Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga…

Tá go leor le rá sa litríocht agus sa seanchas faoin ‘Aibreán braonach meigileach nua’

Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga…

Céad fáilte roimh an Aibreán bog braonach nó, mar a thug Amhlaoibh Ó Suílleabháin air sa mbliain 1829, ‘Aibreán braonach meigileach nua.’

Dúirt Amhlaoibh nár léigh sé agus nár chuala sé ariamh cén chiall a bhí leis an leagan cainte ‘amadán Aibreáin’. Nuair a chuir an tAthair Mícheál Mac Craith a dhialann in eagar céad bliain dár gcionn thug seisean míniú air. Dúirt sé go mbíodh drámaí liotúirgeacha coitianta sa meánaois. Bhí tionchar ar leathnú an nóis sin ag leabhar a scríobh easpag Francach darbh ainm William Durand. An Rationale Divinorum Officiorum an teideal a bhí ar an leabhar. 

De réir a chéile thosaigh buachaillí báire, dailtíní, alfraitsí, teallairí ag déanamh scigaithrise ar na drámaí seo. Bhí ‘Féile na nAmadán’ ar cheann de na hiarrachtaí a chuir siad ar fáil.

 Tagann nádúr deas san aimsir go hiondúil le teacht an Aibreáin. Tagann fás faoi chuile phlanda nuair a fhaigheann na fréamhacha trí dheoch den Aibreán a deirtí. Chuala mé go minic an rud céanna ráite faoin mbia cladaigh an bairneach: nach mbíonn aon chaoi air le n-ithe go bhfaigheann sé trí dheoch den Aibreán. 

Cothrom an lae inniu sa mbliain 1830, dúirt Amhlaoibh Ó Súilleabháin go raibh ‘ialtóga ag eiteall go fuadrach íseal i mo thimpeall, um crónú lae, na háinleoga (fáinleoga) bolgbhreaca ag cuilireacht timpeall na habhann, ach nár tháinig na háinleoga ciardhubha chum na seanchaisleán fós.’ 

Cothrom an lae seo an bhliain roimhe sin dúirt sé go bhfaca sé sailchuach cois na hAbhann Bige. ‘Ní miste sail chuach do ghlaoch air’, a dúirt sé, ‘óir is gearr d’éis a fheiscint go labhrann an chuach, .i. tagann an chuach lena sháil.’ 

 Níl a fhios agam cén breithiúnas a thabharfadh lucht sanasaíochta ar an míniú sin?

Sa scéal Eoghainín na nÉan a scríobh an Piarsach ní raibh Eoghainín roimh na fáinleoga nuair a tháinig siad san Aibreán. Seo mar a chuir sé é:

Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga. Bhí solas iontach ag bun na spéire san iarthar mar bhí an bhliain roimhe sin. Bhí séis cheoil ag an éanlaith sa gcoill. Bhí duan á chanadh ag na tonntracha ar an trá. Ach ní raibh aon ghasúirín fionnbhán ina shuí ar mhullach na carraige ar scáth na bhfuinseog. Istigh ins an teach bhí bean aonraic ag caoi cois tine.

Tá sé beagnach cinnte gur le heitinn a cailleadh Eoghainín. Thug an Piarsach suntas faoi leith don méid daoine a bhí an eitinn a chur chun báis le linn dó a bheith i Ros Muc. Go deimhin chuaigh sé féin agus an Dr Séamus Ó Beirn agus daoine eile ar thoscaireacht as Conamara chuig lucht rialtais i mBaile Átha Cliath uair amháin ag impí orthu beart éicint a dhéanamh leis an eitinn a mhaolú.

Ó thaobh na filíochta de dúirt an file Art Mac Cumhaigh an méid seo,  ‘ar an cúigiú lá séimh de mhí an Aibreáin gan chluain chuaigh Ó Doirnín i gcré , fear déanta laoi agus duan’. Peadar Ó Doirnín a bhí i gceist aige.

Bhí an leagan cainte sean-Mhárta ann, an tréimhse idir an chéad lá agus an t-aonú lá déag den Aibreán. Deirtí go raibh féilire na haoise seo 11 lá luath de réir an tseanchomhairimh.

Ní miste a mheabhrú gur cothrom an lae inniu sa mbliain 1899 a bhásaigh an píobaire iomráiteach as contae an Chláir Garrett Barry. Ba mhór an tionchar a bhí ag a chuid ceoil ar phíobaire iontach eile as an gcontae céanna, Willie Clancy.

Níor labhair mé fós ar gharbhshíon na gcuach. Deirtear in áit amháin gurb iad na laethanta deireanacha den Aibreán iad agus deirtear in áit eile gurb iad na chéad laethanta den Bhealtaine atá i gceist.

Fág freagra ar 'Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga…'