Anois agus torthaí thoghchán na hEorpa istigh tá an Saoithín Aeráide ag iarraidh tátal a bhaint astu: céard iad na himpleachtaí don aeráid agus don timpeallacht?
An chéad rud a rith leis ná osna faoisimh a ligean, osna faoisimh ach cúpla aguisín léi.
Is ea, ní raibh an bogadh i dtreo na heite deise chomh láidir sin agus a bhí á thuar sna laethanta roimh an toghchán, agus is ea, léiríonn na torthaí go bhfuil tacaíocht láidir ag páirtithe an láir i gcónaí, polasaithe aeráide na bpáirtithe sin san áireamh, rud a chiallaíonn go bhfuil an chuma ar an scéal go gcloífear lena bhfuil aontaithe ar bhonn Eorpach cheana féin: laghdú 55% ar astuithe CO2 faoin mbliain 2030 agus a bheith neodrach ó thaobh an charbóin de faoin mbliain 2050.
Ag an am céanna, léirigh an titim a bhí ar thacaíocht na bpáirtithe glasa éagsúla ar fud na hEorpa agus an fás a bhí ar pháirtithe áirithe nach bhféadfaí a thabhairt orthu ach páirtithe frithaeráide agus frith-thimpeallachta (dhá shuíochán gnóthaithe ag páirtí úrnua, Gluaiseacht na bhFeirmeoirí agus na Saoránach (BBB) san Ísiltír, mar shampla) nach n-aontaíonn chuile vótóir leis na spriocanna aeráide agus timpeallachta atá aontaithe cheana féin, ná baol air, agus go bhféadfadh sé a bheith níos deacra amach anseo tógáil ar a bhfuil bainte amach go dtí seo, nó iarracht a dhéanamh na spriocanna atá aontaithe cheana féin a bhaint amach níos luaithe.
An deacracht is mó, seans, agus impleachtaí thorthaí an toghcháin Eorpaigh don aeráid agus don timpeallacht á meas, ná nach bhfuil dearcadh iontach soiléir ar chúrsaí aeráide agus timpeallachta ag cuid mhór de na páirtithe ar an eite fhíordheis a raibh fás orthu sa toghchán seo.
Níl polasaithe aeráide ná timpeallachta soiléire ag an bpáirtí Eorpach ‘Féiniúlacht agus Daonlathas’, mar shampla, páirtí a mbeidh 58 suíochán acu sa pharlaimint, naonúr sa bhreis ar an líon a bhí acu. Lena chois sin, d’fhéadfadh sé fós go bhfágfadh páirtithe náisiúnta an scáthpháirtí Eorpach lena mbaineann siad agus go rachadh siad isteach i ngrúpa eile, nó go mbunófaí scáthpháirtithe Eorpacha nua.
Aisteach go leor, tá splanc dóchais don timpeallacht ar na bacáin nach mbaineann leis an toghchán Eorpach ach leis an olltoghchán a bhí sa Pholainn i mí Dheireadh Fómhair 2023.
Is é an chaoi gur caitheadh i dtraipisí i mí Mhárta na bliana seo reachtaíocht Eorpach a bhí nach mór aontaithe a chinnteodh go mbeadh an nádúr i réim arís in 20 faoin gcéad d’achar talún agus mhara an Aontais Eorpaigh; baineadh an reachtaíocht sin den chlár plé nuair ba léir nach mbeadh móramh ann di sa Chomhairle Eorpach.
Dealraíonn sé anois go bhfuil athrú intinne maidir leis an reachtaíocht sin sa Pholainn agus go bhfuil an tír sin, ar tháinig comhrialtas de chuid an láir i gcomharbacht ar chomhrialtas de chuid na heite fíordheise inti, go bhfuil an tír sin anois i bhfabhar na reachtaíochta, rud a chiallódh go mbeadh móramh ann di sa Chomhairle Eorpach.
Tá an reachtaíocht curtha ar ais ar chlár plé na Comhairle Eorpaí ag cathaoirleach na Comhairle, an Bheilg, agus beidh vóta fúithi an tseachtain seo chugainn, ar an 17 Meitheamh.
JP
Ós ag caint ar thimpeallacht é tá léirscrios ó bhonn déanta ag Uisce Éireann (arís) ar abhainn eile in Éirinn.
An Abhainn Eala i dtuaisceart Chorcaí an uair seo.
Abhainn álainn íonghlan ghlé …go nuige seo.
Cailleadh na milliúin Euro leis an abhainn seo a athchóiriú agus bhí sí lomlán le gach sórt éisc is beatha.
Is uirthi a bhíodh triall na gcéadta iascairí gach samhradh chomh maith ó chian is ó chóngar.
Cad is féidir a rá nuair is iad feighlí na habhann na coirpigh is mó?
Briseadh croí, uafás…agus conach dearg inniu ar gach duine sa cheantar. ‘Reachtaíocht’, cén mhaith í?
Christina Chen
Ní timpeallacht ach imshaol…
JP
Glanadh ó ghrinneal déanta ar an ndiúilicín péarla fionnuisce san abhainn seo anois.
Spéiceas uathúil atá i nguais chinniúnach ar fud na hÉireann.
Ach an dtabharfar éinne chun cuntais? An dtitfidh an spéir ar an talamh? Agus ní hé a haon ag Uisce Éireann é, tabhair fé ndeara.
‘Abhainn Eala’ í seo i nGaeilge, an ‘Allow’ i mBéarla…sceanairt eile.
Is beag eala a fheicfear uirthi amach anseo:
‘Ag breathnú síos ar an eala aoibhinn,
Ar an gcuan ag snámh.’
(míle buíochas le Christna Chen as an eolas sin a roinnt linn)