Tragóid theifeach ar na bacáin

Tá tragóid ar na bacáin i réigiún na Meánmhara. Níl rogha ag an Eoraip ach dul i ngleic le bunchúiseanna na hinimirce

An_Aerial_View_of_the_Za'atri_Refugee_Camp
Radharc ón spéir ar champa teifigh i Za’atri.

Ní inniu ná inné a thosaigh teifigh ag trasnú na Meánmhara i mbáid chontúirteacha. Tá seanchleachtadh ag cabhlaigh agus ag pobail chósta na Spáinne, na hIodáile agus na Gréige ar shoithí beaga a dhéanann iarracht an Eoraip a bhaint amach ón Afraic i gcoim na hoíche.

Is as an gcuid sin den Afraic – taobh ó dheas de ghaineamhlach an Sahára – den chuid is mó de na daoine a chuireann a mbeatha i mbaol ar na báid bheaga seo; cogadh, ocras nó bochtaineacht (nó an trí rud) na cúiseanna a bhíonn acu droim láimhe a thabhairt lena dtíortha dúchais.

Tá sárléargas ar an tragóid dhaonna seo ag Alan Titley ina úrscéal Gluaiseacht (An Gúm, 2009.)

Tá an gáinneáil ar dhaoine faoi bhláth i réigiún na Meánmhara le deich nó cúig bliana déag anuas, ach le gairid is léir go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar an earnáil mínáireach seo.

Agus an tSiria agus an Iaráic ina gcíor thuathail, tá fás ollmhór ar theifigh ón réigiún sin. Chun freastal ar an éileamh ard, tá úsáid á baint ag gáinneálaithe as báid mhóra lastais a fhágtar gan stiúir amach ó chóstaí na hEorpa, is léir don dall go bhfuil tragóid ar na bacáin.

Faoi láthair, is é polasaí an Aontais Eorpaigh teacht i gcabhair ar theifigh atá i mbaol a mbáis amuigh ar an bhfarraige agus iad a chur i gcampaí liombó ansin.

Sa bhliain 2014 amháin, bhí níos mó ná dhá chéad míle duine i gceist.

Níl na hacmhainní ag na ballstáit ar theorainneacha theas agus thoir na hEorpa dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonna seo ná níl sé féareáilte ó na ballstáit eile a bheith ag súil go ndéanfaidís amhlaidh.

Tá sé de dhualgas ar bhallstáit eile na hEorpa teacht i gcabhair ar an Spáinn, ar an Iodáil, ar an nGréig agus ar an mBulgáir (mar a bhfuil na scórtha míle teifeach i gcampaí gar do theorainn na Tuirce.)

Ach ní féidir ‘na geataí a oscailt’ ach an oiread. Ní amháin go gcuirfí ola ar thine an chiníochais san Eoraip ansin ach gach seans gur ‘tonn teifeach’ (mar a bhíonn á thuar ag polaiteoirí frith-inimirce de shíor) an toradh a bheadh ar chinneadh mar sin dáiríre.

Is léir, áfach, nach féidir le cúrsaí leanúint ar aghaidh mar atá: tá gáinneáil fhorleathan ar dhaoine agus campaí liombó mídhaonna. Cúis náire don Aontas Eorpach go bhfuil a leithéid ag tarlú ar leic an dorais.

Ó thaobh na moráltachta de, níl ach rogha amháin ag an Eoraip: dul i ngleic le bunchúiseanna na hinimirce seo ar fad. Ciallaíonn sé sin (sa ghearrthréimhse) deireadh a chur (i gcomhair le comhghuaillíocht idirnáisiúnta) leis an gcogadh sa tSiria agus san Iaráic agus (sa mheántréimhse agus san fhadthréimhse) féachaint chuige go gcuirfear deireadh le hocras, le bochtaineacht agus leis na coimhlintí sa chuid sin den Afraic taobh ó dheas den Sahára.

Ní dhéanfar sin thar oíche, ach ní mór tosú.

Gach seans nach bhfuil sna céadta míle teifeach atá ag fanacht ar réiteach áit éigin i réigiún na Meánmhara faoi láthair ach tús an scéil.

Faoin am a thosóidh leibhéal na farraige ag ardú i gceart de bharr théamh na cruinne, feicfimid céard is ‘tonn teifeach’ ann i ndáiríre.

Fág freagra ar 'Tragóid theifeach ar na bacáin'