Tréaniarracht ag teastáil ó Chúige Mumhan san ardchathair

Tá deireadh seachtaine spéisiúil roimh na Cúigí i mBabhta 6 den URC

Tréaniarracht ag teastáil ó Chúige Mumhan san ardchathair

Tá buntáiste an bhaile ag na Connachtaigh don tríú Aoine as a chéile agus an t-ádh orthu nach bhfuil freasúra na hoíche anocht, na Scarlets, leath chomh láidir ná chomh hiomaíoch leis an dá fhoireann eile a d’imir siad ar an mBóthar Beag, Mumhain agus Laighin.

Sa tríú háit déag ar thábla an chomórtais atá foireann na Breataine Bige agus trí chluiche as cúig cinn caillte acu. Bhí siad cothrom i gcluiche amháin agus bhuaigh siad cluiche an deireadh seachtaine seo caite i gcoinne Zebre. Lagiarracht, a dúirt tú. Bhuel is fearr sin ná iarracht na gConnachtach a chaill ceithre cinn dá gcúig chluiche go dtí seo agus nár bhuaigh ach an t-aon chluiche amháin i gcoinne na Mumhan, toradh a fhágann iadsan sa chúigiú háit déag, buailte le  Zebre atá ag bun an tábla.

Mar sin féin d’imir na Connachtaigh, Cúige Laighean, Cúige Mumhan, dhá fhoireann áitiúla san Afraic Theas agus na hUltaigh, freasúra atá i bhfad níos láidre ná Zebre, Caerdydd, Benetton agus na hOspreys, na foirne a d’imir na Scarlets. Go deimhin, seans maith gurb iad na hUltaigh an fhoireann is láidre a d’imir na Scarlets fós an séasúr seo agus chaill siad an cluiche sin 39 -55 in ainneoin go raibh siad ag imirt sa mbaile. Ní iontas ar bith é go bhfuil lucht leanta Chúige Chonnacht ag tuar bua baile.

Amárach, beidh na hUltaigh ar thóir a ndara bua san Afraic Theas agus iad ag dul chun páirce i gcoinne na Sharks in Durban. Ba cheart go mbeadh coimhlint iontach againn sa gcluiche seo idir foirne atá gar do bharr thábla an chomórtais. Tá Cúige Uladh sa dara háit agus tá na Sharks sa cheathrú háit. Ní bhíonn sé éasca ag cuairteoirí chun na hAfraice Theas an lá a thabhairt leo ach rinne na hUltaigh é sin seachtain ó shin in Johannesburg i gcoinne na Lions (39-37), níl cúis ar bith nach féidir leo é a dhéanamh arís amárach.

San Aviva a bheas rogha chluichí an deireadh seachtaine, idir Cúige Laighean atá ar bharr an tábla is gan aon chluiche caillte acu go dtí seo, agus na Muimhnigh atá sa deichiú háit agus gan ach dhá bua as cúig chluiche acu go dtí seo. Níl aon dabht ach go bhfuil dúshlán ollmhór roimh fhoireann na Mumhan agus iad ag dul go dtí an phríomhchathair ach caithfidh siad tógáil ar an mbua maith baile a bhí acu i gcoinne na Bulls i mbabhta a 5. Beidh gá le tréaniarracht eile ach fiú leis sin féin, tá an baol ann go bhfuil an tástáil chrua seo i gcoinne foireann atá chomh láidir le Cúige Laighean ag teacht róluath sa séasúr dóibh. Feicfimid linn.

Fág freagra ar 'Tréaniarracht ag teastáil ó Chúige Mumhan san ardchathair'