Treoirlínte maidir le féiniúlacht agus léiriú inscne foilsithe do scoileanna lán-Ghaeilge

Pléitear sna cáipéisí na freagrachtaí atá ar an scoil, an chaoi le hoideachas a chur ar dhaltaí agus an chaoi le déileáil le ceisteanna ar nós áiseanna feistis nó leithris oiriúnacha a chur ar fáil

Treoirlínte maidir le féiniúlacht agus léiriú inscne foilsithe do scoileanna lán-Ghaeilge

Tá treoirlínte maidir leis an gcaoi le caitheamh le cás dalta atá ag aistriú inscne curtha ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá na treoirlínte seo, ina leagtar amach treoir maidir le ceisteanna praiticiúla a thagann chun cinn nuair a bhíonn aistriú inscne á dhéanamh ag duine, curtha i dtoll a chéile ag an bhForas Pátrúnachta, i gcomhar le Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne (TENI), mar fhreagra ar “éileamh leanúnach” ó thuismitheoirí agus ó phríomhoidí.

Pléitear sna cáipéisí na freagrachtaí atá ar an scoil, an chaoi le hoideachas a chur ar dhaltaí agus an chaoi le déileáil le ceisteanna ar nós áiseanna feistis nó leithris oiriúnacha a chur ar fáil.

“Bhí ríméad orainn na cáipéisí seo a chur le chéile mar áis dár bpríomhoidí agus dár mbaill foirne scoile mar gheall ar éileamh leanúnach ó thuismitheoirí agus ó phríomhoidí,” arsa Jill Mc Mahon, Bainisteoir Cumarsáide An Foras Pátrúnachta.

“Ba léir go raibh ar bhunscoileanna feidhmiú i bhfolús go dtí seo. Níorbh ann do threoirlínte ar bith, fiú i mBéarla, dá mba rud é go mbeadh teaghlach ag iarraidh tacaíocht a fháil dá leanbh agus dá léiriú inscne i suíomh na scoile.

“D’oibrigh muid in éineacht le TENI, le príomhoidí agus le múinteoirí chun na cáipéisí seo a chur le chéile. Ó 2006, tá TENI ag déanamh stocaireachta ar son daoine trasinscneacha, ag cur oideachais ar fáil do thuismitheoirí agus don phobal agus ag tacú leis an bpobal trasinscneach go praiticiúil. Is mór linn an t-ionchur uathu.”

Ghabh Mc Mahon buíochas le COGG freisin as maoiniú a chur ar fáil don togra agus dúirt sí gur “cáipéisí beo” iad na treoirlínte, a bheidh á n-uasdátú go leanúnach “de réir mar a thagann ceisteanna, dúshláin agus taighde nua chun cinn”.

Tá foilseacháin agus áiseanna úsáideacha eile do mhúinteoirí ranga agus do phríomhoidí leagtha amach sna treoirlínte, chomh maith le ceisteanna coitianta.

Moltar sna treoirlínte oideachas a chur ar fáil d’fhoireann na scoile agus do na scoláirí maidir le féiniúlacht inscne agus léiriú inscne mar go dtéann an teagasc faoi éagsúlacht inscne agus comhionannas “chun tairbhe do gach scoláire beag beann ar aois agus is féidir é a dhéanamh ar bhealaí atá aoisoiriúnach”.

Deirtear freisin go bhfuil an ceart ag gach duine go dtabharfaí an t-ainm agus an forainm is fearr leo féin orthu.

Fág freagra ar 'Treoirlínte maidir le féiniúlacht agus léiriú inscne foilsithe do scoileanna lán-Ghaeilge'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt ar tuairisc.ie, Dé Máirt, Feabhra 7, 2023, ‘Treoirlínte maidir le féiniúlacht agus léiriú inscne agus léiriú inscne foilsithe do scoileanna lán–Ghaeilge’.

    Tuairiscíonn tuairisc.ie go bhfuil Treoirlínte foilsithe ag an bhForas Pátrúnachta i dtaobh féiniúlacht inscne agus léiriú inscne ag daltaí ar scoileanna lán–Ghaeilge.

