Torthaí na hArdteiste tagtha – 70% nó os a chionn ag beagnach leath de dhaltaí Gaeilge ardleibhéil

Beidh torthaí na hArdteiste 2018 ar fáil i scoileanna ar fud na tíre maidin inniu agus dea-scéal ó thaobh na Gaeilge a bheidh ag go leor acu

Torthaí na hArdteiste tagtha – 70% nó os a chionn ag beagnach leath de dhaltaí Gaeilge ardleibhéil

D’éirigh le 46.1% den 22,400 duine a rinne scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteiste i mbliana ceann de na trí ghrád is airde a fháil, is é sin marc os cionn 70%.

Fuair 32.7% na trí ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla agus 37.5% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar ab éasca le torthaí maithe a bhaint amach ann.

47.8% ar éirigh leo na trí ghrád is airde a fháil anuraidh.

De réir thorthaí na hArdteiste atá foilsithe inniu ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, 22.9% díobhsan a rinne an scrúdú ardleibhéil a fuair an dá ghrád is airde, nó A1 agus A mar a bhíodh.

Níor theip ach 0.3% de na daltaí ardleibhéil. Fágann sin gur sa Ghaeilge atá an ráta teipe is ísle i scrúduithe na hArdteiste taobh amuigh den cheol, den eacnamaíocht talmhaíochta agus líon beag teangacha amhail an Ghréigis agus an Rúisis gur beag daltaí a thugann fúthu.

46,740 dalta a rinne scrúdú Gaeilge in 2018, ag áireamh ardleibhéal, gnáthleibhéal agus bonnleibhéal. Laghdú é sin ar líon na ndaltaí a thug faoi scrúdú Gaeilge in 2017, mar a ndearna 47,833 duine scrúdú Gaeilge.

Fágann sin go bhfuil difríocht shuntasach arís i mbliana idir líon na ndaoine nár thug faoin scrúdú Gaeilge ach a rinne scrúdú Béarla nó Matamaitice in 2018.

Gaeilge (Ardleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2018 22400 4.8 18.1 23.2 23.6 18.5 9.5 2.1 0.3
2017 22122 5.3 18.5 24.0 23.5 18.2 8.4 1.9 0.3
Gaeilge (Gnáthleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2018 21439 0.3 5.2 19.0 28.1 24.6 14.7 5.6 2.5
2017 22521 0.3 5.8 18.3 26.5 25.5 15.8 5.8 2.1
Gaeilge (Bonnleibhéal)
Bliain Iomlán 1 2 3 4 5 6 7 8
2018 2911 1.3 9.9 19.3 25.2 21.9 12.7 6.4 3.3
2017 3190 1.3 8.7 19.1 24.7 22.5 14.1 6.6 3.1

53,036, a thug faoin mBéarla in 2018. 53,391 a thug faoin Matamaitic.

Tá conspóid mhór le fada faoi líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge don Ardteist. Cé nach gá go raibh díolúine acu ar fad, rinne os cionn 7,000 duine breise an Mhatamaitic agus an Béarla in 2018 ná mar a rinne scrúdú Gaeilge.

57,149 dalta a rinne scrúdú na hArdteiste in 2018, laghdú 2.4% ar líon ndaoine a rinne anuraidh é, agus 54,440 díobhsan a rinne ardteist thraidisiúnta.

Tá córas nua grádanna i bhfeidhm don Ardteist ón mbliain seo caite.

Faoin gcóras nua seo, 8 ngrád a bhíonn i gceist seachas 14 grád mar a bhíodh ann.

Deir an Coimisiún go bhfuil torthaí na bliana seo ag teacht cuid mhór le torthaí 2017.

Bhí ábhar nua amháin á scrúdú in Ardteist na bliana seo, An Pholaitíocht agus an tSochaí. 867 dalta in 41 scoil a thug faoin scrúdú nua sin.

Cuirfear torthaí na hArdteiste 2018 ar fáil i scoileanna ar fud na tíre maidin inniu. Ó mheán lae ar aghaidh beidh teacht ar líne ar a gcuid dtorthaí ag scoláirí nach bhfaighidh ag an scoil iad.

Ó mhaidin inniu cuirfidh Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí líne chabhrach ar fáil do dhaltaí ag 1800 265 165.

Daltaí ar mian leo achomharc a dhéanamh faoi aon toradh a fhaigheann siad, tá go dtí an 3 Meán Fómhair chun sin a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Torthaí na hArdteiste tagtha – 70% nó os a chionn ag beagnach leath de dhaltaí Gaeilge ardleibhéil'

  • murchadh

    Dochreidte maith!?

  • Mánus

    Ní tuar dóchais ar bith iad na torthaí Ardteise seo don Ghaeilge. Tá an siollabas Gaeilge ag an Ardleibhéal Ardteiste dírithe ar scoláirí gur foghlaimeorí iad nach labhrann Gaeilge taobh amuigh den rang Gaeilge ar scoil. Curaclam páistiúil amach is amach is ea é; go háirithe do scoláirí go mbíónn Gaeilge á labhairt acu sa bhaile nó atá ag freastal ar Ghaelcholáiste.
    Tóg mar shampla curaclam Bhéarla an GCSE i Sasana atá dírithe ar aoisghrúpa 13-16. Dráma le Shakespeare, dráma nuaimseartha, úrscéal nó dhó agus go leor filíocht. An Ardteist Gaeilge atá dírithe ar aoisghrúpa 17-19 níl ach 100 leathnach as úrscéil agus beagán filíocht ghearr shimplí! Bhíodh leabhar faoi Stair na Gaeilge, díolaim mhór filíochta, bailúchán gearrscéalta agus dhá úrscéal á léamh ag scoláirí don chúrsa Gaeilge Ardteist sna 1980daí i scoileanna LánBhéarla,
    Ó thús na 1990daí deineadh simpliú agus dúrú leanúnach ar an gcuraclam agus maolú ar an mharcáil go háirithe. Lagaíodh caighdeán na Gaeilge ag gach leibhéal oideachais dá bharr.
    Cén slat tomhais atá ann chun scoláirí a roghnú don chúrsa céime sa bhunmhúinteoireacht? Is cinnte ní leor grád H4, nó 60-70 % sa scrúdú Ghaeilge Ardteiste más múineadh i nGaelscoil a bheidh i gceist.
    Teastaíonn an siollabas nua Ardteiste Gaeilge T1 atá geallta ag an Roinn Oideachas go práinneach agus an siollabas sin a bheidh dírithe go speisialta ar daltaí sna meánscoileanna LánGhaeilge (Gaelcholáistí srl) agus na meánscoileanna Gaeltachta. Rud amháin nach mór a réíteach. Breathnófar ar an churaclam nua Ghaeilge mar phíonós sna meánscoileanna LánGhaeilge agus Gaeltachta mura mbeidh pointí breise CAO dá bharr.