Trí oiread ban ar an gclár beo

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go mbréagnaíonn na staitisticí ón Lár-Ionad Staidrimh ‘finscéalta an Rialtais’ faoin ngeilleagar

Pictiúr:  Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá trí oiread níos mó ban ná fear ar an gclár ‘beo’ le cúpla mí anuas agus ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá dífhostaithe, dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh (SF).

Dúirt an Seanadóir inniu gur cuireadh dhá oiread ban ar an dól i gcontaetha na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ó mhí an Aibreáin go mí an Mheithimh i mbliana.

“Ó Aibreán go Meitheamh i mbliana, bhí ardú 7.2% ar líon na mban ar an gclár beo go náisiúnta, i gcomparáid le hardú 1.49% do na fir. I dtéarmaí daonna, sin ardú ar fud an Stáit de 3,110 fear agus suim ollmhór de 9,859 bean – trí oiread an mhéid mná le fir,” a dúirt sé.

Bhí 343,000 duine ar an gclár beo i mí Iúil na bliana seo, dhá oiread an líon a bhí ann sa bhliain 2008 díreach roimh an ngéarchéim eacnamaíochta. Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gurb ionann sin agus 20% den daonra nuair a chuirtear líon na ndaoine ar scéimeanna Gníomhachtaithe Saothair leis an bhfigiúr sin.

Mhaígh Seanadóir ó Shinn Féin go mbréagnaíonn na staitisticí seo, a fuarthas ón Lár-Oifig Staidrimh, “finscéalta” an Rialtais faoin ngeilleagar.

“Ag am den bhliain nuair a bheifeá ag súil go n-ardódh figiúirí fostaíochta de bharr borradh a bheith faoin bhfostaíocht shéasúrach agus faoin bhfostaíocht pháirtaimseartha, is ábhar mór imní é an treocht seo a bheith le feiceáil.

“Má chuirtear san áireamh gur imigh os cionn 600,000 duine ar imirce ón tír seo le blianta beaga anuas chomh maith, is léir go bhfuil polasaithe an rialtais seo i ndiaidh teip don saoránach ó thaobh chruthú na fostaíochta agus ó thaobh na heacnamaíochta de,” a dúirt sé.

Is láidre i bhfad tionchar na himirce ar Iarthar na hÉireann, dar leis an Seanadóir Ó Clochartaigh, de bharr easpa infheistíochta sa réigiún sin go stairiúil.

Dúirt sé go bhfágann leithéidí na Cánach Maoine, an Mhuirir Shóisialta Uilíche agus na dtáillí uisce nach n-airíonn daoine go bhfuil “buntáiste breise ina gcuid pócaí”.

Fág freagra ar 'Trí oiread ban ar an gclár beo'