Trí phlean teanga eile ceadaithe sa Ghaeltacht, plean na Ceathrún Rua ina measc

Tá plean teanga ceadaithe anois do 13 ceantar Gaeltachta, nó leath de na 26 ceantar pleanála teanga

Trí phlean teanga eile ceadaithe sa Ghaeltacht, plean na Ceathrún Rua ina measc

Tá plean teanga ceadaithe anois do leath de na 26 ceantar pleanála teanga sa Ghaeltacht agus trí phlean teanga nua fógartha ag Aire Stáit nua na Galetachta Seán Kyne. Fógraíodh ar maidin go raibh na pleananna faofa ag Kyne don Cheathrú Rua, do Chonamara Láir agus do Ráth Chairn.

€100,000 á cheadófar don Cheathrú Rua agus do Ráth Chairn agus Baile Ghib chun tús a chur le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga do na ceantair sin agus €150,000 a bheidh ag lucht pleanála teanga Chonamara Láir.

13 plean teanga sa Ghaeltacht atá ceadaithe ó cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cuirfidh lucht pleanála teanga na Ceatrún Rua go háirithe fáilte roimh fhógra an lae inniu. Dhá bhliain go leith ó shin a sheol Coiste Pleanála Teanga na Ceathrún Rua a bplean teanga chuig Údarás na Gaeltachta, an chéad phlean teanga a seoladh chuig an Údarás.

Faoin gcóras pleanála teanga, tá plean teanga le cur i bhfeidhm i 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Tá beirt oifigeach pleanála teanga ceaptha go dtí seo, Micheál Mac Aoidh, atá freagrach as Plean Teanga Chloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh, agus Dónall Ó Cnáimhsí atá ceaptha ina oifigeach pleanála teanga i nGaoth Dobhair.

Tá próiseas earcaíochta ar siúl i gceithre limistéar pleanála teanga eile. 

Dúradh i ráiteas ó Roinn na Gaeltachta inniu go léiríonn ceadú na dtrí bplean eile seo “an dul chun cinn suntasach atá déanta faoin bpróiseas pleanála teanga ó ceadaíodh an chéad trí phlean i Meán Fómhair 2017”.

Thug an Roinn le fios go bhfuil allúntas €1.513m ceadaithe d’Údarás na Gaeltachta chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i mbliana.

Tháinig sé chun solais níos túisce an mhí seo áfach nach raibh ach €120,000 caite ar fheidhmiú pleananna teanga na Gaeltachta ó cuireadh tús leis an bpróiseas.

De réir na bhfigiúirí is déanaí sin, níl ach €730,00 íoctha go fóill le hÚdarás na Gaeltachta agus €120,000 a bhí íoctha ag an Údarás le grúpaí pleanála Gaeltachta chun feidhm a thabhairt do na pleananna teanga féin. €108,000 a caitheadh go dtí seo in 2018 ar réiteach pleananna teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Stáit Kyne: 

Beidh Comharchumann Mhic Dara, Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Chonamara Láir agus Comharchumann Ráth Chairn in ann tús a chur anois le feidhmiú a bpleananna teanga a bheidh ar leas pobail na dtrí limistéar pleanála teanga.

Ar nós na gceanneagraíochtaí pleanála teanga eile atá i mbun oibre faoi láthair, tá obair mhór déanta ag na ceanneagraíochtaí seo chun an staid seo den phróiseas a bhaint amach dóibh féin. Is cinnte go nguíonn muid gach rath orthu agus a bpleananna á gcur chun feidhme acu.

Fág freagra ar 'Trí phlean teanga eile ceadaithe sa Ghaeltacht, plean na Ceathrún Rua ina measc'