Torthaí na dtoghchán – toghcháin eile gan mhoill

Beidh torthaí na dtoghchán á mbreithniú go cúramach ag Leo Varadkar thar aon cheannaire eile sa tír

Torthaí na dtoghchán – toghcháin eile gan mhoill

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Síleann go leor daoine go mbíonn polaiteoirí, agus ceannairí na bpáirtithe go háirithe, ag smaoineamh i gcónaí ar thoghcháin. Tá ciall lena dtuairim, ar dhóigh amháin. Ní athraíonn na ceisteanna a chuireann síor-imní orthu in aon chor.

Conas ullmhú i gcomhair toghcháin.

Conas toghchán a sheachaint, más féidir.

Conas (i gcás an Taoisigh) dáta oiriúnach d’olltoghchán a roghnú.

Gan dabht is í an tríú ceist an cheist is achrannaí, agus ní féidir le Taoiseach ar bith a bheith cinnte go bhfuil an dáta is oiriúnaí roghnaithe aige – go dtí go mbíonn sé ródhéanach é a athrú. 

Pé scéal é, fillimis ar na toghcháin agus ar an tuairim atá ag mórán go gcuirtear róbhéim orthu, seachas a bheith ag díriú ar ábhair níos tábhachtaí – forbairt leathanbhanda, easpa tithíochta, an ghéarchéim sa tseirbhís sláinte srl.

Tá rialtas mionlaigh in oifig sa tír anois le trí bliana agus gach cosúlacht ar thorthaí na bpobalbhreitheanna gur rialtas mionlaigh eile a bheas i gceannas tar éis an chéad olltoghcháin eile. Ba bhreá le Leo Varadkar agus Micheál Martin araon a bheith sa diallait ar chapall an rialtais tar éis na vótála, ach glacann siad beirt leis go mbeidh said ag brath ar pháirtithe nó ar ghrúpaí eile. 

Shílfeá b’fhéidir mar sin go mbeadh fonn orthu beirt gach dícheall a dhéanamh chun fothoghchán gan chúis a sheachaint idir seo agus an t-olltoghchán a chaithfear a reáchtáil faoi mhí Feabhra na bliana 2021 ar a dhéanaí. Sin a thug ar Mhicheál Martin cur in aghaidh ainmniúchán an Teachta Dála Billy Kelleher mar iarrthóir sa toghchán Eorpach.

Sheas Kelleher an fód in aghaidh a cheannaire agus níl le déanamh aige anois ach an fód a sheasamh arís in aghaidh a chomhiarrthóra Malcolm Byrne. Séanann Byrne, atá 45 bliain d’aois, gur Kelleher, atá 51 bliain d’aois, a bhíonn i gceist aige nuair a deir sé go minic nach áras é Parlaimint na hEorpa do pholaiteoirí atá ag dul ar scor. Gan dabht.

Má éiríonn le Kelleher suíochán a ghnóthú sa toghchán, beidh fothoghchán i ndáilcheantar Chorcaí Láir-Thuaidh. Mar a d’fhéadfadh a bheith i sé dháilcheantar eile má thoghtar na Teachtaí Dála Andrew Doyle (FG), Frances Fitzgerald (FG), Brendan Smith (FF), Anne Rabbitte (FF), Clare Daly (NS) agus Mick Wallace (TD).

Céard atá le tuiscint ó chinneadh na dTeachtaí seo go léir seasamh sa toghchán Eorpach? Ní féidir le ceannaire páirtí an fonn a thagann ar a chomhghleacaithe post eile a lorg a shrianadh.

Bíonn ceannairí ag smaoineamh gan dabht ar an olltoghchán atá rompu, ach bíonn cúrsaí eile – a leas pearsanta go háirithe – á meá i gcónaí ag gach ionadaí tofa eile i dTeach Laighean.

Is amhlaidh an cás ag na seanadóirí, Dominic Hannigan (LO), atá ag seasamh i dtoghcheantar Láir Tíre agus an Iarthuaiscirt, agus Alice Mary Higgins (NS), atá ag seasamh i mBaile Átha Cliath.

Cá bhfios cén toradh a bheadh ar na fothoghcháin a chaithfí a reáchtáil má bhíonn suíocháin ag iarrthóirí na Dála i Strasbourg tar éis na vótála Dé hAoine seo chugainn?

Dúisíonn ceist na dTeachtaí Dála ceist eile.

Má éiríonn le Fine Gael a suíocháin Eorpacha go léir a choimeád nó cur lena líon, agus má bhíonn rath réasúnta ar iarrthóirí an pháirtí sna toghcháin áitiúla, an mbeidh cathú ar an Taoiseach olltoghchán a ghairm i mbliana?

Beidh gan amhras, go háirithe agus moill á cur ar an mBreatimeacht go dtí oíche Shamhna, ar a laghad, agus b’fhéidir go dtí dáta eile ina dhiaidh. Is léir mar sin an deis a d’fhéadfadh a bheith ag Leo Varadkar cur le neart Fhine Gael sa Dáil.

Ní theastaíonn uaidh ach fianaise a fháil i dtoghchán na seachtaine seo chugainn go bhfuil seans ann an páirtí a neartú agus go bhféadfaí rialtas mionlaigh le comhdhéanamh nua a bhunú tar éis olltoghcháin.

Beidh torthaí na dtoghchán á mbreithniú go cúramach ag Leo Varadkar thar aon cheannaire eile sa tír.

Fág freagra ar 'Torthaí na dtoghchán – toghcháin eile gan mhoill'