Trí ionad sa Ghaillimh ‘curtha in áirithe go sealadach’ ag Oireachtas na Gaeilge d’fhéile 2020

Tá an phleanáil tosaithe cheana féin chun Oireachtas na Samhna a thabhairt go cathair na Gaillimhe sa bhliain 2020 mar a gealladh le linn an fheachtais ‘Gaillimh 2020’ anuraidh

Trí ionad sa Ghaillimh ‘curtha in áirithe go sealadach’ ag Oireachtas na Gaeilge d’fhéile 2020

Liam Ó Maolaodha

Tá an phleanáil ar bun cheana féin le hOireachtas na Gaeilge a thabhairt go cathair na Gaillimhe sa bhliain 2020. Dheimhnigh Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, do Tuairisc.ie go bhfuil “aontaithe i bprionsabal” ag an eagraíocht Gaeilge le Comhairle Cathrach na Gaillimhe gur sa chathair sin a bheidh imeachtaí na bliana 2020 ar siúl.

Dúirt Ó Maoladha freisin go bhfuil na “dátaí cuí” i mí na Samhna curtha in áirithe go sealadach cheana féin do thrí cinn d’ionaid sa chathair – Óstán Bhóthar na Trá, Óstán Chuan na Gaillimhe agus Leisureland, a bhfuil siad uilig ar an prom i mBóthar na Trá.

Dúirt sé nach bhfuil “cinneadh 100%” déanta fós ag Oireachtas na Gaeilge agus go bhfuil socruithe airgid agus eile le déanamh sula ndéanfar an cinneadh sin.

Ba é an chéad uair a bheadh an mhórfhéile Ghaelach ar siúl i gcathair na Gaillimhe ón mbliain 1993. Gheall lucht Oireachtas na Gaeilge go reáchtálfaí an fhéile i gCathair na dTreabh dá mbeadh rath ar an iarratas go mbeadh Gaillimh ina Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2020.

Bhí an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar chroí-chuid den iarratas buacach a chuir Gaillimh2020 faoi bhráid na moltóirí agus bhí ‘Teanga’ ar cheann de na trí mhórthéama san iarratas, chomh maith le ‘Tírdhreach’ agus ‘Diaspóra’.

Bíonn idir 5,000 agus 6,000 leaba óstáin ag teastáil chun Oireachtas na Gaeilge a reáchtáil. Teastaíonn freisin dhá halla, a thógfadh suas le 1,500 duine an ceann agus a bheadh feiliúnach do chraoladh teilifíse, idir 10 agus 15 seomra nó halla a thógfadh 150-200 duine, “roinnt” hallaí a thógfadh 300-400 duine agus “neart” bialann agus siopaí. Bíonn ar lucht an bhaile atá ag iarraidh an tOireachtas a mhealladh €50,000 mar shíntiús áitiúil a fháil chomh maith.

Bhí an tOireachtas ar siúl i gCill Airne ceithre huaire eile ó 2010 agus is i gCill Airne a bheidh Oireachtas na Samhna in 2017 agus in 2018. Meastar gur in Óstán an Citywest in iarthar Bhaile Átha Cliath, mar a raibh an fhéile ar siúl in 2015, a bheidh sí arís sa bhliain 2019, cé nach bhfuil an méid sin deimhnithe fós ag lucht an Oireachtais.

Fág freagra ar 'Trí ionad sa Ghaillimh ‘curtha in áirithe go sealadach’ ag Oireachtas na Gaeilge d’fhéile 2020'

  • Mánus

    Go bhfóire Dia ar Ghaeil na Gaillimhe! Oireachtas na “Shanknows dancers” agus iad fhéin, a gcairde agus a muintir ag brú Béarla ar Ghaeilgeoirí na hÉireann! Ba chóir náire do bheith ar Chonfadh na Gaeilge agus an tOireachtas a thabhairt ar láimh do Chomhlucht Príobháideach nach bhfuil fís shoiléir acu faoin fhéile seo a bheith 100% i nGaeilge. A Liam Ó Srl. bunaigí “Shanknows DancinG Festival” agus fágaigí spás don Ghaeilge ag Oireachtas na “Gaeilge” mar a bhí tráth dá raibh.