‘Toradh iontach’ – margadh faoi phrótacal an Tuaiscirt fógartha ag von der Leyen agus Sunak

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, go bhfaigheadh ‘Creat Windsor’ réidh ‘le haon rian d’aon teorainn ar Mhuir Éireann’

‘Toradh iontach’ – margadh faoi phrótacal an Tuaiscirt fógartha ag von der Leyen agus Sunak

Tá ‘Creat Windsor’, an margadh nua faoi phrótacal an Tuaiscirt, fógartha ag Rishi Sunak, Príomh-Aire na Breataine agus Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Dúirt Sunak agus von der Leyen gur “tús le caibidil nua” é Creat Windsor sa chaidreamh idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach agus don Tuaisceart. Dúirt sí gur toradh “iontach” a bhí ar na cainteanna.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak, go bhfaigheadh an comhaontú réidh “le haon rian d’aon teorainn ar Mhuir Éireann”.
“Beifear in ann trádáil a dhéanamh go breá réidh sa Ríocht Aontaithe de thoradh chomhaontú an lae inniu, tabharfaidh sé cosaint d’áit Thuaisceart Éireann inár n-aontas agus do fhlaitheas mhuintir Thuaisceart Éireann,” a dúirt Príomh-Aire na Breataine.

Dúirt Sunak go dtabharfadh an comhaontú an chumhacht d’fheidhmeannas Stormont stop a chur le rialacha nua de chuid mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh. Dhéanfaí seo le ‘srian Stormont’.

D’fhéadfaí leas a bhaint as ‘srian Stormont’ i gcás éigeandála agus ansin d’fhéadfadh Rialtas na Ríochta Aontaithe veto a chur i bhfeidhm, a dúirt sé.

Deir sé chomh maith go gcinnteoidh an comhaontú go mbeifear ábalta athruithe cánach sa Ríocht Aontaithe a thabhairt isteach go héasca sa Tuaisceart.

Beidh sé an-éasca chomh maith, a dúirt Sunak, peataí, bia agus cógais leighis a thabhairt isteach go dtí an Tuaisceart. Aon bhia nó earraí leighis atá ar fáil i siopaí na Ríochta Aontaithe beidh siad ar fáil chomh maith i siopaí an Tuaiscirt, ar sé.

Ní bheidh ar chustaiméirí sa Tuaisceart síniú a chur le dearbhú custaim nuair a cheannaíonn siad earraí ar líne ó shuíomhanna sa Ríocht Aontaithe.

Déanfaidh an comhaontú idirdhealú idir earraí as an mBreatain atá ag teacht anall go Tuaisceart Éireann don mhargadh sin agus earraí atá le seoladh ó dheas thar an teorainn gan aon seiceáil agus isteach sa mhargadh aonair sa tír seo.

Cruthófar lána glas agus lána dearg d’earraí a thiocfaidh as an Ríocht Aontaithe. Sa lána glas a rachaidh earraí do mhargadh na sé chontae agus ní bheidh a leath oiread maorlathais ná riaracháin de dhíth.

Beidh ar na hearraí a mbeidh a n-aghaidh ar dhlínse an Aontais Eorpaigh ó dheas den teorainn cloí leis an lána dearg le rialacháin is seiceálacha uile an Phrótacail.

Beidh deis ag feisirí parlaiminte Westminster vótáil faoin gcomhaontú.

Casta agus deilgneach go maith a bhí na cainteanna faoin bprótacal ar cuireadh clabhsúr inniu orthu.

Agus margadh déanta is é an chéad dúshlán eile roimh Rishi Sunak ná an DUP agus Eoraisceiptigh ina pháirtí féin, na Tóraithe, a mhealladh chun tacú leis an margadh.

Bhain an DUP leas as a veto chun Stormont a threascairt mar agóid in aghaidh an phrótacail, socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Dris chosáin amháin a d’fhéadfadh an réiteach a bhascadh fós is ea maoirseacht na Cúirte Breithiúnais Eorpaí (ECJ) ar na socruithe trádála.

Cé go bhfuil bac trádála cruthaithe ag an bprótacal idir an Ríocht Aontaithe agus Tuaisceart Éireann, tugann sé an deis do lucht gnó an Tuaiscirt trádáil ar mhargadh intíre na Breataine chomh maith le margadh aonair an Aontais Eorpaigh.

Na dreamanna atá ar son an phrótacail éilíonn siad go gcaithfear an buntáiste trádála sin a choinneáil pé margadh a dhéanfar an iarraidh seo.

Tá an rochtain sin ag lucht gnó an Tuaiscirt ar an margadh aonair, mar faoin bprótacal tá Tuaisceart Éireann go praiticiúil ina chuid den mhargadh sin ó thaobh a chuid earraí. Fágann sin gur ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach atá an focal deiridh ar dhlí an Aontais Eorpaigh sa réigiún.

Ar ndóigh is cúrsaí flaithis seachas cúrsaí trádála is mó is bonn leis an aighneas seo.

Tá lucht an DUP agus cúlbhinseoirí sa bPáirtí Caomhach a bhaineann leis an nGrúpa Taighde Eorpach (ERG), dream atá san amhras faoin Aontas Eorpach, go mór in aghaidh aon bhlas de dhlí an AE a bheith i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann, go háirithe ó tharla nach bhfuil aon cheart ag Comhaltaí den Tionól Reachtach (MLA) na dlíthe sin a cheapadh ná a leasú.

Comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach is ea an prótacal a dréachtaíodh le déileáil leis an gconstaic is mó a bhí ag seasamh roimh chainteanna an Bhreatimeachta – is é sin an teorainn ar thalamh na hÉireann.

Leis an teorainn a choinneáil oscailte, is amhlaidh a socraíodh gur i Muir Éireann a dhéanfaí na seiceálacha custaim agus rialacháin a bhí riachtanach de thoradh an Bhreatain a bheith ag imeacht as an Aontas Eorpach.

Ar ndóigh chuir cinneadh sin an Bhreatimeachta leis an maorlathas a bhain leis an trádáil idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann, crá croí breise dá lán gnóthaí agus údar cantail d’aontachtaithe a mhaíonn go mbaineann an prótacal trádála sin an bonn de stádas Thuaisceart Éireann sa Ríocht Aontaithe. Mhaígh an Príomh-Aire inniu go mbeadh faoiseamh ag lucht gnó agus ag an bpobal ón maorlathas sin faoi shocrú an lae inniu.

Fág freagra ar '‘Toradh iontach’ – margadh faoi phrótacal an Tuaiscirt fógartha ag von der Leyen agus Sunak'