Torthaí taighde faoi úsáid na Gaeilge i gcomhlachtaí faighte ag Údarás na Gaeltachta

Thug 58% den bheagnach 800 fostaí a ghlac páirt i suirbhé le fios go bhfuil Gaeilge líofa acu ach ní bhíonn ach 31% de na comhlachtaí ag déanamh cumarsáid le cliaint i nGaeilge den chuid is mó

Torthaí taighde faoi úsáid na Gaeilge i gcomhlachtaí faighte ag Údarás na Gaeltachta

Cainteoirí líofa Gaeilge iad nach mór 60% díobh siúd a bhíonn ag obair ag cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta de réir taighde nua ach is i mBéarla den chuid is mó a bhíonn na comhlachtaí sin ag cumarsáid lena gcustaiméirí.

Cuireadh faoi bhráid bhord an Údaráis le gairid taighde a rinneadh ar chliaint na heagraíochta fiontraíochta maidir lena bpróifíl fostaíochta agus úsáid na Gaeilge sna comhlachtaí.

Thug 58% den bheagnach 800 fostaí a ghlac páirt i suirbhé le fios go bhfuil Gaeilge líofa acu ach tugadh le fios nach mbíonn ach 31% de na comhlachtaí ag déanamh cumarsáid le cliaint i nGaeilge den chuid is mó.

Tá comhlachtaí beaga chomh maith le comhlachtaí idirnáisiúnta ina gcliaint ag Údarás na Gaeltachta agus tá breis agus 50% de na comhlachtaí a ghlac páirt sa suirbhé ag déanamh cumarsáid le custaiméirí i mBéarla den chuid is mó, a dúradh.

Níl líon na gcomhlachtaí ina bhfuil an Ghaeilge ina gnáth-theanga oibre luaite sna torthaí taighde a scaip Údarás na Gaeltachta.

I measc na dtorthaí taighde eile a bhí ann, tugadh le fios go bhfuil 77% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé ag obair agus ina gcónaí sa nGaeltacht ach nach bhfuil ach 33% díobh nach labhraíonn ach Gaeilge sa bhaile nó a labhraíonn Gaeilge go príomha sa bhaile.

Rinneadh an suirbhé ar bheagnach 800 fostaí i gcliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta a bhfuil beirt nó níos mó fostaithe acu.

Deir Údarás na Gaeltachta go mbainfear úsáid as an taighde agus scéim nua tacaíochta á hullmhú do chliaint.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin gur “taighde fíorthábhachtach” don eagraíocht a bhí inti agus go raibh sé tábhachtach go dtuigfeadh an tÚdarás na riachtanais teanga a bhí ag na comhlachtaí chun go mbeidh siad in ann tacú leis an bhforbairt teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt cathaoirleach Údarás na Gaeltachta Mary Uí Chadhain go dtuigeann an bord an tábhacht atá leis na trí ghné d’obair an Údaráis – an fhorbairt ghnó agus fostaíochta; an fhorbairt shóisialta; agus an cothú agus caomhnú teanga – agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh “aird ar leith ar na dúshláin a bhaineann leis an ngné teanga, go háirithe i gcomhthéacs cruthú agus caomhnú fostaíochta sa nGaeltacht.”

Fág freagra ar 'Torthaí taighde faoi úsáid na Gaeilge i gcomhlachtaí faighte ag Údarás na Gaeltachta'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    …”Níl líon na gcomhlachtaí ina bhfuil an Ghaeilge ina ghnáth-theanga oibre luaite sna torthaí taighde…”

    Ní fiú bheith ag caint ar chomhlachtaí ‘Gaeltachta’ ag úsáid na Gaeilge mura bhfuil bainisteoirí chun an Ghaeilg a labhairt leis an bhfoireann oibre agus bearta/polasaí Gaeilge a chuir i bhfeidhm d’achan oibrí agus iad ag obair thar cheann an chomhlachta.

    Má fhostaítear duine gan Gaeilge sa ‘Ghaeltacht’ do bharúil an gcuireann sin brú ar chainteoirí Gaeilge tiompú ar an Bhéarla? An bhfuil dualgas ar an duine gan Ghaeilge an teanga dúchais a fhoghlaim? Caidé mar a dhéantar sin? An dtuigeann na cainteoirí Gaeilge go bhfuil dualgas orthu an Ghaeilg a labhairt lena chéile? Nó nach miste leo tiompú ar an Bhéarla agus duine gan Ghaeilge sa chomhluadar?

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!