    Is iad an Foras Pátrúnachta an foras is mó a dhéanann pátrúnacht ar scoileanna lán–Ghaeilge, agus is ar 4 shaghas scoile a bhíonn siad ag freastal: scoileanna ar éiteas Caitliceach; scoileanna ar éiteas Ilchreidmheach; cinn ar éiteas Ionchreidmheach; agus cinn ar éiteas Idirchreidmheach (Caitliceach/Protastúnach). Níl an focal ‘ionchreidmheach’ ar téarma.ie, ach is é intra–denominational an leagan Béarla atá air sin ar láithreán Gréasáin an Fhorais Pátrúnachta féin. Deir Wiktionary gurb é rud a chiallaíonn intra–denominational, ‘within a religious denomination’. Níl aon tuairim faoin spéir agamsa cad a chiallaíonn sé sin.

    Rinne an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta [COGG] maoiniú ar thogra na dTreoirlínte. Chuaigh díom féin teacht ar chóip de na Treoirlínte ar láithreán Gréasáin an Fhorais Pátrúnachta féin.

    Is í Jill McMahon Bainisteoir Cumarsáide an Fhorais Pátrúnachta, agus deir sise gur ‘mór linn an t–ionchur uathu.’ Is é rud atá i gceist ag Jill, an t–ionchur ó Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne [TENI]. Braithimse gurbh amhlaidh a shíl Jill a rá ‘gur mór againn an t–ionchur ó TENI’, agus tharlódh dul amú a bheith orm. Is í an chiall choitianta le ‘is mór liom/linn’ ‘is iomarcach liom/linn’, agus cuireann sé ag gáire mé i gcónaí nuair a fheicim ‘is mór linn tú a bheith i láthair an tseolta leabhair’, nó a leithéid, mar gurb é rud a chiallaíonn sé ‘bí ann, má chaitheann tú, ach ní bheidh aon fháilte romhat.’

    ‘Agus cé hiad Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne [TENI]?’ arsa tusa. Seo cuid den chur síos ar an Líonra san alt sin ar tuairisc.ie: ‘Ó 2006, tá TENI ag déanamh stocaireachta ar son daoine trasinscneacha, ag cur oideachais ar fáil do thuismitheoirí agus don phobal agus ag tacú leis an bpobal trasinscneach go praiticiúil.’

    Ní miste a fhiafraí: ‘cén t–eolas atá ar TENI timpeall na trasinscne, taobh amuigh de bheith ‘ag déanamh stocaireachta ar son daoine trasinscneacha … agus ag tacú leis an bpobal trasinsnceach go praiticiúil’.

    An buíon síciatraithe iad, nó buíon síceolaithe? An féidir a bheith ag brath i gcúrsaí eolaíochta ar dhaoine ar lucht idé–eolaíochta go bunúsach iad?

    Fear é an Dr Gavin Ashenden a thug na blianta ina shéiplíneach Anglacánach ag Banríon Eilís II Shasana, trócaire uirthi. Duine de 36 shéiplíneach ag an mBanríon sin ba ea an Dr Ashenden, ó 2008–2017. Ach sa deireadh tuigeadh dó nach mbeadh sé ceart aige leanúint air ina chomhalta de theaghlach eaglaiseach na Banríona, agus d’éirigh sé as. Bhí sé ar feadh 2 bhliain ansin ina easpag misnéireachta ag Eaglais na nEaspag Críostaí, 2017–2019. Ach d’iompaigh an Dr Ashenden ina Chaitliceach sa bhliain 2019, agus tá sé anois ina Eagarthóir Comhlachais ar an gCatholic Herald, iris Chaitliceach de chuid Shasana.

    Bhí an Dr Ashenden ar feadh na mblianta ag tacú le fealsúnacht LADTAI+, go dtí gur tháinig athrú aigne air ina taobh. Mheabhraigh sé le déanaí, le linn agallaimh a cuireadh air, nach bhfuil sna daoine a bhfuil an diosfóire ghnéis orthu ach 0.07% den líon daoine.

    An tOllamh Susan M. Sawyer, agus comhghleacaithe léi, rinne siad amach le déanaí, gurb é an fad a mhaireann an teacht in inmhe go fisiceach: ó sháraíonn duine 10 mbliana d’aois go dtí go sáraíonn sé/sí 24 bliana d’aois [‘The age of adolescence’, The Lancet Child and Adolescent Health (Eanáir 17, 2018).

    Más fíor sin, cad chuige a mbeifí á chur i gceann leanaí, agus ógánach, gur trasinscneach ó bhonn atá siad, nuair nach dtagann deireadh go fisiceach leis an teacht in inmhe go dtí go sáraíonn duine 24 bliana?

