Trí bhuille do Chonamara agus don Ghaeltacht

Idir stádas na nGardaí, dhúnadh na dtithe poist agus chás na mbóithre, is beag údar dóchais atá ann do chuid mhór de Chonamara

Trí bhuille do Chonamara agus don Ghaeltacht

Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland.

I gceann thiar leithinis Rinn Mhaoile sa taobh ó thuaidh de Chonamara atá sráidbhaile na Tulaí (Crois na Tulaí). Tá teach poist ansin le 100 bliain agus tuilleadh. Is gearr uainn an lá anois nuair a dhúnfar an chomhla air den uair dheiridh – an 30 Samhain. Dúnfar Teach an Phosta i Maigh Ard, seacht míle ó thuaidh den Chlochán, ar an 31 Eanáir.

I nDúiche Sheoigheach, tá na tithe poist i gCorr na Móna agus ar an gCloch Bhreac dúnta le cúpla mí. ’Sé an cás céanna é sa taobh ó dheas de Chonamara agus na hoifigí in Indreabhán agus Leitir Mealláin dúnta freisin. Sin iad na tithe poist, go fóill.

Coinníodh muid orainn anois i dtreo stáisiúin na nGardaí. ‘Sé stáisiún an Chlocháin ceanncheathrú na nGardaí i gcuid mhór de Chonamara. Bhíodh Ceannfort lonnaithe ann le cuimhne na ndaoine. Tá fós. 

Is beag ceapadh a bhí ann go mbeadh Ceannfort ann faoin tráth seo. Bhí cosúlachtaí ann an samhradh seo caite nach lonnófaí Ceannfort sa gClochán arís. Bhí an Ceannfort Ernie White aistrithe go Gaillimh agus ardú céime faighte aige. Cuireadh Cigire don Chlochán. Tarraingíodh caint faoin scéal agus tarraingíodh an cheist anuas sa Dáil. Bhí na Teachtaí Dála, Éamon Ó Cuív agus an tAire Stáit, Seán Kyne gníomhach. Ceapadh Ceannfort sa gClochán arís. Tá siad ann a deir gurbh é Dónal Ó Cualáin, a bhí ina Choimisinéir Gníomhach sna Gardaí ag an tráth sin, a chinntigh go mbeadh Ceannfort lonnaithe sa gceantar agus ag stiúradh obair na nGardaí in iarthar agus i dtuaisceart Chonamara, ceantar a bhfuil cuid mhór de ina cheantar Gaeltachta.

Ach ní túisce an beart sin déanta ná go bhfuiltear ag brath ar an socrú a athrú – Conamara a fhágáil gan Ceannfort agus é a fhágáil mar sin go brách.

Má chuirtear an múnla nua póilíneachta i bhfeidhm – is cosúil gur sa treo sin atáthar ag dul, ní bheidh Ceannfort lonnaithe i gConamara feasta. Beidh ceannasaithe na nGardaí ag rá nach bhfuil Conamara fágtha gan Ceannfort mar go mbeidh Ceannfort istigh i mBóthar na Trá i nGaillimh ag déanamh cúram don taobh tíre uilig siar ón gCoirib. Tuigtear gur dóigh go ndéanfar socrú taobh istigh de bheagán seachtainí go gcuirfear ‘scéim phíolótach póilíní’ ag obair i gcontae na Gaillimhe agus go bhfuil an leagan amach nua do stádas na nGardaí i gConamara ina chuid de sin.

Seans go gcuirfear Cigire go dtí an Clochán agus go mbeidh an duine sin ar an duine is sinsearaí sna Gardaí i gConamara as sin amach. Go cinnte, tá sinsearacht ag baint le stádas Cigire, ach, tá ceist stádas na nGardaí i gConamara, agus i gceantair thuaithe eile, le cur sa gcomhaireamh anseo. Ina dhiaidh sin féin, is i mBóthar na Trá den chuid is mó a bheidh Ceannfort Chonamara. Tuige nach i gConamara é?

Beidh dhá thaobh ar na hargóintí faoin bpolasaí seo ach tá rud amháin soiléir, sin go bhfuil ísliú céime i gcóras na nGardaí á thabhairt do Chonamara agus do cheantair imeallacha. Bóthar bocht atá i ndán do dhaoine freisin i gceantair imeallacha, is cosúil.

Ar imeall thiar Chonamara tá na ‘fleaigeanna dearga’ amuigh agus baol bánaithe siar le cósta. Tá Plean Iorras Aithneach do na cúig bliana seo amach romhainn idir chamáin faoi láthair ag Údarás na Gaeltachta. Ní cosúil go bhfuil a fhios ag Comhairle Chontae na Gaillimhe tada faoi seo. Tús cineál réchúiseach atá déanta acusan in iarthar Chonamara ar na cúig bliana atá romhainn. Níl pingin rua le caitheamh ar an R340, an bóthar is airde céim i nGaeltacht iarthar Chonamara, in 2019.

Is díol suntais é seo agus géarchéim eacnamaíochta agus shóisialta fógartha sna bólaí siar. Tá forbairt ar bhóithre luaite go láidir sna chéad dréachtanna den Phlean Cúig Bliana atá á réiteach ag Údarás na Gaeltachta do cheantar Chill Chiaráin/Charna, agus don cheantar ar a dtugtar Conamara Láir air – Camas, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, an Caiseal agus cuid den Sraith Salach agus Chloch na Rón. Téann chuile orlach den bhóthar réigiúnach an R340 tríd an gceantar sin, beagnach 50 ciliméadar. Ach, fiú agus go léiríonn na staitisticí agus na tuairiscí uilig an lagan eacnamaíochta agus sóisialta sa gceantar sin, níl aon airgead ar chor ar bith ceaptha don bhóthar sin sa gcéad bhliain den Phlean Cúig Bliana. Ar mheabhraigh na Comhairleoirí as iarthar na Gaillimhe do bhainistíocht na Comhairle Contae go raibh an Plean Cúig Bliana á réiteach?

B’údar iontais é an chaoi ar fágadh an R340 ar lár – tá píosaí móra den bhóthar sin ‘shovel ready’ le haghaidh obair dheisiúcháin. Chaithfeadh go mbeadh an t-eolas ag na hinnealtóirí agus ag na Comhairleoirí Contae, ach le beith féaráilte, caithfear a rá go raibh an-trua ag cuid de na Comhairleoirí Contae do cheantar Chill Chiaráin/Carna agus na bólaí siar, nuair a labhair na Comhairleoirí sin ag cruinniú d’Údarás Bardasach Conamara cúpla mí ó shin. Bhíodar an-chorraithe faoin mbail atá ar an gceantar cheal jabanna agus de bharr na himirce. 

Ach idir stádas na nGardaí, dhúnadh na dtithe posta agus chás na mbóithre i gceantair imeallacha a bheith á chur ar an méar fhada, tá insint ghiortach go maith ar an scéal sna ceantracha tuaithe agus Gaeltachta anois: ‘Mair a chapaill agus gheobhair féar’.

Fág freagra ar 'Trí bhuille do Chonamara agus don Ghaeltacht'