Trí chomhairle don uachtarán Biden tar éis a chuairt ar Éirinn 

Maith dom é, a Uachtaráin, má chuirim comhairle ort maidir le trí ábhar nár tarraingíodh anuas le linn do chuairte

Trí chomhairle don uachtarán Biden tar éis a chuairt ar Éirinn 

 A Uachtaráin, a dhuine uasail,

Tá súil agam gur bhain tú sult as do chuairt ar Éirinn agus nach bhfuil tú róthraochta tar éis duit bualadh leis na col ceathracha agus le gach duine eile a chuir fáilte chroíúil romhat.

Léirigh tú i d’óráid thomhaiste i mBéal Feirste go bhfuil tuiscint bhreá agat ar scéal casta an Tuaiscirt. Ba léir freisin an fíorshásamh (chomh maith gan dabht leis an tairbhe pholaitiúil sna Stáit) a bhain tú as bualadh le do ghaolta i bhfad amach i gCairlinn agus i mBéal an Átha.

Maith dhom mar sin má chuirim comhairle ort maidir le trí ábhar nár tarraingíodh anuas le linn do chuairte.

An chéad chomhairle 

Ní foláir é seo a rá go díreach leat: má tá ciall agat, fógróidh tú gan mórán moille nach mbeidh tú san iomaíocht i dtoghchán uachtaránachta na bliana seo chugainn. Abair é ar a dheireanaí sara mbeidh do 81ú lá breithe á cheiliúradh agat ar an 20 Samhain.

Ní raibh fear chomh haosta leat ina uachtarán sna Stáit riamh. Ní maith le mórán ceannairí a admháil gur fearr éirí as an bpolaitíocht sara ndíbríonn drochshláinte nó drochmheas an phobail as oifig iad.

Níl Kamala Harris ná aon Daonlathach sinsearach inchurtha leat mar iarrthóir uachtaránachta faoi láthair ach cothaíonn comórtas cáil ar a laghad.  Dhéanfá do leas féin, leas do pháirtí agus leas do thíre dá ndéarfá go luath nach n-iarrfaidh tú an dara téarma sa Teach Bán. Mol an óige agus tiocfaidh sí, mar a deir ár seanfhocal.

Féach, glacaim leis nach dtabharfaidh tú aird ar mo chomhairle. Tá sé chomh maith againn mar sin ábhar eile a phlé a thuigeann tú go maith. Baineann sé le maitheas a d’fhéadfá a dhéanamh gan mórán stró.

An dara comhairle 

Tá spéis leanúnach i gcúrsaí Thuaisceart Éireann léirithe ag gach uachtarán (ach amháin Trump ar ndóigh) a toghadh sna Stáit le leathchéad bliain anuas. Bhí dea-thoradh faoi dheireadh ar an mbrú a chuir rialtais na hÉireann, grúpaí Gael-Mheiriceánacha éagsúla agus ionadaithe Meiriceánacha ar nós Tip O’Neill, Ted Kennedy, Hugh Carey agus Peter King ar an Teach Bán aird a tharraingt ar chúrsaí an Tuaiscirt – go poiblí agus go príobháideach.

Bhí tionchar nach beag ag idirghabháil na n-uachtarán ar pholasaithe na Breataine ó 1976 ar aghaidh. Mar a mhínigh an staraí Meiriceánach Robert Schmuhl dom, níor theastaigh uaireanta ach tagairt ghairid le linn comhrá le príomh-aire na Breataine (‘Céard atá á dhéanamh agaibh maidir le …?’) chun brú a chur air nó uirthi cur chuige a rialtais a athbhreithniú ar a laghad.

Sna míonna atá romhainn rachadh léiriú spéise dá leithéid chun tairbhe don Tuaisceart arís. Coinnigh ort mar sin, a Uachtaráin, agus cuir do spéis as Tuaisceart in iúl don lucht ceannais i Londain agus i mBaile Átha Cliath.

