Trí reifreann geallta, uair éigin, agus ceann eile á mheá 

Tá na prionsabail ar ar bhunaigh rialtais na hÉireann a gcur chuige thar lear á dtreascairt ag an Rúis ó thosaigh an t-ionradh ar an Úcráin

Trí reifreann geallta, uair éigin, agus ceann eile á mheá 

Tá an cúrsaí idirnáisiúnta athraithe ó bhonn ag Vladimir Putin, ar dhóigh nach féidir neamhshuim a dhéanamh dó in Éirinn.

Is dlúthchuid de pholasaí idirnáisiúnta an stáit modhanna síochánta agus dlíthiúla a mholadh chun aighnis idirnáisiúnta a réiteach. Léiríonn saothar ár saighdiúirí ar son na Náisiún Aontaithe agus rannpháirtíocht ár dtaidhleoirí i gcruinnithe na heagraíochta an dearcadh leanúnach seo go praiticiúil.

Tá na prionsabail ar ar bhunaigh rialtais na hÉireann a gcur chuige thar lear á dtreascairt ag an Rúis ó thosaigh an t-ionradh ar an Úcráin. Ní raibh tíortha eile gan locht roimhe seo, ach athraíonn an chóngaracht tionchar gach dainséir.

Rinneadh talamh slán de ar fud na hEorpa go dtí an 24 Feabhra nach spreagfadh aighnis an réigiúin mórdhoirteadh fola arís. Faraor, is léir do chách anois go bhfuil deireadh le ré na síochána ar an mór-roinn.

Tá díospóireacht ar thionchar na ré nua seo ar Éirinn molta ag an Taoiseach, ag an Tánaiste agus ag airí rialtais eile, agus sin cáinte ag Sinn Féin agus ag páirtithe eile. Níl rannpháirtíocht i NATO ná in arm Eorpach molta ag Micheál Martin ná ag polaiteoir sinsearach ar bith. Tá cealú nó sárú neodrachta curtha ina leith, ach ní mhúchfaidh aon mhaíomh na mórcheisteanna atá á bplé go tréan ar fud na hEorpa.

Ní réiteoidh an focal ‘neodracht’ ná síorchaint shimplí ar tábhacht na neodrachta na buncheisteanna a bhaineann le feidhmiú agus le cosaint an phrionsabail sa ré dhainséarach nua atá buailte linn.

Mar shampla:

Ar chóir d’Éirinn fanacht glan amach ón gcomhoibriú míleata Eorpach a gcuirfear dlús leis a bhuí le Vladimir Putin?

An ionann comhoibriú míleata agus comhthraenáil agus sárú ar ár neodracht?

An mbeadh reifreann riachtanach sula ndaingneodh rialtas na tíre seo cinneadh nó conradh a chuirfeadh ‘comhchosaint Eorpach’ i bhfeidhm (rud a gheall an rialtas i ráiteas foirmiúil a eisíodh roimh an dara reifreann ar chonradh Nice in 2004)?

An féidir ciall shoiléir bhunreachtúil a bhaint as na focail ‘comhchosaint Eorpach’?

An mbeidh reifreann riachtanach in aon chor?

Ní chuirfear iachall ar an rialtas ná ar an bhfreasúra aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna sin sa ghearrthéarma, ach cuirfidh scéal léanmhar na hÚcráine brú ar Éirinn iad a bhreithniú sular fada.

Idir an dá linn, tá trí reifreann eile geallta ag an rialtas, cé nach bhfuil sonraí ná dátaí socraithe fós.

Gealladh reifrinn i gclár an rialtais ar thithíocht agus ar chearta vótála do shaoránaigh atá ina gcónaí taobh amuigh den stát. Pléadh an reifreann eile atá geallta sa chlár rialtais ag coiste Oireachtais Déardaoin ach níor tugadh le fios go raibh dul chun cinn á dhéanamh a chuirfeadh ar chumas an rialtais leasú a mholadh.

Dúirt an tAire Leanaí agus Comhionannais, Roderic O’Gorman gur mhaith leis reifreann ar leasú airteagal 41.2 den Bhunreacht (a bhaineann le mná sa teaghlach, féach thíos) a reáchtáil in 2023. D’admhaigh sé áfach nach raibh dáta beartaithe fós agus nach raibh cinneadh déanta fiú an molfadh an rialtas leasú nó cealú glan ar an airteagal sin.

Mhol Tionól Saoránach leasú nach mbeadh foclaíocht de réir inscne ann agus a chuirfeadh dualgas ar an stát tacú le cúramóirí. Faraor níor chuir siad dréachtleasú faoi bhráid an rialtais.

D’iarr Roderic O’Gorman ar chomhaltaí an choiste teacht ar chomhthuairim faoi leasú. D’admhaigh sé go raibh imní air go ndiúltófaí do leasú mura mbeadh an fhoclaíocht soiléir agus mura mbeadh an rialtas agus an freasúra ag tacú leis.

Níor thagair an tAire do chontúirt eile. Abair go n-éiríonn leis na páirtithe teacht ar aon fhocal faoi leasú agus go reáchtáiltear reifreann ina rithfear an leasú a mholfar. An mbeidh an fhoclaíocht chomh lag faoi dheireadh nach rachaidh sé chun tairbhe do dhuine ar bith dáiríre?

Airteagal 41.2 den Bhunreacht
“1. Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.

“2. Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.”

Fág freagra ar 'Trí reifreann geallta, uair éigin, agus ceann eile á mheá '

  • Aonghus Ó hAlmhain

    Ní dhearna an Airteagail mar atá leas ar bith. Go deimhin chothaigh sé fadhbanna mar go raibh ar mhná éirí as an státseirbhís nuair a phós siad. Rud a d’fhág bearna mór ina bpinsean ar ball, sa bharr ar an éagóir sin. Gan trácht ar an díograis agus cumas a ceileadh ar an stáit.

    Tá an stát ag brath go mór ar chúramóirí ach níl aon rialtas sásta a gceart a thabhairt dóibh. (Agus is mná a formhór fós, uaireanta dá ainneoin)

  • Antóin

    Níl rannpháirtíocht i NATO ná in arm Eorpach molta ag Micheál Martin ná ag polaiteoir sinsearach ar bith a deir tú ach nach ndúirt Simon Coveney seachtain ó shin go bhféadfadh saighdiúirí na tíre seo a bheith páirteach i bhfórsa mearfhreagartha i gcomhthéacs riachtanais slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh. Is geall le himeartas focal é.

    Agus má cheapann daoine nach ionann comhoibriú míleata agus comhthraenáil agus sárú ar ár neodracht b’fhéidir gur chaith siad an iomarca ama i dTír na nIontas i dteannta Eilíse agus Filimín Failín. Nach aige a bheadh an spraoi leis an fhrása ‘comhchosaint Eorpach’ “Is ionann a bhrí agus an bhrí is mian liom a thabhairt dó”