Trí chleas (eile) a imrítear le teacht i dtír ar scríbhneoirí

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: tá an neamhíocaíocht go holc, ach bítear ag iarraidh teacht i dtír ar scríbhneoirí ar bhealaí eile freisin

Trí chleas (eile) a imrítear le teacht i dtír ar scríbhneoirí

Deacrachtaí a bhíonn acu siúd a mhaireann ar an bpeann luach a saothair a fháil ó chustaiméirí a bhí faoi chaibidil agam anseo an tseachtain seo caite.

Píosa scríbhneoireachta a choimisiúnú agus gan íoc as, sin é an feall is follasaí a imrítear ar lucht an phinn. Ach tá bealaí eile ann a mbítear ag iarraidh teacht i dtír ar scríbhneoirí agus ar (shaor)iriseoirí. 

Seasann trí chleas amach. San fhiche bliain nó mar sin atá caite agam féin ag maireachtáil ar an bpeann, imríodh chuile cheann de na trí cinn orm níos mó ná uair amháin. Seo linn!

1. Athfhoilsiú gan chead.

Seo é an cleas is deacra le fáil amach faoi agus is deacra le réiteach. Mura lorgaítear cead chun píosa scríbhneoireachta a athfhoilsiú, níl aon bhealach ag an údar le fáil amach faoi athfhoilsiú an phíosa ach teacht air trí thimpiste. Tharlódh (tharla sé domsa uair amháin) go mbeadh foráil sa chonradh leis an bhfoilseachán a chéadfhoilsigh an píosa a thugann cead don fhoilseachán sin an píosa a athfhoilsiú ar ardáin eile, nó fiú amháin a dhíol ar aghaidh. I ngach cás eile, gadaíocht atá i gceist. Bíonn athfhoilsiú gan chead níos coitianta i ngort na hiriseoireachta ná i ngort na litríochta, feictear dom, toisc go mbíonn tithe foilsitheoireachta go maith ag coinneáil súil ar chúrsaí cóipchirt, bail ó Dhia orthu.

2. ‘Tuillfidh tú clú duit féin!’ / ‘Déanfaidh tú é ar son na cúise!’

Seo cleas a imrítear go hiondúil ar dhaoine atá ag tosú amach sa cheird, ach tharlódh, leis, go n-iarrfaí ar sheanfhondúirí píosa scríbhneoireachta a sholáthar saor in aisce. Is ea, bíonn tréimhse i dtús a shlí bheatha ag chuile scríbhneora gur fiú píosaí scríbhneoireachta a chur ar fáil saor in aisce chun ‘ainm a chruthú’ dó féin agus tharlódh go mbeadh fonn ar scríbhneoir seanbhunaithe píosa a chur ar fáil saor in aisce do nuachtlitir an pharóiste nó a leithéid, ach ba cheart go n-éileodh scríbhneoir proifisiúnta ar bith – duine a mbeadh leabhar foilsithe aige, abair, nó líon réasúnta alt – íocaíocht ar obair ar bith a dhéanfaidh sé. Mura seasfaidh scríbhneoirí suas dá gcearta, ní éireoidh foilseacháin, féilte agus súmairí eile as a bheith ag lorg garanna orthu ‘ar son an chlú’ nó ‘ar son na cúise’.

3. ‘Gasumpáil’.

Tugaim ‘gasumpáil’ ar an gcleas seo toisc go bhfuil go leor i gcoitinne aige le drochnós i réimsí na tógála agus na ceantála, nuair a ardaítear praghas tí tar éis don phraghas sin a bheith aontaithe. I gcás na scríbhneoireachta, ní hé an praghas a aontaíodh a ardaítear, ach an méid oibre a bhítear a lorg ar an bpraghas céanna. Tharla sé seo dom faoi dhó, agus spéisiúil go leor, institiúidí léinn a bhí i gceist an dá uair. Sa dá chás tugadh le tuiscint dom, tar éis dom aoi-léacht a thabhairt, go mbeadh orm aiste a chur ar fáil d’iris léinn bunaithe ar an aoi-léacht sin – cé nach ndearnadh trácht ar aiste ar bith nuair a tugadh cuireadh dom teacht chun cainte an chéad lá riamh. Tá náire orm a admháil gur ghéill mé agus go ndearna mé an obair bhreise i gcás amháin, cé gur dhiúltaigh mé sa chás eile. Ní bhíonn saoi gan locht.

Fág freagra ar 'Trí chleas (eile) a imrítear le teacht i dtír ar scríbhneoirí'