Torthaí taighde nua ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge le foilsiú an tseachtain seo romhainn

An comhlacht taighde margaíochta Kantar a rinne an suirbhé do Chonradh na Gaeilge agus foilseofar na príomhthorthaí go heisiach ar Tuairisc.ie ón lá amárach ar aghaidh

Torthaí taighde nua ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge le foilsiú an tseachtain seo romhainn

Tá pobalbhreith nua ar dhearcadh an phobail ar an nGaeilge déanta ag an gcomhlacht aitheanta taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge agus foilseofar na príomhthorthaí go heisiach ar Tuairisc.ie le linn na seachtaine seo romhainn.

Críochnaíodh an taighde don phobalbhreith i mí Aibreán sa dhá dhlínse, thuaidh agus theas.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, tógáil clainne le Gaeilge, coláistí samhraidh, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, tithíocht sa Ghaeltacht, Gaelscoileanna agus cúrsaí teanga ar RTÉ. Scrúdaíodh freisin muinín an phobail maidir lena gcumas teanga agus teagmháil an phobail i gcoitinne leis an nGaeilge.

Roghnaíodh 2,026 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath de na daoine ina gcónaí ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.

Daoine san aoisghrúpa 16-65 bliana d’aois a cuireadh faoi agallamh ó dheas agus daoine a bhí 16 bliana agus os a chionn a bhí i gceist ó thuaidh.

Ar líne a rinneadh an taighde i mbliana de bharr srianta Covid-19 seachas suirbhé ‘duine le duine’ mar a dhéantaí de gnáth. Dá thoradh sin, thug an comhlacht Kantar rabhadh nach bhféadfaí comparáid dhílis a dhéanamh idir torthaí na pobalbhreithe seo agus cinn a bhí déanta acu le roinnt blianta anuas do Chonradh na Gaeilge.

Foilseofar príomhthorthaí phobalbhreith Kantar do Chonradh na Gaeilge mar shraith scéalta go heisiach ar Tuairisc.ie ag tosú maidin amárach.

Fág freagra ar 'Torthaí taighde nua ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge le foilsiú an tseachtain seo romhainn'