Toradh dearfach do Covid-19 ar níos lú ná beirt as gach 100 a ndéantar tástáil orthu

2,184 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,658 duine ó dheas den teorainn agus 526 ó thuaidh di

Toradh dearfach do Covid-19 ar níos lú ná beirt as gach 100 a ndéantar tástáil orthu

Bíonn toradh dearfach ar thástáil do Covid-19 ar níos lú ná beirt as gach 100 duine a ndéantar tástáil orthu, de réir na bhfigiúirí is déanaí. 

Faoi mheán oíche Dé Luain, 348,416 tástáil don ghalar a bhí déanta ó dheas.

Rinneadh 22,621 tástáil le seachtain anuas agus fuarthas go raibh an galar ar 389 duine, nó 1.7% de na daoine a tástáladh, i gcomparáid le 2.1% an tseachtain seo caite. 

Tá an laghdú ar líon na dtorthaí dearfacha agus líon na n-éileamh ar thástálacha tite chomh mór sin go bhfuil an Roinn Sláinte anois ag impí ar dhaoine tástáil a fháil.

Tá imní chomh maith ar na húdaráis sláinte go bhfuil daoine a bhfuil siomptóim an ghalair orthu á fhágáil rófhada sula lorgaíonn siad tástáil a luaithe is a airíonn siad aon cheann de na comharthaí.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte:

“I gcás 47% de na daoine, tógann sé breis is ceithre lá iad a thástáil ó thagann comharthaí an ghalair orthu i dtosach. Táimid ag moladh go láidir don phobal ar fad a bheith ar an eolas faoi chomharthaí sóirt an Covid-19 agus comhairle leighis a lorg an dá luath a airíonn siad aon cheann de na comharthaí sin.”

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte gur thart ar 25% den thart ar 500 cás is déanaí den choróinvíreas a bhain leis an scaipeadh sa phobal. Is é sin le rá gur bhain 75% de na cásanna is déanaí sin le braisle cásanna in áiteanna amhail ionaid dianchúraim agus monarchana feola.

“Cuireadh thart ar 500 cás nua den Covid-19 in iúl dúinn le seachtain, bhí 54% de na daoine sin idir 24-55 bliain d’aois agus bhí na cásanna sin scaipthe ar fud 21 contae in Éirinn. Cé go bhfuil ag éirí go maith linn, tá an baol ann i gcónaí go bhféadfadh an galar scaipeadh i ngach réigiún sa tír,” arsa an Dr Tony Holohan.

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné go raibh ochtar eile a raibh Covid-19 orthu básaithe agus go raibh 10 gcás nua den ghalar deimhnithe.

2,184 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,658 duine ó dheas den teorainn agus 526 ó thuaidh di.

B’ionann an 10 gcás is déanaí a fógraíodh agus an líon is lú cásanna a fógraíodh aon lá ón 11 Márta.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh beirt eile a bhí buailte ag an ngalar básaithe agus go rabhthas tagtha ar cheithre chás nua.

29,798 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,066 cás ó dheas den teorainn agus 4,732 cás ó thuaidh di.

D’fhógair an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) go raibh baint le hionad cúraim ag 1,049 den 1,658 duine a bhásaigh de bharr an ghalair go n-uige seo ó dheas, nó 63.3%. Bhain 917 de na cásanna sin, nó 55.3% acu, le tithe altranais.

Fágann sin gur bhain beirt as gach triúr a bhásaigh ó thús na ráige le teach altranais nó le hionad cúraim eile. 

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte, a bhain leis an 25,056 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Domhnaigh, an 31 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 43% de na cásanna agus mná iad 57%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 3,286 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 408 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 7,986 cás
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 12,090 cás, nó 48%, bhí Corcaigh sa dara háit, le 1,517 cás, nó 6%, agus Cill Dara a bhí sa tríú háit le 1,419 cás, nó 6%
  • 482 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.9%), 308 a bhí i gcontae Chiarraí (1.2%), 477 cás bhí i nDún na nGall (1.9%), 153 cás a bhí i bPort Láirge (0.6%), 800 cás a bhí i gcontae na Mí (3.2%) agus 570 cás (2.3%) a bhí deimhnithe i Maigh Eo
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 39% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 58% agus taisteal thar lear ba chúis le 2%

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, nach raibh aon fhianaise feicthe go fóill a thabharfadh le fios nach bhféadfaí tús a chur leis an dara céim de scaoileadh na srianta dianghlasála an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Toradh dearfach do Covid-19 ar níos lú ná beirt as gach 100 a ndéantar tástáil orthu'