Trí leithscéal taobh istigh de lá amháin – praiseach na gcainteanna prótacail

Bhain aineolas Státrúnaithe na Breataine faoi íogaireacht Thuaisceart Éireann stad as daoine an tseachtain seo

Trí leithscéal taobh istigh de lá amháin – praiseach na gcainteanna prótacail

Trí mhíniú nó trí leithscéal taobh istigh de cheithre huaire fichead. Féirín bolscaireachta do Shinn Féin agus rialtas na Breataine ina cheap magaidh nó ceap milleáin.

Bhain aineolas Státrúnaithe na Breataine faoi íogaireacht Thuaisceart Éireann stad as daoine. Chothaigh siad imní faoi chumas an rialtais reatha sa Bhreatain tranglam an phrótacail iarBhreatimeachta agus pairilis Stormont a fhuascailt.

Má tugadh ‘pardún an tosaitheora’ do James Cleverly, Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe, as an gcéad bhotún níorbh fhada gur chothaigh sé féin agus Státrúnaí Thuaisceart Éireann ceisteanna bunúsacha faoina dtuiscint ar an leagan amach atá riachtanach sa tsochaí roinnte abhus faoi choinníollacha Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí an bheirt Státrúnaithe i mBéal Feirste Dé Céadaoin chun bualadh leis na príomhpháirtithe faoin tsáinn in Stormont.

I bhfianaise an dul chun cinn san idirbheartaíocht faoin bprótacal iarBhreatimeachta bhí súil acu dlús a chur le plé dearfach abhus. In ionad ócáid thairbheach a reáchtáil áfach rinne siad brachán di nuair a dhiúltaigh siad cead isteach do cheannaire Shinn Féin. Rialtas na Breataine ag rá leis an bpáirtí cé a bhí ceadaithe ina dtoscaireacht. Murar leor sin mar thuaiplis choinnigh siad an chonspóid ag imeacht ar feadh laethanta le leithscéalta amaideacha a mhúscail níos mó amhrais ná mar a shuaimhnigh siad.

Is fíor gurb é baghcat an DUP ar Stormont mar thaca lena bhfeachtas in aghaidh an phrótacail iarBhreatimeachta is cúis leis an ngéarchéim atá le fuascailt. Seans go raibh Chris Heaton-Harris agus Cleverly chomh tógtha sin lena n-iarracht an DUP a mhealladh, nó brú a chur orthu, go raibh siad dall ar mhianta na bpáirtithe atá ag iarraidh go n-athbhunófaí an Feidhmeannas agus an Tionól láithreach.

Más fíor sin, is bocht an teist orthu é agus ba dheacair a bheith muiníneach go mbeidh siad os cionn a mbuille san tréimhse chinniúnach atá ag druidim linn.

Chuir oifig Cleverly, dream atá in ainm is a bheith ina máistrí ar thaidhleoireacht agus riaradh stáit, in iúl do cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nach raibh cead aici freastal ar an gcruinniú. Dhiúltaigh Sinn Féin freastal ar an ócáid faoi na coinníollacha sin agus chinn an SDLP nach ngabhfadh siadsan ann ach oiread ó tharla go raibh droim láimhe á tabhairt ag an rialtas leis an ionadaíocht uileghabhálach. D’fhreastail an DUP, an UUP agus Alliance ar na cainteanna ach rinne Alliance gearán níos deireanaí faoi ionadaithe a bheith curtha ó dhoras.

Ba é an chéad mhíniú ar an gcinneadh ná go raibh ceannaire Shinn Féin á coinneáil amach mar gur ionadaithe as Stormont amháin a bheadh ann. Níor sheas an scéal sin i bhfad ó bhí Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP ann. Feisire Parlaiminte is ea eisean a thug suas a shuíochán in Stormont ionas go bhféadfadh sé fanacht in Westminster. Bhí cuireadh freisin ag Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, feisire Parlaiminte eile. Nuair a tarraingíodh aird na Státrúnaithe air sin lúbadh an míniú le rá gur daoine a toghadh i dTuaisceart Éireann a bhí inghlactha. Níor sheas Mary Lou McDonald i dtoghchán abhus ariamh. Scéal thairis é, seans, ach tá sí ar thaifead oifigiúil Choimisiún na dToghchán mar cheannaire Shinn Féin.

Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tháinig an dara leithscéal i rith na maidine Dé Céadaoin freisin. Nósmhaireacht taidhleoireachta (nó prótacal) a bhí i gceist, dar leis an Oifig Gnóthaí Eachtracha. Ní bheadh sé cuibhiúil, dúradh go mbuailfeadh an Státrúnaí James Cleverly le ceannaire an fhreasúra sa Dáil sula mbeadh cruinniú aige le Micheál Martin, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann. Dúirt an Tánaiste lá arna mhárach nár cuireadh é féin ná an Roinn ar an eolas roimh ré faoi sin. Ní bheadh locht ar bith aige, a dúirt Martin, ar chruinniú idir Cleverly agus McDonald.

Níos deireanaí, bhain James Cleverly a thuilleadh dá cháil mar Státrúnaí agus léirigh sé a thuilleadh aineolais faoi cháiréis an chaidrimh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta. Mar mhíniú ar an leithscéal faoi phrótacal, chuir sé a chos ann arís. ‘Beidh mé in Éirinn amach anseo,’ ar sé ‘agus buailfidh mé le hionadaithe na bpáirtithe ansin.’ An é nár thuig sé nó nach n-admhódh sé féiniúlacht Éireannach lear mór daoine abhus?

Faoin am a dtáinig an tríú leithscéal bhí an scigdhráma tite chun áiféise ar fad. Tar éis cruinniú leis an Tánaiste, Micheál Martin, i gCaisleán Chromghlinne Déardaoin thug an Státrúnaí Heaton-Harris míniú eile. Ní bheadh sé ‘críonna’ Mary Lou McDonald a bheith ag an gcruinniú toisc gur teachta í i bParlaimint i mballstát den Aontas Eorpach, ar sé. ( An é go gceapann sé nach labhraíonn Michelle O’Neill agus McDonald le chéile faoina ngnóthaí?) Níos tromchúisí, seans, ní raibh sé toilteanach a rá an gceadófaí í ag cruinnithe eile.

Bhí an Taoiseach, Leo Varadkar, i mBéal Feirste le labhairt le gach páirtí mar a bhí Keir Starmer, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine, agus bhí an Tánaiste Micheál Martin ag bualadh le Heaton- Harris. Ba léir mar sin go raibh fuinneamh nua sna hiarrachtaí chun an tsáinn a fhuascailt. Fáiltíodh roimh an gcinneadh go ndéanfadh an Státrúnaí Cleverly freastal ar chruinniú leis na páirtithe ach ba mhór an trua é gur cothaíodh conspóid gan ghá in áit muinín a chothú.

Más amscaíocht ba chúis leis níor mhór dóibh a dhul i ngleic leis an suaitheadh cultúir go haibéil. Údar imní a bheadh ann dá mba dhrochrún faoi ndear an phraiseach.

Fág freagra ar 'Trí leithscéal taobh istigh de lá amháin – praiseach na gcainteanna prótacail'