Tráthnóna an sprioc do mholtaí do Bhille Gaeilge do Thuaisceart Éireann

Tuairimí á lorg faoi stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann agus faoi cheantair áirithe ann a aithint ‘mar cheantair Ghaeltachta’

Caral_Ni_Chuilin_cropped

Tiocfaidh deireadh ag 5pm inniu (Dé Máirt) leis an deis a bhí ag an bpobal moltaí a dhéanamh faoi Bhille Gaeilge do Thuaisceart Éireann.

Nuair a seoladh an próiseas comhairliúcháin phoiblí don Bhille trí mhí ó shin, dúirt an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, gur léir ó dhlínsí eile go bhfuil gá le reachtaíocht le teangacha mionlaigh dúchasacha a chosaint.

Thagair sí don chosaint reachtúil a bhí tugtha don Bhreatnais sa mBreatain Bheag, don Ghàidhlig in Albain agus don Ghaeilge ar an taobh ó dheas den teorainn. “Is bealach éifeachtach í an reachtaíocht leis an Ghaeilge a chosaint agus le comhionannas agus stádas iomchuí a thabhairt di,” a dúirt sí.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tugadh cuireadh don phobal tuairimí a nochtadh faoi stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann agus faoi cheantair áirithe ann a aithint “mar cheantair Ghaeltachta”. Iarradh moltaí freisin faoi chearta i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna, sa tionól, in obair na n-eagras stáit, agus i réimse an oideachais. I bplépháipéar a foilsíodh mar chuid den phróiseas, luadh an gá le ‘Coimisinéir Gaeilge’ do Thuaisceart Éireann.

Is sa bhliain 2003 a thosaigh an eagraíocht Pobal ar a bhfeachtas chun ‘Acht na Gaeilge do Thuaisceart Éireann’ a fháil agus d’fhoilsíodar dréachtbhille teanga dá gcuid féin.

Tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge freisin ar phobal na teanga moltaí a sheoladh roimh spriocam an lae inniu chuig an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann.

Fág freagra ar 'Tráthnóna an sprioc do mholtaí do Bhille Gaeilge do Thuaisceart Éireann'