Torthaí scrúduithe nua Gaeilge na sraithe sóisearaí faighte ag 57,000 dalta

De réir na bhfigiúirí a foilsíodh ar maidin ní dhearna 15% de dhaltaí aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana

Torthaí scrúduithe nua Gaeilge na sraithe sóisearaí faighte ag 57,000 dalta

Fuair os cionn 67,000 dalta a dtorthaí don tsraith shóisearach inniu, ina measc breis is 2,700 dalta a rinne an cúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa i scoileanna Gaeilge.

2,599 dalta a rinne an scrúdú nua Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 136 dalta a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

54,272 dalta a rinne an scrúdú don chúrsa nua Gaeilge do dhaltaí scoileanna Béarla na tíre, an scrúdú T2.

29,540 dalta a rinne an scrúdú nua Gaeilge T1 ag an ardleibhéal agus 24,732 a rinne ag an ngnáthleibhéal é.

Ag an ardleibhéal is mó daltaí T1 ar éirigh leo na marcanna is airde a fháil. D’éirigh le 3.6 % de dhaltaí ardleibhéil T1 an toradh is airde a fháil, sin idir 90-100. I gcás an scrúduithe T2, 2.6% a bhí i gceist.

Sa scrúdú ardleibhéil T1 fuair 23% an dara grád is airde, idir 75-90, i gcomparáid le 20.6% sa scrúdú T2.

De réir na bhfigiúirí a foilsíodh ar maidin ní dhearna 10,123 dalta aon scrúdú Gaeilge don tSraith Shóisearach i mbliana. B’ionann sin agus 15% de na daltaí a rinne scrúduithe na bliana seo. 881 dalta nach ndearna aon scrúdú Béarla, 1.3% de na daltaí a rinne na scrúduithe.

Tháinig torthaí na scrúduithe sa phost go dtí na scoileanna maidin inniu agus beidh siad ar fáil do dhaltaí chomh maith ar www.examinations.ie i ndiaidh 4 pm tráthnóna.

594,000 grád sa 21 ábhar a scrúdaíodh a chuirfear ar fáil do 67,130 dalta.  Seo an chéad uair ó 2019 go ndearna daltaí scrúdú na Sraithe Sóisearaí a cuireadh ar ceal in 2020 agus in 2021 de dheasca na paindéime. Tá ardú 4.4% ar líon na ndaltaí a rinne na scrúduithe i mbliana i gcomparáid le 2019.

Bhí moill ar bhronnadh na ngrád i mbliana agus bhí ganntanas mór scrúdaitheoirí ann.

Deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit gur ceist mhór phráinneach an ganntanas scrúdaitheoirí ag an dara leibhéal trí chéile.

Is féidir le scoileanna athbhreithniú a lorg ar thorthaí daltaí ach iarratas a dhéanamh roimh 5pm seachtain ón lá inniu, Dé Céadaoin an 30 Samhain. Ní ghlacfar le hiarratais ar athbhreithniú ach amháin sa chás go bhfuil bearna mhór idir an grád a fuair dalta agus an grád a bhíothas ag súil leis.

 

Fág freagra ar 'Torthaí scrúduithe nua Gaeilge na sraithe sóisearaí faighte ag 57,000 dalta'