Tony Coote – tá a mhisneach agus a mhuinín as an dóchas le moladh

Craolfar ar RTÉ anocht ‘Walking the Walk’ clár faisnéise faoin Athair Tony Coote, a bhfuil MND air. Tá an dóchas agus an misneach ina gcuid lárnach dá scéal…

Tony Coote – tá a mhisneach agus a mhuinín as an dóchas le moladh

Ainneoin gur le Paróiste na Croise Naofa, Dún Droma, a bhaineann muintir Bhaile na nGabhar, is ar shéipéilín UCD a thugaimisne ár n-aghaidh maidin lae Nollag. Cé is moite den chór iontach neach léinn a bhíodh ann, ba é an tAthair Tony Coote a bhíodh ag léamh an Aifrinn ann, sular aistríodh go Cnoc Mhuirfean é.

Is é a bhíodh do mo tharraingtse i dtreo UCD.

Fear umhal, cneasta, meabhrach, deisbhéalach é, agus fear mór léaspairtí, cé go mbíodh sé an-sollúnta freisin. B’fhiú éisteacht leis.

Níor leasc leis spléachadh a thabhairt dúinn ar a chuid laigeachtaí daonna ó am go ham, gan dul thar fóir leis. ‘Agus sin a bhfuil de pheacaí atá mé sásta a roinnt libhse; ní bhaineann an chuid eile acu libh,’ ar seisean linn lá, le seanghreann dóite Bhaile Átha Cliath. Seo leis an bpobal ag sciotaíl gháire.

An té a théann go wwyc.ie, feicfidh sé balún buí ar foluain ann agus an focal ‘dóchas’ scríofa air. Bhí agus tá an dóchas ar cheann de bhunchlocha an chreidimh, agus is feiliúnach an focal é do shagart atá buailte ag an ngalar néarón luadrach (MND) ó aimsir an tsneachta i mbliana.

Ar ámharaí an tsaoil, is le gairid a rinne Melvyn Bragg plé ar BBC 4 ar shuáilce an dóchais. I bhfad sularbh ann don Chríostaíocht, ba é an dóchas an t-aon rud a bhí fágtha i gcrúiscín Pandora (‘bosca Pandora’ na linne seo). Dhiúltaigh Pandora an dóchas a scaoileadh amach as a crúiscín agus tá fealsaimh is filí idir dhá chomhairle ó shin cé acu an leis an olc nó leis an maitheas a bhaineann an dóchas.

I dtraidisiún na Gaeilge, ba dheacair an focal ‘dóchas’ a scaradh ón misneach, idir bhrí agus choincheap, rud a thuig Máirtín Ó Cadhain. I dteannta a chéile, ba iad ‘géaga giniúna an ghnímh’  is an athraithe chun feabhais iad, agus is iad na géaga céanna atá ag tiomáint Tony Coote.

Ag labhairt di san Irish Times, dúirt Orla Hardiman, dochtúir cúraim Tony, nach gcreideann sí nach bhfuil leigheas ar MND, ach nach bhfuil dóthain airgid curtha ar fáil chun tuilleadh taighde a dhéanamh ar an donacht. Is chuige sin a bunaíodh wwyc.ie.

Ag caint dó ar an Late Late Show le gairid, dúirt Tony Coote nach bhfuil aon fhaitíos air roimh an mbás. É a dhul in olcas agus an fhulaingt a bhaineann leis sin is mó a chuireann imní air: ‘Creidimse i ndia grámhar; ní chreidim i ndia a d’fhéachfadh le díoltas a bhaint amach orm’, a dúirt sé an t-am sin.

An t-aifreann deireanach a léigh sé a raibh mise aige in UCD, is ag caint ar an mBóthar go hEamáus a bhí sé. Thug sé an-suntas don bheirt nár aithin Críost nó gur bhain siad a dteach amach. D’eascair an-phlé as an méid sin. B’fhéidir go bhfeicfimis ár ngaolta sa chéad saol eile ach nach n-aithneoimis ar dtús iad. B’fhéidir, leis, nach mairfeadh an teacht le chéile ach achar gearr a thúisce a d’aithneoimis a chéile, ach go mba leor é lenár gcumha sa saol seo a bhaint dínn agus a chur de dhroim seoil.

Bunéirim na cainte ag Tony an lá céanna nach mbíonn in aon rud ach seal, an fhulaingt san áireamh. Tá súil le Dia agam gur mar sin a bheidh an scéal aige féin sa deireadh thiar. Tá a mhisneach agus a mhuinín as an dóchas le moladh.

Beidh Walking the Way faoi fheachtas Tony Coote ar RTÉ 1 anocht ag 10.15pm

Fág freagra ar 'Tony Coote – tá a mhisneach agus a mhuinín as an dóchas le moladh'