Tost nó post – is deacair ciall a bhaint as an rogha a rinne Barry Cowen

Sa ghearrthéarma, cuirfidh l’affaire Cowen brú níos mó ar an rialtas ach déanfar dearmad air tar éis tamaill mura dtagann eolas nua chun solais

Tost nó post – is deacair ciall a bhaint as an rogha a rinne Barry Cowen

Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin. Cheartaigh Micheál Martin botún a rinne sé coicís ó shin agus Leas-Cheannaire Fhianna Fáil Dara Calleary á cheapadh mar lán-aire rialtais aige Dé Céadaoin.

Thug díbirt aire amháin deis don Taoiseach drochrogha a rinne sé agus an rialtas á chur le chéile aige a leigheas. Chuir an cinneadh an Teachta Dála as Maigh Eo a fhágáil ar lár iontas ar chách.

Ar bhonn cumais agus taithí, gan trácht ar thíreolaíocht, glacadh leis roimh ré go mbeadh post sinsearach ag Dara Calleary. Rud a fuair an tAire nua Talmhaíochta, trí thimpiste, tar éis 18 lá.

Más maith is mithid.

 Ní dea-thuar don rialtas í an chorraíl a dhúisigh ceapadh na n-airí i bhFianna Fáil agus an rabharta míshásaimh agus amhrais a spreagadh ó shin. Is léir don fhreasúra agus do chéilí rialtais Fhianna Fáil araon go mbeidh ceannaireacht an pháirtí sin ar bhonn éadaingean ar feadh scaithimh ar a laghad.

Bheadh sin dona go leor mura mbeadh an rialtas ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim is contúirtí dá bhfacthas sa stát ó bunaíodh é. Sa ghearrthéarma, cuirfidh l’affaire Cowen brú níos mó ar an rialtas agus tionscnamh fostaíochta á sheoladh acu, de réir mar atá geallta, an tseachtain seo chugainn.

Faraor, cé go mb’fhearr le gach aire díriú ar na príomhriachtanais, is léir nach bhfuil deireadh le ceistiú an Taoisigh. Ba léir sa Dáil Dé Céadaoin nach raibh sé ábalta freagra, a shásódh Mary Lou McDonald agus ionadaithe eile an fhreasúra, a thabhairt ar cheist shimplí: cén fáth gur chuir an rialtas bac faoi dhó (Dé Máirt) ar cheistiú an iar-aire talmhaíochta?

Dúisíonn riar lag agus/nó amscaí an Taoisigh ar an scéal ó thús ceisteanna eile. Ina measc, na ceisteanna a chuirtear ar gach ceannaire rialtais nuair a thagann mí-iompar aire go barr uisce. Cén uair a cuireadh ar an eolas é? Cad a rinne sé nuair a cuireadh ar an eolas é? Agus an cheist is achrannaí scaití: cén fáth nach ndearna sé an cinneadh a bhí riachtanach níos luaithe?

Thagair Eamon Ryan do cheist thábhachtach eile a chuir imní réasúnta ar mhórán.

Conas a sceith an tuairisc ar ar tharla don iar-aire talmhaíochta ó na Gardaí?

Ní bheidh freagra cruinn cuimsitheach ar an gceist ar fáil go mbeidh an sceitheadh fiosraithe ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána (GSoc).

Cibé locht a bhí ar láimhseáil an Taoisigh ar an scéal seo, rinne sé cinneadh Dé Máirt a neartóidh a údarás ar an rialtas agus ar a pháirtí ar feadh dhá bhliain go leith.

Idir an dá linn, ní léir go hiomlán fós an fáth gur briseadh Barry Cowen as a phost. Seachtain tar éis dó ráiteas leithscéalach neamhiomlán a dhéanamh sa Dáil, deir Micheál Martin gur iarr sé air labhairt sa Dáil arís faoin scéal.

Bhí rogha ag Cowen idir post agus tost. Tugadh deis dó labhairt sa Dáil ar iarratas an Taoisigh faoi cheisteanna a spreag cáipéis a fuair sé ó na Gardaí agus a thug sé do Mhicheál Martin. Sin nó an t-eiteachas a thabhairt don Taoiseach, an scéal a fhágáil faoina dhlíodóir agus faoi GSoc, agus a phost mar aire rialtais a chailliúint.

Cibé cúis a bhí lena rogha, tá sí déanta anois agus tá long an rialtais ag seoladh ar aghaidh agus Barry Cowen ar na cúlbhinsí. Déanfar dearmad ar a chás faoi cheann tamaill bhig.

Is é sin, mura dtagann faisnéis eile chun solais a léiríonn éagóir nó drochbhotún nach léir do dhuine ar bith faoi láthair ach amháin don iar-aire.

Fág freagra ar 'Tost nó post – is deacair ciall a bhaint as an rogha a rinne Barry Cowen'

  • Tiarnan de Fréine

    Síleann sé féin go mbeidh lá eile ag an bPaorach. Ní dóigh liom é!