    Bhí mé féin ag faire cruinnithe de chuid an Roghchoiste um Leanaí, Chomhionannas, Mhíchumas, Lánpháirtíocht, agus Óige, tráthnóna. D’fhreagair an tAire Roderic O’Gorman ceist ó Jennifer Murnane O’Connor, TD ag Fianna Fáil i nDáilcheantar Cheatharlach/Chill Chainnigh. D’inis an tAire don Teachta Murnane O’Connor go raibh an Roinn seo aige féin ag maoiniú Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinscne [TENI], agus gurbh í sláinte daoine ‘trasinscneacha’ an gad ba ghiorra don scornach i gcúrsaí airgead a chaitheamh –– daoine faoi bhun 18 mbliana, agus daoine os cionn 18 mbliana. D’inis an tAire chomh maith go raibh siad ag iarraidh príomhchomhairleoir síciatrachta a cheapadh chun féachaint ina ndiaidh sin, ach go raibh teipthe ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Éireannach a cheapadh don phost sin, agus go bhfuil siad ag triail síciatraí ó thar lear a cheapadh anois. Má leanann a oiread sin fadhbanna meabhairshláinte an ‘trasinscneachas’, ní féidir gur den chéill ag an Stát é a bheith á chur chun cinn chomh mór is atá.

    An chomhghuaillíocht a bhí laistiar den Vóta TÁ sa Reifreann um Chomhionannas Pósta sa bhliain 2015, tá siad in adharca a chéile le blianta gearra déanacha. Is amhlaidh atá faicsean an ‘trasinscneachais’ ag iarraidh basaíocht a dhéanamh ar an gcuid eile go léir acu, agus gan aon fhonn ar na faicsin eile sa chomhghuaillíocht sin géilleadh d’fhaicsean an ‘trasinscneachais’. Sciar mór de lucht an homaighnéasachais, áitíonn siad gur homaighnéasach a bhí siad féin ag teacht ar an saol dóibh, agus dá réir sin, ní chreideann siad gur féidir do dhuine an claonadh collaíochta aige nó aici a athrú; agus nach féidir do dhuine an gnéas inar saolaíodh é/í a athrú ach chomh beag. Tá feiminigh radacacha go leor a áitíonn nach bhfuil ann ach an dá ghnéas: fear agus bean, agus gurb in sin! Cuireann sé siar ó thuaidh ar fad na feiminigh sin, agus daoine eile go leor, go bhfuil iarracht á déanamh ag an Stát le tamall ar an bhfocal ‘bean/woman’ a ruaigeadh as stór focal na hoifigiúlachta. Bímse ag faire imeachtaí na Dála, an tSeanaid, agus Choistí an Oireachtais go rialta, agus is minic a bhaineann Teachtaí, Seanadóirí, agus comhaltaí de Choistí leas as an leagan Béarla women and pregnant people –– gan aon bhréag ná magadh. Is é an cháil is mó atá ar Ghraham Linehan gurbh é scriptscríbhneoir na sraithe grinn teilifíse Father Ted é. Ach tá a theacht isteach-san mar scriptscríbhneoir caillte ag Linehan, mar nach dtabharfadh aon duine post dó ó chuir sé i gcoinne fir a chur i bpríosún ban, fir a áitíonn gur mná iad féin; chuir Linehan i gcoinne cead a thabhairt do na fir sin leithris agus áiseanna cithfholctha ban a úsáid. Tá íde na muc is na madraí á tabhairt go rialta do Joanne K. Rowling, údar na sraithe leabhar ar Harry Potter, mar go bhfuil sise ar aon tuairim le Linehan ar an méid sin. Ach tá taoide ag casadh i gcoinne na deachtóireachta sin ag lucht ‘trasinscneachais’, agus ag a gcosmhuintir. Tá daoine ag teacht ar an tuairim de réir a chéile, go gcuirfidh sé deireadh leis an tsaoirse chainte, agus leis an daonlathas liobrálach go deimhin, má leantar de bheith ag géilleadh don deachtóireacht.

    Insíonn na scoláirí dúinn go bhfuil an Ghaeilge ar an dé deiridh sna Gaeltachtaí, agus go bhfuil gá le hí a athbheochan sna ceantair sin féin. Ná déarfá gurb í an athbheochan sin príomhghnó na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta? Ach dar ndóigh is mó ag na Gaeil oifigiúla a bheith vócáilte ar gach uile shlí, ná a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo dáiríre.