Tráth dá raibh bhíodh breis is 20,000 saighdiúir lonnaithe i gcontae Chill Dara ag an mBreatain

Is mór a tharla i 1922 ach leanann an saol ar aghaidh mar is léir ón taispeántas seo as Cill Dara a osclóidh Catherine Martin inniu

Tráth dá raibh bhíodh breis is 20,000 saighdiúir lonnaithe i gcontae Chill Dara ag an mBreatain

Tráth dá raibh bhíodh breis is 20,000 saighdiúir lonnaithe i gContae Chill Dara ag an mBreatain. Ní nach ionadh ní áthas a bhí ar gach duine gur imíodar. Má bhí na Sasanaigh imithe tar éis 800 bliain, fágadh cuid mhaith daoine dealbh mar go raibh geilleagar an cheantair ag brath cuid mhaith ar an soláthar a rinneadh ar na fórsaí sin.

Bhí muintir na háite i láthair ag an ócáid stairiúil sin 100 bliain ó shin agus iad ag féachaint ar leoraí i ndiaidh leoraí agus trúpaí i ndiaidh trúpaí ag imeacht trí bhailte Chill Dara ar a mbealach go calafort Bhaile Átha Cliath.

An lá céanna, mháirseáil arm nuabhunaithe an tSaorstáit isteach ar an gCurrach agus an Droichead Nua chun ceannas a ghlacadh ó na trúpaí a bhí ag imeacht. Ní raibh ann ach mí gur thosaigh Cogadh na gCarad, cogadh a d’fhág a lorg ar an tír agus ar a muintir. Agus lean an saol ar aghaidh…

Sa taispeántas seo faighimid léargas ó lucht staire is ealaíon na háite ar thábhacht na hócáide cinniúnaí sin agus meáin éagsúla á n-úsáid acu.

Inniu, an 9 Samhain, a osclóidh Catherine Martin, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an taispeántas ilmheán seo in Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ag a 10.00am.

Fág freagra ar 'Tráth dá raibh bhíodh breis is 20,000 saighdiúir lonnaithe i gcontae Chill Dara ag an mBreatain'