Tranglam agus tarrac tríd

Ní fuirist ceist chráite chlár na gcluichí a fhuascailt ach pé leigheas atá ar an scéal, ní féidir leanúint ar aghaidh mar atá.

General view of the Sam Maguire cup 21/9/2014

Leanfar leis an ndíospóireacht faoi shocrú na gcluichí ag comhdháil bhliantúil Chumann Lúithchleas Gael Chorcaí Dé Domhnaigh.

Díospóireacht í seo a tharraingíonn caint tráth an ama seo gach aon bhliain ó thús na mílaoise agus ainneoin cuid de na riarthóirí is cumasaí san eagraíocht bheith ag cur a meabhair leis an ndúshlán sa tréimhse sin, tá dulta dóibh aon réiteach a fháil ar an scéal.

Ba dhóigh le duine ar an gcéad éachtaint go mbeadh réiteach ana-shimplí ar an gcás. Tá breis is leathchéad deireadh seachtaine sa bhliain agus thaibhseofaí duit gur leor san chun clár cuimsitheach cluichí a chur ar fáil do gach imreoir i ngach grád ó mhionúr go sinsear.

Tá cúinsí eile le cur san áireamh, áfach, agus ní haon iontas dá réir, go n-éiríonn an scéal ana-chasta,     ana-thapaidh.

Leis an iliomad comórtas, leis an éileamh a deintear i ngach grád ar imreoirí óga cumasacha, leis an ndeacracht a eascraíonn as cluichí a chríochnaíonn ar comhscór, leis an gcumhacht atá ag bainisteoirí eadarchontae agus anuas air sin ar fad, leis an oiread cumann agus contae atá ag iarraidh an dá thráigh (peil agus iománaíocht) a fhreastal – fágtar riarthóirí agus lucht socraithe na gcluichí ag tochas a gcinn arís is arís eile.

Ina n-iarrachtaí níos luaithe i mbliana teacht ar shlite chun fuascailt a thabhairt don gcruachás, ghlac Ard-Chomhairle CLG le moladh Choiste Athbhreithnithe na gCluichí go n-imreofaí na craobhacha club go léir laistigh d’aon bhliain amháin.

Bunaíodh grúpa ar leith, le leithéidí Ard-Stiúrthóir CLG, Páraic Duffy, an tUachtarán Liam Ó Néill, ceann feadhain riartha na gcluichí, Feargal McGill, agus cathaoirleach Chumann na nImreoirí, Dónal Óg Cusack, chun féachaint ar shlite chun an moladh a chur i bhfeidhm.

Aontaíodh go gcaithfí vóta ar na slite seo ag Comhdháil Bhliantúil CLG i mí Feabhra agus go gcuirfí an clár ama nua i bhfeidhm sa bhliain 2016, dá nglacfaí le móramh dhá dtrian.

Bhí sé sa phlean ag Coiste Athbhreithnithe na gCluichí go n-imreofaí formhór na gcluichí club idir lár an Aibreáin agus luath i mí Lúnasa ach tá cuid mhaith constaicí agus dúshlán tar éis teacht chun cinn cheana féin, ní lú ina measc nár ghlac Ard Chomhairle CLG leis go bhféadfaí a leithéid de chlár ama a chur i gcrích.

Tá rúnaí CLG Chiarraí, Peter Twiss agus riarthóir sinsireach CLG Chorcaí Diarmuid O’ Donovan beirt tar éis a fhógairt le seachtain anuas gur dhóigh leo nach féidir clár chluichí na gclub a chur i bhfeidhm ina gcontaetha má téitear chun cinn leis an moladh go n-imreofaí na cluichí club go léir in aon bhliain amháin.

Ina chuid cainte ag Comhdháil Bhliantúil Chiarraí Dé Luain seo caite, dúirt Peter Twiss nach dtuigeann siad siúd a bhíonn ag cáiseamh an tranglaim cluichí na dúshláin a bhaineann le riaradh clár cluichí.

Dúirt Twiss go dtugtar deich ndeireadh seachtaine sa bhliain dó féin inar féidir cluichí craoibhe a imirt agus é ag leagan amach clár cluichí agus nach gcuirtear san áireamh go bhféadfadh athimirt bheith i gceist ag leibhéal eadarchontae nó go bhféadfadh imreoirí bheith ag imirt an dá chluiche, peil agus iománaíocht. Níl ansan ach tús an scéil.

Luaigh sé go sonrach Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana agus na deacrachtaí a chruthaigh an Comórtas dó féin mar riarthóir toisc gur thit sé ar dheireadh seachtaine amháin as an deich gcinn de dheirí seachtaine a bhí lamhálta dó chun cluichí craoibhe club a imirt i gCiarraí.

Ina thuairisc siúd do Chomhdháil Chorcaí Dé Domhnaigh seo chughainn, beidh sé le rá ag O’ Donovan go gcaithfí cluichí ceannais contae i gCorcaigh a imirt i mí Mheán Fhomhair dá nglacfaí leis an moladh go rithfí na comórtais club go léir in aon bhliain amháin. Chruthódh sé seo deacrachtaí, dar leis, do na cumainn go léir atá ag imirt peile agus iománaíochta agus do na comhfhoirne dúiche atá chomh coitianta i gcraobhacha Chorcaí agus Chiarraí.

Deir O’ Donovan, dá réir, go mbeadh sé dodhéanta cloí leis an múnla do chraobh an chontae atá ag feidhmiú i gCorcaigh leis na blianta.

Is deacair a shamhlú, tar éis bheith ag éisteacht le beirt riarthóirí stuama le seachtain anuas, conas is féidir aon dul chun cinn a dhéanamh i gceist chráite chlár na gcluichí agus conas a leagtar amach an clár céanna.

Ach, rud amháin siúráilte – ní féidir leanúint ar aghaidh mar atá ach an oiread.

Fág freagra ar 'Tranglam agus tarrac tríd'