Trí bliana de Mheon Eile – Na 5 fhíseán is mó ráchairt!

Tá trí bliana ar an saol á cheiliúradh ag lucht an tsuímh Meon Eile an tseachtain seo agus táthar ag lorg aiseolais ó phobal na Gaeilge agus iad ag amharc chun tosaigh

ME_Montage 2

os cionn 40 uair a’ chloig d’fhíseáin fá shaol na Gaeilge i gCúige Uladh foilsithe ar Meon Eile le trí bliana anuas.

Deir Shane Ó Curraighín, físiriseoir le Meon Eile, go bhfuil rath na seirbhíse ag brath go mór ar thacaíocht phobal na Gaeilge.

“Is iad pobal na Gaeilge bunchloch na bhfíseán; gan a gcuidsean scéalta agus a gcuidsean tacaíochta, ní bheadh mórán le hinsint againn. Ar scáth a chéile a mhairimid agus beidh go leor eile ar an bhealach againn amach anseo, ” arsa Ó Curraighín atá ag obair leis an suíomh ónár bunaíodh é i 2012. 

Tugann Meon Eile léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh agus in áiteanna eile, le físeáin agus scéalta rialta ar réimse leathan ábhar, idir chúrsaí reatha, spórt, ceol, imeachtaí cultúrtha agus na healaíona Gaeilge.

“Tá muid i ndiaidh réimse leathan a chlúdach le trí bliana anuas idir cheol, chearta teanga, scéalta pobail, scéalta dóchasacha, iriseoireacht fiosrúcháin agus sraitheanna siamsúla. Ba dheas cluinstin ón phobal agus muid ag amharc siar ar a bhfuil déanta agus amharc chun tosaigh ar a bhfuil le déanamh, ” ar sé. 

Faoi láthair, tá suirbhé cúig cheist á scaipeadh ag Meon Eile faoin fhreastal atá á dhéanamh acu ar a bpobal léitheoirí. Beidh an t-aiseolas sin á úsáid ag foireann an tsuímh.

“Leanfaidh muid lenár mbunsprioc, scéalta na nGaeilgeoirí a insint ar bhealach tarraingteach agus ár nasc leis an phobal a chothú.”

Is é comhlacht léiriúcháin Below The Radar a fhoilsíonn Meon Eile atá s á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Seo iad na 5 fhíseán is mó ráchairt ar an suíomh ó tháinig sé ar an fhód i 2012:

1. Ceol na nÓg – Cathal Ó Curráin 2015:

2. 2015: Traolach Ó Buachalla: Lucht na Gaeilge ar son ‘TÁ

3. 2014: 10,000 Gaeilgeoir ‘Dearg le fearg

4. 2013: Ní míchumas atá orm, buntáiste atá ann

5. 2012: Linda Ervine ag spreagadh na Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste