Tráth na cinniúna do Chúige Chonnacht

Má theipeann ar Chúige Chonnacht inniu agus iad as baile san RDS i gcoinne Chúige Laighean beidh ceithre chluiche as a chéile caillte acu

Tráth na cinniúna do Chúige Chonnacht

Is cinnte gur lig na Connachtaigh na maidí le sruth le linn an dara leath dá gcluiche idir chúige i gcoinne na nUltach an Domhnach seo caite. Bhí chuile bhuntáiste ag foireann na Gaillimhe ag leath-am, iad ag imirt sa mbaile agus iad cúig phointe chun cinn ach faoin am ar fhógair an réiteoir deireadh an chluiche d’éirigh le foireann Bhéal Feirste bearna de thrí phointe dhéag a oscailt eaturru.

Fágann sin go bhfuil baol mór ann anois go mbeidh foireann Chúige Chonnacht ar an ngannchuid faoin am a mbeidh deireadh leis an tsraith trí chluiche idir chúigí. Má theipeann orthu arís inniu agus iad as baile san RDS i gcoinne Chúige Laighean beidh ceithre chluiche as a chéile caillte acu agus dúshlán ollmhór eile fós le teacht i gcoinne na Muimhneach faoi cheann seachtaine. Má leanann cúrsaí mar atá do na Connachtaigh is beag is fiú a bheith ag caint ar an sáriarracht a rinne siad i gcoinne leithéide Racing 92, cluiche a chaill siad ar éigean. Is gnó gairmiúil an cluiche anois, níl aon ghlacadh leis an maoithneachas ná le foirne a bheith ag cailleadh cluichí le cúl a chéile.

Mar sin, níl aon dabht ach go bhfuil dúshlán ollmhór roimh na Connachtaigh tráthnóna.  Caithfidh siad an taoide a chasadh. Níl mise cinnte an mbeidh siad in ann é sin a dhéanamh agus iad i gcoinne foireann nár chaill aon chluiche in aon chomórtas fós an séasúr seo. Ní hamháin sin ach níor chaill na curaidh cluiche ar bith i gcomórtas an Pro 14 anuraidh ach oiread.

Caithfidh na Connachtaigh imirt mar a rinne siad sa gcéad leath i gcoinne na nUltach, nó níos fearr más féidir leo, thar ochtú nóiméad an chluiche. Caithfidh feabhas a theacht freisin ar an tacaíocht a thugann siad dá chéile, rud a bhí uafásach ar fad sa dara leath seachtain ó shin.  Má theipeann orthu an imirt sin a bhaint amach,  íocfaidh siad go daor as.

Is fiú a thuairisciú nach bhfuil na geallghlacadóirí ag tabhairt mórán seans do Chúige Chonnacht sa gcoimhlint seo. Tá súil agam go mbeidh foireann Andy Friend in ann  iad a bhréagnú. Ba mhór an peaca é dá mbeadh dhá aicme i measc foirne gairmiúla rugbaí na tíre seo, Cúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh i ngrúpa amháin agus Cúige Chonnacht leo féin i bhfad siar uathu i ngrúpa eile.

Inniu freisin beidh Cúige Mumhan ag taisteal ó thuaidh go Béal Feirste le tabhairt faoi na hUltaigh, foireann atá ar bharr thábla Ghrúpa A. Tá sé i bhfad nós deacra toradh an chluiche seo a thuar mar nár chaill ceachtar foireann cluiche ar bith fós sa gcomórtas seo. Ní hamháin sin ach tá an dá fhoireann ag imirt le stíl agus le sprid nach bhfaca muid uatha le fada an lá. Má éiríonn le Cúige Mumhan an lá a thabhairt leo is cinnte go mbeidh éacht déanta acu ach ní féidir buntáiste an bhaile do Chúige Uladh a chur as an áireamh. Ní bheidh a dhath idir an dá fhoireann seo.

Fág freagra ar 'Tráth na cinniúna do Chúige Chonnacht'