Trealamh éigeandála molta le haghaidh feithiclí na tíre seo

Tá an RSA ag lorg tuairimí an phobail faoi mholtaí gur cheart trealamh éigeandála a bheith ar iompar ag daoine ina gcarranna

Trealamh éigeandála
Trealamh éigeandála

D’fhéadfadh sé nach fada go mbeidh ar gach tiománaí trealamh éigeandála a bheith ina fheithicil aige.

Tá comhairliúchán poiblí iarrtha ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) le tuairimí daoine a fháil faoin ngná a bheadh le pacáiste éigeandála sa chás go mbrisfeadh feithicil síos nó go mbeadh timpiste ag duine.

Moltar go ndéanfaí fearas garchabhrach, veist shofheicthe, triantán rabhaidh agus tóirse a iompar i bhfeithicil gach tiománaí.

Sula gcuirfidh siad moltaí foirmeálta os comhair na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, áfach, tá an RSA ag iarraidh aiseolais ón bpobal trí dhul i gcomhairle leo agus a gcuid tuairimí faoin gceist a fháil ar dtús.

Tá pacáistí éigeandála i bhfeithiclí ina riachtanas dlíthiúil in 80% de thíortha an Aontais Eorpaigh. I bhformhór na dtíortha sin, tá triantán rabhaidh, veist shofheicthe agus fearas farchabhrach ina riachtanas.

Creideann an RSA go bhféadfadh tóirse cabhrú le duine áit shábháilte a bhaint amach san oíche sa chás go mbainfeadh timpiste dó nó go mbrisfeadh a charr síos. Bheadh a leithéid fíoráisiúil ar bhóithre tuaithe go háirithe.

Fógairt do thiománaithe eile ba ea triantán rabhaidh freisin. Bheadh a fhios ag tiománaithe eile gur cheart dóibh moilliú nó bogadh go cliathánach amach as an mbealach sa chás go mbeadh feithicil duine caite ar thaobh an bhóthair.

Sa chás go ngortófaí duine, d’fhéadfadh duine eile cóir leighis de chineál a chur air ach fearas garchabhrach a bheith aige. Dá mba dhrochthimpiste a bhí ag duine, thabharfadh duine eile as ionad otharcharr treoracha don duine sin maidir le cóir leighis an fhaid is a bheadh oibrithe leighis ar an mbealach.

Fáilteoidh an RSA roimh mholtaí an phobail roimh an 12 Meitheamh.