Tranglam cluichí móra i ndán do pheileadóirí na Gaeltachta i gCiarraí

Idir chluichí Chiarraí Thiar i gCraobh Shinsir an Chontae, chluichí ceannais na Gaeltachta sa Chraobh Idirmheánach agus sa tSraith, tá neart peile le himirt fós ag peileadóirí Chorca Dhuibhne i mbliana

Tranglam cluichí móra i ndán do pheileadóirí na Gaeltachta i gCiarraí

Imreoir na Gaeltachta, Séan Ó Bambaire. Pictiúr le Seán Ó Mainín

Beidh cúpla seachtain ghnóthach ag peileadóirí na Gaeltachta i gCiarraí an mhí seo chugainn agus na socruithe déanta do bhabhtaí deireanacha Chraobh Shinsir an Chontae agus Chraobh Idirmheánach na gClubanna.

Tá na sonraí faoi na cluichí móra seo deimhnithe anois agus imreofar cluiche ceannais idirmheánach na Gaeltachta ag 3.00i.n. Dé Domhnaigh, 29 Deireadh Fómhair i bPáirc Aibhistín de Staic i dTrá Lí.

Sháraigh an Ghaeltacht Naomh Muire coicís ó shin chun cáiliú don chluiche ceannais agus fir Chorca Dhuibhne ag iarraidh an grád sinsir a bhaint amach den chéad uair ó 2009. Is iad an Teampall Nua, a fuair an ceann is fearr ar Raonaithe na Leamhna Dé Sathairn seo caite, a bheidh rompu sa chluiche ceannais tar éis dóibh.

Mar a tharlaíonn sé, chas an Ghaeltacht agus an Teampall Nua ar a chéile i gcraobh na bliana seo caite, agus ba iad fir Chiarraí theas a thug an lá leo sa bhabhta leathcheannais sular chaill siad in aghaidh Neidín sa bhabhta ceannais.

Roimh an gcluiche ceannais sin ag deireadh na míosa, beidh scata mór d’imreoirí na Gaeltachta ag imirt le foireann Chiarraí Thiar, a bhfuil cluiche leathcheannais Chraobh Shinsir an Chontae bainte amach acu. Dhá dhuine dhéag ó chumann na Gaeltachta a thosaigh sa chluiche a bhí ag Ciarraí Thiar in aghaidh Aibhistín de Staic an deireadh seachtaine seo caite, cluiche ar bhuaigh fir an iarthair é, 1-17 in aghaidh 0-14.

Tabharfaidh Ciarraí Thiar aghaidh anois ar sheaimpíní na hÉireann, na Crócaigh, sa chluiche leathcheannais. Imreofar an cluiche sin ag 4.45i.n. Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair i Staid Mhic Gearailt.

Má éiríonn le Ciarraí Thiar an bua a fháil sa chluiche sin, beidh cluiche ceannais an chontae ann coicís ina dhiaidh sin, an 22 Deireadh Fómhair, seachtain roimh chluiche ceannais idirmheánach na Gaeltachta.

Ní hin deireadh na gcluichí ag imreoirí na Gaeltachta, áfach, mar tá dáta le socrú fós do chluiche ceannais Roinn 1 na sraithe in aghaidh na gCrócach, gan trácht ar an aistear bheadh le déanamh acu i gCúige Mumhan dá n-éireodh leo an Chraobh Idirmheánach a thabhairt leo.


Cluiche leathcheannais Chraobh Shinsir an Chontae

Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair

Ciarraí Thiar v Na Crócaigh, Staid Mhic Gearailt, 4.45i.n.

Cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na gClubanna

Dé Domhnaigh, 29 Deireadh Fómhair

An Ghaeltacht v An Teampall Nua, Páirc Aibhistín de Staic, 3.00i.n.

Fág freagra ar 'Tranglam cluichí móra i ndán do pheileadóirí na Gaeltachta i gCiarraí'