Trí mhilliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie ó bunaíodh é

Os cionn 860,000 duine a thug cuairt ar Tuairisc.ie ó bunaíodh an tseirbhís nuachta ag deireadh 2014 agus d’amharc na daoine sin ar bhreis is 7.2 milliún leathanach

Trí mhilliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie ó bunaíodh é

LÉARÁID: CÓS/TUAIRISC.IE

Tá trí mhilliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie ó bunaíodh an suíomh i mí Dheireadh Fómhair 2014.

883,975 duine (úsáideoir) a thug cuairt ar Tuairisc.ie le linn na tréimhse céanna agus d’amharc na daoine sin ar bhreis is 7.2 milliún leathanach le linn a gcuairteanna (seisiúin).

182,736 duine (úsáideoir) a thug cuairt ar Tuairisc.ie ó thús na bliana 2018, agus d’amharc na daoine sin ar os cionn 1.4 milliún leathanach le linn an 656,784 cuairt (seisiún) a tugadh ar an suíomh sa tréimhse sin.

Dúirt Bainisteoir an tSuímh, Ciarán Ó Súilleabháin gur léir ó na figiúirí is déanaí seo ó Google Analytics go raibh fás leanúnach tagtha ar líon na léitheoirí ar Tuairisc.ie ó tháinig ann dó ar an 9 Deireadh Fómhair 2014.

“Cruthúnas iad na figiúirí seo go bhfuil athrú ó bhonn tagtha ar iriseoireacht na Gaeilge agus ar líon na ndaoine a bhíonn ag léamh ábhar ar ardchaighdeán i nGaeilge go rialta de thoradh saothar Tuairisc.ie,” a dúirt  Ciarán Ó Súilleabháin.

Dúirt Eagarthóir Tuairisc.ie Seán Tadhg Ó Gairbhí gur a bhuíochas den fhoireann, den mheitheal scríbhneoirí agus de léitheoirí “dílse” an tsuímh “an dea-rath” atá ar an tseirbhís nuachta.

Níos túisce i mbliana, cuireadh síneadh ama go dtí deireadh na bliana 2018 leis an gconradh atá ag Tuairisc.ie le Foras na Gaeilge nuachtán seachtainiúil ar líne a sholáthar do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Trí mhilliún cuairt tugtha ar Tuairisc.ie ó bunaíodh é'

  • Mairéad

    Mar nuachtán atá dírithe ar phobal na Gaeilge tá easnamh amháin i dTuairisc. Cá bhfuil Clár na bhFógraí? Tá an cíbearspás go breá agus bíonn sé an-éasca cuairt a thabhairt ar Thuairisc. Ach an bhfuil na Gaeil atá scaipithe timpeall na tíre ag tabhairt cuairt ar a chéile chun an Ghaeilge a labhairt ? Seans nach bhfuil, toisc gan aithne acu ar Gaeilgeoirí atá in a gcónaí timpeall an choirneáil uathu.
    An bhfuil an rannóg POBAL i dTuairisc ceaptha a bheith mar Clár na bhFógraí? Má tá, is fearr as ná ann í. Mar shampla sa roinn POBAL faoin teidil EOLAS is í an ócáid is deireanaí atá luaite ann ná Oireachtas 2017 agus is grianghrafanna faoi imeachtaí atá thart atá in ÓCÁIDÍ seachas eolas faoi ócáidí ata le teacht.
    Bíonn eolas maidir le h-imeachtaí atá le teacht sna nuachtáin Phólainneacha in Éirinn. http://www.bilety.ng24.ie

  • Seán

    3 mhilliún cuairt, beagnach milliún úsáideoir – fós is gearrán atá luaite sa gcéad líne sa gcéad phíosa comhfhreagrais ! Níor chaill muid riamh é.
    Comhghairdeas le tuairisc.ie & lena foireann as an éacht oibre ceannródaíoch.