Laghdódh do spéis leanúnach an chontúirt a dhéanann aimhleas Thuaisceart Éireann i gcónaí. Sin neamhshuim an dá rialtas, rud a chothaíonn géarchéim agus lagbhrí pholaitiúil i mBéal Feirste.

An tríú comhairle 

Is ar éigean a thabharfaidh tú aird ar an gcomhairle seo. Ní foláir labhairt air mar sin féin toisc go mbaineann sé go dlúth le bunphrionsabail Chomhaontú Aoine an Chéasta a mhol tú go hard i rith na seachtaine.

Tá tú bródúil, mar atá ráite go minic agat, go bhfuil cáil ort mar dhuine a thugann tacaíocht mhór d’Iosrael. Ní minic a lochtaíonn tú polasaí cruálach na tíre sin sna críocha Palaistíneacha a ghabh sí i 1967 agus atá ina seilbh go mídhleathach ó shin.

Dhiúltaigh tú, mar a dhiúltaigh uachtaráin eile romhat, vótáil i bhfabhar gach rún a moladh ag cruinnithe na Náisiún Aontaithe a d’iarr go gcuirfí deireadh le forghabháil na gcríocha Palaistíneacha agus le síorfhorbairt na lonnaíochtaí Iosraelacha sna críocha sin.

Léiríodh neamhthoil seo na Stát Aontaithe arís ar an 3 Aibreán nuair a vótáil ionadaí Mheiriceá ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an neamhthoil sin in aghaidh rún a mhol na hathruithe thuasluaite. Staon seacht dtír sa vótáil agus vótáil 38 i bhfabhar. Níor vótáil ach tír amháin (an Mhaláiv) mar a vótáil na Stáit Aontaithe. (Níl ionadaí Éireannach ar an gComhairle faoi láthair.)

Glacaim leis nach mian leat polasaí na Stát Aontaithe – arb ionann é dáiríre agus tacaíocht d’apartheid Iosrael sna Críocha Gafa – a athrú. B’fhiú duit áfach dianmhachnamh a dhéanamh air. Tá contrárthacht shuarach idir an meon a léirigh tú i d’óráid i mBéal Feirste agus polasaí éagothrom na Stát sna Críocha Gafa.

D’fhógair Comhaontú Aoine an Chéasta gur le modhanna síochánta amháin a chaithfí aidhmeanna polaitiúla a chur chun cinn. Gheall na sínitheoirí go seasfaidís le prionsabail eile: urraim, comhionannas do chearta sibhialta, polaitiúla agus cultúir, saoirse ó leithcheal agus athmhuintearas.

Ní gan stró ná gan mórán ama a chuirfear prionsabail mar seo i bhfeidhm in Iosrael agus sa Phalaistín. Ach ní bheidh síocháin bhuan i réim dá n-uireasa. Ba chóir duit iarracht a dhéanamh leagan den chur chuige a mhol tú i mBéal Feirste a chur chun cinn sa Mheánoirthear. B’fhéidir nach ndéanfadh a leithéid maitheas mór ach ní dhéanfadh sé aon dochar.

Tóg go bog é tar éis do thurais. Tá scíth tuillte agat.

Is mise le meas teoranta,

Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Trí chomhairle don uachtarán Biden tar éis a chuairt ar Éirinn '

  • Gabriel Rosenstock

    Iriseoir ar bith a chuirfeadh comhairle ar an Uachtarán Biden, b’fhéidir go smaoineodh sé
    ar a chomhiriseoir Julian Assange:
    https://mail.google.com/mail/u/0/#inbox/FMfcgzGsmDmpnTLhNvwqQpPdLJbTFSWV
    An chomhairle a chuirfinnse ar fhear Mhaigh Eo: tarraing siar an chúis in aghaidh Assange agus
    abair leis na Briotanaigh é a ligean amach as HMP Belmarsh.

  • Pádraig O'hEipicín

    Deireadh a chuir leis an ghinmhilleadh sna SA. In Ainm Dé. agus a Mháthair Beannaithe.