Rialtais maidir leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE – McHugh

Dar le McHugh go bhféadfaí cúrsaí a fhágáil mar atá, cur le líon na seirbhísí i nGaeilge ón AE nó deireadh a chur leis an maolú.

28/2/2012 European Union Flags

Tá ‘trí rogha’ os comhair an Rialtais maidir leis an maolú ar an nGaeilge mar theanga oibre san Aontas Eorpach, dar leis an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh. Ag labhairt dó faoin maolú sa Dáil inné, dúirt an tAire McHugh go bhféadfaí cúrsaí a fhágáil mar atá, cur le líon na seirbhísí i nGaeilge ón AE nó nó deireadh a chur leis an maolú.

“There is potentional here to grow the lanuage and to ensure that we have a mature and credilbe approach to the right road. The options available are to extend, amend or keep the present scenario,” a dúirt an tAire McHugh leis an Teachta DálaTerence Flanagan ó Rénua a bhí á cheistiú faoin maolú.

Dúirt Flanagan nach raibh aon mhaith in aitheantas oifigúil don Ghaeilge mar theanga oibre mura gcuirtear an stádas sin i bhfeidhm go praiticiúil. D’iarr sé ar an Aire “dóchas éigin” a thabhairt do dhaoine a rinne cúrsaí aistriúcháin agus iad ag súil le deiseanna oibre in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Thug an tAire McHugh le fios don Teachta Flanagan go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Roinn an Taoisigh i mbun cainteanna leis na institiúidí an AE faoin scéal agus go ndearnadh infheistíocht de €12m in oiliúint aistritheoirí idir na blianta 2003 agus 2006. Dúirt an tAire go raibh gá anois le tuilleadh infheistíochta agus go mbeadh scéala faoin infheistíocht sin go luath.

Dúirt sé go dteastódh “an-scil” ó dhuine i dtaca leis an ateangaireacht, an aistriúchán agus an aistriúchán dlí. Dúirt sé go n-aithníonn an Rialtas an deis a bhaineann le stádas na Gaeilge san AE agus nach deis í a bhaineann le postanna amháin ach le stádas agus staid na teanga.

Níl aon chinneadh déanta fós faoin maolú agus níor thug an tAire McHugh aon leid faoi cén uair a bheidh an cinneadh sin déanta.

Mar a tuairiscíodh anseo an tseachtain seo caite thug an tAire McHugh leid láidir nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas iarratas a dhéanamh deireadh iomlán a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, ach go bhféadfadh go n-iarrfar go gcuirfí leis an líon seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge.

Ceadaíonn an maolú don Aontas Eorpach gan na seirbhísí céanna a chur ar fáil i nGaeilge is a chuirtear ar fáil i dteangacha oifigiúla eile an Aontais. Tugadh isteach nach mór deich mbliana ó shin é mar gur measadh nach raibh dóthain daoine cáilithe chun na seirbhísí breise éagsúla a chur ar fáil i nGaeilge.

I mí Feabhra na bliana seo, dúirt an duine is mó atá luaite leis an bhfeachtas chun deireadh a chur leis an maolú, an Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin, gurbh eol dó go raibh “cinneadh i bprionsabal déanta ag an Rialtas gan deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge”.

Thug an tAire Stáit le fios go bhfuil go dtí deireadh na bliana seo ag an Rialtas le cinneadh a dhéanamh faoin maolú a dtiocfaidh deireadh leis ar an 31 Nollaig 2016.

Sa chás nach ndéanfadh an Rialtas iarratas – a nglacfaí leis – maidir le deireadh a chur leis an maolú, dhéanfaí é a athnuachan ar an 1 Eanáir 2017.

Fág freagra ar '‘Trí rogha’ os comhair an Rialtais maidir leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE – McHugh'