Níl meitheal Trespass Against Us cinnte an saothar grinn nó drámata atá idir lámha acu

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Titeann scannán an saothar chun siléige ar fad ag tarraingt ar cheann scríbe agus fágadh sin le críoch phatuar nár thug a cheart dos na carachtair a bhí againn ag an tosach ná don bheirt aisteoirí iontacha a bhí earcaithe

Níl meitheal Trespass Against Us cinnte an saothar grinn nó drámata atá idir lámha acu

Trespass against us
Stiúrthóir: Adam Smith
Cliar: Michael Fassbender, Brendan Gleeson, Lyndsey Marshal, Rory Kinnear, Killian Scott, Barry Keoghan

Is beag duine a d’áiteodh nach bhfuil Michael Fassbender ar an bpiarda aisteoireachta is mó atá againn (ag fágaint Daniel Day-Lewis as an áireamh). Ag an bpointe seo tá an Ciarraíoch gafa amach thar an mBleá Cliathach Colin Farrell, agus an t-aon duine eile a bheadh in ann é a fhéachaint leis ná Saoirse Ronan. Murab ionann agus an gobadán, tá fear an Fhosaidh in ann an dá thrá a thabhairt leis; na scannáin mhóreachtraíochta agus na táirgí sollúnta, téagartha.

Bhí sé mar cheann feadhna in Assassin’s Creed agus san athnuachan a deineadh ar X-Men mar aon le bheith páirteach sa léamh nua ar an gcnuasach Alien. I rith an ama bhí taispeántais chuidsúlacha á dtabhairt uaidh aige i saothair níos tathagaí ar nós Hunger, 12 Years a Slave, Inglorious Basterds agus Steve Jobs. Fan na slí d’éirigh leis dhá ainmniúchán Oscar a ghnóthú, agus táim cinnte go mbronnfar ceann air i bhfad na haimsire.

Is aisteoir cumasach, mealltach é a bhfuil teacht i láthair faoi leith aige. D’fhéadfá an moladh céanna a thabhairt do Bhrendan Gleeson, duine de na haisteoirí is seanbhunaithe agus is measúla dá bhfuil againn. Ní nach ionadh mar sin bhí uisce le mo chuid fiacla nuair a chonac go rabhadar le bheith i mbun comhghuaillíochta lena chéile.

Ar an drochuair níor baineadh an leas is fearr as an mbeirt saoistí seo.

Sa chéad radharc címid mótar ag trasnú páirce ar luas lasrach, buachaill óg ar an stiúir agus cad é gártha ón slua atá sa chairt. Coinín á thóraíocht acu agus sa chéad radharc eile táimid i gcampa lucht siúil agus an chreach á hiompar acu. Is de bhunadh na hÉireann iad an bhuíon seo cé go bhfuil canúint Shasana measctha go láidir lena mbéarlagair féin. Is é Colby Cutler (Gleeson) an ceannaire ar an ngrúpa beag seo agus is léir ón gcéad luí súl go bhfuil gaol achrannach aige lena mhac Chad (Fassbender). Tá an fear óg ag iarraidh saol de shaghas eile a bhaint amach dó féin, a bhean agus a mbeirt mhuirir. Agus a bhean á ghriogadh teastaíonn uaidh éalú ó shaol na coiriúlachta agus breis féidearthachtaí a sholáthar dá chlann tríd an oideachas. Ní nach ionadh cothaíonn seo aighneas is achrann lena athair foréigneach, bagrach, tíoránach.

Agus 15 nóiméad nó mar sin caite bhí na máithreacha leagtha do scannán a dhéanfadh cíoradh, ní hamháin ar chaidreamh na beirte ach ar shaol an lucht siúil trí chéile. Ba léiriú a chodail amuigh a deineadh ar shaol an lucht siúil; deacrachtaí ag na leanaí óga ar scoil, neamhlitearthacht Chad, cultúr an fhoréigin srl. Go deimhin mheasas go minic nach raibh an mheitheal cinnte an saothar grinn nó drámata a bhí idir lámha acu.

Thit an saothar chun siléige ar fad ag tarraingt ar cheann scríbe agus fágadh sin le críoch phatuar nár thug a cheart dos na carachtair a bhí againn ag an tosach ná don bheirt aisteoirí iontacha a bhí earcaithe.

.

Fág freagra ar 'Níl meitheal Trespass Against Us cinnte an saothar grinn nó drámata atá idir lámha acu'

  • Hiy

    is trua sin, scripteanna maithe gannchuiseach ar na saolta seo?