Trí leabhar Gaeilge ar ghearrliosta KPMG Children’s Books Ireland Awards

10 leabhar ar fad atá ar an ghearrliosta a fógraíodh ag ócáid in amharchlann an MAC ag Féile Leanaí Bhéal Feirste

Trí leabhar Gaeilge ar ghearrliosta KPMG Children’s Books Ireland Awards

Tá trí leabhar Gaeilge roghnaithe ar ghearrliosta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards’, na mórghradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí, a fógraíodh inné i mBéal Feirste.

Mór agus Muilc, scéal béaloidis ón Chonallach John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla atá maisithe ag Kim Sharkey (Éabhlóid); Nóinín, rannscéal faoi dhéagóir cúthail a chasann le fear óg ar líne, le Máire Zepf (Cois Life), agus Scúnc agus Smúirín, pictiúrleabhar faoi scúincín agus a bhréagán a scríobh Muireann Ní Chíobháin agus agus a mhaisigh Paddy Donnelly (Futa Fata), na trí leabhar Gaeilge a bhain áit amach ar ghearrliosta na mórghradam litríochta don aos óg i mbliana.

10 leabhar ar fad atá ar an ghearrliosta a fógraíodh ag ócáid in amharchlann an MAC, i mBéal Feiste, mar chuid d’Fhéile Leanaí Bhéal Feirste.

Ag fógairt an ghearrliosta di, dúirt Príomhfheidhmeannach Children’s Books Ireland, Elaina Ryan, gur léiriú é ardchaighdeán na leabhar ar ghearrliosta na bliana seo ar an tsárobair atá ar bun ag scríbhneoirí agus ealaíontóirí na hÉireann.

 

“Agus 30 bliain den chlár á cheiliúradh againn, is léir go bhfuil an gearrliosta ar an ardchaighdeán is dual dó i gcónaí agus léiríonn sé an saothar iontach atá á chruthú ag ealaíontóirí na tíre seo agus iad ag síorfhorbairt.

“Údar suntais go bhfuil roinnt úrscéalta véarsaíochta ar an ngearrliosta seo chomh maith le réimse láidir leabhar Gaeilge do gach aoisghrúpa. Beidh rud éigin ar an ngearrliosta seo a thaitneoidh le léitheoirí beag beann ar a n-aois, a gcumas nó a n-ábhar spéise,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Children’s Books Ireland.

Beidh na deich leabhar san iomaíocht do shé cinn de ghradaim, a bhronnfar in Amharclann Smock Alley ar an 19 Bealtaine mar chuid d’fhéile idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath.

Gearrliosta iomlán KPMG CHILDREN’S BOOKS IRELAND AWARDS 2020

All The Bad Apples, le Moïra Fowley-Doyle

Madame Badobedah, scríofa ag Sophie Dahl agus maisithe ag Lauren O’Hara

Mór agus Muilc, bunaithe ar scéal béaloidis le John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla agus illustrated by Kim Sharkey

Nóinín, le Máire Zepf

The Deepest Breath, le Meg Grehan

The Hug, le Eoin McLaughlin agus maisithe ag Polly Dunbar

The Tide, scríofa ag Clare Helen Welsh agus maisithe ag Ashling Lindsay

The Star-Spun Web, le Sinéad O’Hart

Toffee, le Sarah Crossan

Scúnc agus Smúirín, le Muireann Ní Chíobháin agus maisithe ag Paddy Donnelly

Fág freagra ar 'Trí leabhar Gaeilge ar ghearrliosta KPMG Children’s Books Ireland Awards'